‘Ná déan dearmad orainne’, a deir lucht na gruaige rua le Apple

Tá sé i gceist ag Apple cur le líon na straoiseog ar a gcóras nua oibreacháin, ach tá lucht na gruaige rua ag éileamh ar an gcomhlacht gan dearmad a dhéanamh orthusan

 

0jVpJdL1
Banríon na nDaoine Rua, Laura May Keohane

 

Tá lán a dtacaíochta tugtha ag Comhdháil Daoine Rua na hÉireann agus Banríon na nDaoine Rua, Laura May Keohane, d’fheachtas a chuir an eagraíocht Ginger Parrot ar bun le deireanas. Táthar ag éileamh ar an gcomhlacht Apple straoiseoga rua a chur le liosta na straoiseog ar chórais oibreacháin an chomhlachta.

Tháinig sé chun solais an tseachtain seo caite go raibh sé i gceist ag Apple cur le líon na straoiseog ar an gcóras OS X 10.10.3 agus an córas iOS 8.3. I measc na n-athruithe atá beartaithe, beidh carachtair nua, bratacha nua – trídhath na hÉireann ina measc, agus straoiseoga ilchiniúla.

imgres

Tá díomá ar Ginger Parrot, agus ar eagraíochtaí eile a cheiliúrann gruaig rua, toisc nach bhfuil oiread is ‘duine’ rua amháin i measc na 300 chéad straoiseog nua.

Tá achainí ar an suíomh Change.org ar a bhfuil os cionn 2,250 ainm léi a impíonn ar Apple aitheantas a thabhairt don 2% de dhaonra an domhain a bhfuil gruaig rua orthu.

“Tá gach céim ghealaí agus dhá chaorach ar fáil ach níl oiread is duine rua amháin ann,” a scríobhadh ar shuíomh na heagraíochta, GingerParrot.co.uk.

Thug Comhdháil Daoine Rua na hÉireann le fios do Tuairisc.ie go bhfuil lán a dtacaíochta tugtha acu don fheachtas agus raibh eagraí na Comdhála Joleen Cronin i dteagmháil le Apple i gCorcaigh faoin gceist.

Dúirt Banríon na nDaoine Rua Laura-may Keohane go mbeidh foireann Ginger Parrot ag freastail ar Mhórshiúl Pádraig i gCorcaigh an mhí seo agus go mbeidh tuilleadh cainte ar an ábhar ansin.

“Ba bhreá liom dá dtabharfadh Apple straoiseog rua isteach. Tá iontas orm go ndearnadh neamhaird ar an tréith fhisiciúil seo ó thosach.

Toisc nach cine, cineál ná creideamh iad na daoine rua, ní shamhlaítear an leathcheal leo. Is ionann sinn agus 2% de dhaonra an domhain agus tá aitheantas tuillte againn!” a dúirt an Banríon.

Cé gur le teann grinn a bhí Keohane ag caint agus gur achainí sách éadrom í achainí Ginger Parrot le hais rudaí eile a bhíonn ar Change.org, dúirt sí gur ceart aird a tharraingt ar an gceist ar aon chaoi.