Zidane ag dul i dtaithí ar ról an bhainisteora de réir a chéile

Agus ‘El Clasíco’ eile idir Real Madrid agus Barcelona á imirt tráthnóna, tá cumas bainistíochta an Fhrancaigh ag dul i bhfeidhm ar dhaoine agus Madrid ar bharr na sraithe

Zidane ag dul i dtaithí ar ról an bhainisteora de réir a chéile

Tá beagnach bliain ann ó ceapadh Zinedine Zidane ina bhainisteoir ar Real Madrid ach níor thosaigh sé ag dul i gcion ar dhaoine go dtí le cúpla seachtain anuas.

Ó tharla nach raibh aon taithí mhór aige, bhí amhras ar dhaoine faoi chumas bainistíochta Zidane agus cé gur éirigh leis an bhFrancach Sraith na gCuradh a bhuachan ina chéad bhliain le Madrid, níor raibh aon údar iontais ann le linn an fheachtais a d’athródh intinn daoine. Níorbh iad mórfhoirne na hEorpa a bhí le sárú aige sa tsraith sin ach leithéidí Wolfsburg, Roma agus Manchester City.

I La Liga, ba iad Barcelona a thug leo an tsraith ag deireadh an tséasúir ach mar sin féin, ba léir go raibh Zidane ag dul i dtaithí ar a phost.

Cé nár chaill siad aon chluiche sa tsraith ó mhí Feabhra is ó thús an tséasúir seo a thosaigh daoine ag tabhairt aird ar ghaiscí Zidane.

Tá Madrid anois sé phointe chun cinn ar Barcelona sa tsraith agus má bhuann siad an ‘El Clasíco’ tráthnóna chun bearna naoi bpointe a chur idir iad féin agus na Catalónaigh, beidh sé deacair foireann Zidane a stopadh, agus gan sinn ach i mí na Nollag go fóill.

Tá 33 cluiche sraithe imeartha anois ag Madrid faoi cheannas Zidane agus tá níos mó pointí buaite acu ag an tráth seo ná mar a d’éirigh le Pep Guardiola nó Luis Enrique a ghnóthú san achar céanna, agus sin beirt a bhuaigh an ‘treble’ ina gcéad séasúr i gceannas.

Cé go bhfuil scoth na n-imreoirí ar fáil do Zidane, nuair is gá athrú a dhéanamh, déanann sé an cinneadh ceart níos minice ná a mhalairt.

Is iad an BBC – Bale, Benzema agus Cristiano [Ronaldo], a bhíonn ag imirt chun tosaigh de ghnáth ag Real Madrid ach níor imir Benzema i gcluiche tábhachtach i gcoinne Atlético coicís ó shin agus d’athraigh Zidane cruth na foirne go hiomlán.

Tháinig Isco isteach, agus in áit é a chur amach ar an gcliathán, mar a rinneadh go minic leis roimhe, thug Zidane ról lárnach don Spáinneach taobh thiar de Ronaldo. Bua 3-0 a bhí mar thoradh ar an athrú, Ronaldo ag aimsiú na gcúl ach Isco ag stiúradh na himeartha.

Le hais Madrid, tá an saol ag dul in aghaidh Barcelona. An deireadh seachtaine seo caite, níor éirigh leo ach comhscór a fháil as baile in aghaidh Real Sociedad, foireann nár chloígh siad ó 2007. Ba é an scéal céanna é an tseachtain roimhe sin nuair nach bhfuair siad an scór amháin féin sa Nou Camp i gcoinne Malaga.

Tá teipthe ar Messi, Neymar agus Suarez dul i bhfeidhm ar an imirt le cúpla seachtain anuas. Cuid den fhadhb ná go bhfuil Andres Iniesta gortaithe ó mhí Dheireadh Fómhair ach meastar go mbeidh seisean ar ais do chluiche an lae inniu agus beidh Luis Enrique ag súil go mbeidh Barcelona in ann an taoide a chasadh.

Tá sé ró-luath a mhaíomh go bhfuil deis na gCatalónach sa tsraith ligthe le sruth acu ach má éiríonn le Zidane plean maith eile a cheapadh chun an ceann is fearr a fháil orthu, ní bheidh sé éasca fir barrthuisle a bhaint as Madrid.

Fág freagra ar 'Zidane ag dul i dtaithí ar ról an bhainisteora de réir a chéile'