Yma O Hyd – ‘Is ann dúinn fós’ a deir muintir na Breatnaise

D’éirigh le S4C an Bhreatnais a chur i gcroílár imeacht mór poiblí le gairid le mórsmaoineamh nach bhfacthas riamh a leithéid anseo

Tá sé mar aidhm ag Rialtas agus lucht labhartha na Breatnaise sa mBreatain Bheag líon na gcainteoirí Breatnaise a mhéadú go milliún duine faoin mbliain 2050. De réir suirbhé amháin tá os cionn 800,000 acu ann faoi láthair.

Is minic a chuala muid caint sa tír seo ar phleananna móra maidir le méadú ar líon na gcainteoirí – nach raibh Straitéis 20 Bliain ann uair amháin? Ach ní cuimhin liom aon mhórsmaoineamh amháin cosúil leis an gceann ar labhair Príomhfheidhmeannach S4C air, an lá cheana ag Féile na Meán Ceilteach.

Tá an craoltóir S4C 40 bliain ar an bhfód i mbliana – gura fada buan iad. I dtús na bliana seo a ceapadh an Príomhfheidhmeannach nua, Siân Doyle. Roimhe sin bhí sí ina ceannasaí ar an gcomhlacht Talk Talk agus roimhe sin d’oibrigh sí i gcomhlachtaí éagsúla teileachumarsáide sa mBreatain, sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada.

Nuair a chuir Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 agus Cathaoireach na Féile in aithne í don slua, dúirt sé rud spéisiúil faoi S4C. Dúirt sé gur éirigh leo an Bhreatnais a chur i gcroílár imeacht mór poiblí le gairid. Agus mhaígh sé nár éirigh le haon cheann de na náisiúin Cheilteacha eile a leithéid a dhéanamh go dtí seo. Agus rinneadar é le hamhrán Breatnaise atá á chasadh ó na hochtóidí anonn, aon uair a gcruinníonn cainteoirí dúchasacha le chéile.

Bhí buaicphointe na straitéise le cloisteáil agus le feiceáil le gairid nuair a casadh an t-amhrán cáiliúil agóide ‘Yma O Hyd’ ag an gcluiche cáilithe mór peile don Chorn Domhanda idir an Úcráin agus an Bhreatain Bheag. Bhí na cearta craoltóireachta ag S4C, rud atá acu anois ar chluichí fhoireann náisiúnta na bhfear sa Bhreatain Bheag, go dtí 2024.

Thógfadh sé do chroí Dafydd Iwan, a chum an t-amhrán i bhfad siar nuair a bhí muintir na Breataine Bige ag agóidíocht ar son na teanga agus ar son neamhspleáchais, a fheiceáil agus é á chasadh os comhair slua mór millteach.

Agus ní hé sin amháin ach bhí peileadóirí mór le rá, a bhfuil cáil dhomhanda orthu ar nós Gareth Bale agus Aaron Ramsey, ag casadh an amhráin chomh maith le haon duine eile.

Ar feadh i bhfad ba iad lucht labhartha na teanga an t-aon dream a chasadh an t-amhrán seo. Ciallaíonn an teideal Táimid fós ann’. Chum Dafydd an t-amhrán nuair a bhí lucht labhartha na teanga in ísle brí. Déanann sé ceiliúradh ar an teanga féin, ar a stair ársa, agus meabhraíonn sé do dhaoine, tar éis gach ar tharla dóibh thar na mílte bliain, gurb ann fós dóibh i gcónaí.

Deirtear faoi gur ardaigh sé meanma an phobail le linn na n-ochtóidí gruama agus gurb é a mhúscail suim an phobail arís san oideachas trí Bhreatnais, sa teanga féin agus sa bhféinriail. Tháinig trí cinn d’achtanna parlaiminte i bhfeidhm de bharr an fheachtais sin agus an t-amhrán ag cur dlús leis. Ceann acu sin a thug an Comhthionól Náisiúnta le chéile den chéad uair sa mbliain 1999.

An nósmhaireacht a bhain leis ná go gcastaí an t-amhrán ag deireadh na hoíche ag cóisir nó ag ócáid phoiblí, díreach roimh an amhrán náisiúnta. Agus bhí sé sin féin teoranta do na ceantair ina labhraítear an Bhreatnais mar theanga laethúil.

Ach an rud atá déanta anois, de bharr an ceangal láidir atá fáiscthe idir S4C agus Cumann Peile na Breataine Bige (an FAW), go bhfuil an t-amhrán Breatnaise seo ar bharr a ngob ag chuile dhuine ar spéis leo imeachtaí na foirne peile.

Tarlaíonn sé go bhfuil an dream atá i gceannas ar an FAW go láidir ar son na teanga iad féin. Má bhreathnaíonn tú ar an suíomh idirlín atá acu, úsáideann siad riar maith Breatnaise ann. Agus dúradh liom freisin, go mbaineann siad an-úsáid as an teanga ar a gcuid ardán meán sóisialta.

Mar a dúirt Siân Doyle agus í ag caint faoin méid atá bainte amach ag S4C in imeacht na mblianta, tá ‘páirtnéireachtaí’ thar a bheith tábhachtach dóibh agus is rud mór é go bhfuil ‘comh-aidhm’ acu féin agus an FAW nuair a thagann sé go dtí ceist na teanga.

I gceann amháin de na míreanna físe atá le feiceáil ar na meáin shóisialta ag an FAW, tá Dafydd amuigh ar an bpáirc, an micreafón ina ghlac aige, agus foireann sacair na Breataine Bige uilig ag casadh an amhráin taobh thiar de.

 

Is léir go bhfuil na focail ar fad ar eolas acu agus go mothaíonn gach duine atá ag glacadh páirte, mórtas as a dteanga agus as a gcultúr. Gach uair a mbíonn an ceamara ar Gareth Bales, tá sé ag casadh an amhráin chomh tréan le haon duine eile ar an bpáirc.

Bhí sé spéisiúil a fheiceáil sna tagairtí ar fad ar Twitter, nár thaitin sé leis na ‘fans’ nuair a d’imigh Sky Sports ón amhrán le clúdach a dhéanamh ar chaint an phainéil nó rud éigin eile. Rud a chuir muintir na Breataine Bige le báiní amach is amach.

Rinne S4C físeán den amhrán agus chuir siad fotheidil i mBéarla leis. Is féidir an físeán a fheiceáil anseo:

Téann an pháirtnéireacht leis an FAW chomh fada siar le Comórtas Peile na Euros in 2016. ‘Cuir Dath Dearg ar S4C don chluiche’ an mana a bhí ag an stáisiún don chluiche mór le gairid. Rinneadar é sin le cleasanna éagsúla. Ceann suntasach ab ea na léaráidí – ar stíl Banksy – a choimisiúnaigh siad de na peileadóirí cáiliúla, agus a péinteáladh ar na cosáin taobh amuigh dá seanscoileanna. Moltar do dhaoine a gcuid pictiúr a ghlacadh taobh leis na portráidí agus a chur ar na meáin shóisialta faoin teideal #YLlawrCoch.

Ach is é an seanamhrán ‘Yma O Hyd’ an ceann is fearr ar éirigh leis. An tseachtain seo bhain sé Uimh 1 sna cairteacha iTunes sa mBreatain amach agus neart an chumainn sacair náisiúnta sa mBreatain Bheag, taobh thiar de.

Beimid go léir ag faire ar an gcéad chluiche eile – agus tá na liricí ar fáil ar an idirlíon más mian libh cur leis an amhránaíocht.

Fág freagra ar 'Yma O Hyd – ‘Is ann dúinn fós’ a deir muintir na Breatnaise'