‘Y Cymro’ – deireadh inniu le páipéar náisiúnta na Breatnaise

Is i 1932 a bunaíodh an leagan den pháipéar atá ann ó shin, ach is in 1845 a foilsíodh an chéad pháipéar faoin teideal Y Cymro

Maidin inniu atá an t-eagrán deiridh den pháipéar Breatnaise Y Cymro (An Breatnach) ar díol sna siopaí. Is i 1932 a bunaíodh an leagan den pháipéar atá ann ó shin, ach is in 1845 a foilsíodh an chéad pháipéar faoin teideal Y Cymro. Is dlúthchuid de scéal na Breatnaise atá in Y Cymro le cuimhne seacht nglúin mar sin.

Is leis an tréimhse a chaith John Roberts Williams (1914-2004) ina eagarthóir ar an bpáipéar (1945-1962) a luaitear an chéad bhláth a tháinig air sa bhfichiú haois. Le linn am John Roberts Williams, bhí grianghrafadóir cumasach darbh ainm Geoff Charles fostaithe ag an bpáipéar, agus idir an faobhar pinn a bhí ag roinnt leis an bpáipéar ag an am, agus feabhas na bpictiúr, is páipéar bríomhar, téagartha a bhí in Y Cymro a raibh sainiúlacht mhór agus neamhspleáchas ag roinnt leis. An uair is mó a bhí díol air, bhíodh 40,000 cóip á gcur i gcló.

Má tháinig deireadh leis an ré órga tar éis John Roberts Williams, is páipéar caighdeánach, údarásach a bhí ann go ceann i bhfad eile, agus cé go bhfuil líon na gcóipeanna faoi bhun an 10,000 ó 1970 nó mar sin, bhí éileamh leanúnach ar an bpáipéar go dtí ré nua na ríomhairí. Le blianta beaga anuas áfach, bhí an páipéar taobh le foireann bheag agus é ar bheagán acmhainní, ach rinneadh sárobair ainneoin na gcúinsí sin, agus i measc na n-iriseoirí is bisiúla i saol na Breatnaise faoi láthair, tá Karen Owen, duine d’fhoireann Y Cymro.

Is le comhlacht Tindle Newspapers Y Cymro, agus is faoi Mhárta seo caite a d’fhógair siad go raibh an páipéar le díol, agus go mbeidís féin ag éirí as foilsiú an pháipéir i ndeireadh an Mheithimh. Níor chuir ceannaitheoir ar bith suim sa bpáipéar go fóill, agus dá réir sin, beidh an páipéar gan úinéir ó Dé Luain seo chugainn.

Bíodh sin mar atá, bunaíodh cumann darb ainm Cyfeillion Y Cymro (Cairde Y Cymro). Tionólfaidh Cyfeillion Y Cymro cruinniú poiblí i nDolgellau anocht leis an gceist a phlé. Idir an dá linn, tá ráiteas foilsithe ag Cymdeithas yr Iaith Gymraeg (Cumann na Breatnaise) ag iarraidh ar an rialtas cur leis an deontas foilsitheoireachta atá á thabhairt don pháipéar faoi láthair. 

Ag labhairt dó ar Radio Cymru tráthnóna inné, dúirt Lyn Ebenezer, iriseoir le Y Cymro sna seachtóidí, gur mhór an t-iontas tost agus neamhaird aos na polaitíochta sa gcás seo. Is í fírinne an scéil áfach, gur páipéar Y Cymro atá ag dul i léig le fada, agus ní dóigh le formhór na ndaoine go bhfuil biseach i ndán dó arís.

Fágann seo gurb í an iris sheachtainiúil Golwg an foilseachán nuachta is tábhachtaí sa mBreatnais feasta. Is sna 1980í a bunaíodh Golwg, agus tá cuid mhór dá shaol caite ag Dylan Iorwerth ag obair don iris. Ag labhairt dó ar Radio Cymru inné, dúirt an tUasal Iorwerth nach mbeadh Golwg slán murach réimse foilseachán a bheith acu. Ina measc sin, tá Golwg360 ar an idirlíon, agus iris na bpáistí.

De réir na staitisicí atá ann, léann suas le 40,000 iris idirlín Bhreatnaise an BBC go rialta i láthair na huaire. Cymru a’r Byd is ainm don iris sin. Is mithid a rá áfach gur leagan Breatnaise d’ábhar a bhíonn in áiteacha eile go leor dá mbíonn le léamh ar Cymru’r Byd.

Níl Y Cymro gan cheangal le gluaiseacht na Gaeilge. Seo é an mana atá ag an bpáipéar: Gwlad heb iaith, gwlad heb galon. Sin aistriúchán ar ‘Tir gan teanga, tír gan anam’. Tír gan pháipéar, tír gan anam is baolach anois.

Fág freagra ar '‘Y Cymro’ – deireadh inniu le páipéar náisiúnta na Breatnaise'