‘Would you live here in winter?’ Bhí m’athair tuirsithe amach. Chuile sheans gur chuir an Sasanach cantal air. Lá breá a bhí ann. Chomh fada le mo chuimhne déarfainn go raibh sé chomh meirbh céanna leis na laethanta atá feicthe againn le seachtain. An tráth seo bliana freisin.
Turasóirí a bhí iontu – an Sasanach agus a bhean. Shiúladar anall le taobh abhainn Ghabhla Beag sa mbaile fearainn dúchais sin againne i gConamara Láir. Taobh istigh a bhí muide, gasúir ag rith i ndiaidh froganna agus féileacáin sa domhan sin againn féin. Ach bhí dhá dhomhan sa gcomhrá, ceann taobh amuigh den abhainn agus ceann taobh istigh.
‘It’s a lovely place you live in here,’ a deir an Sasanach le m’athair ón taobh eile den abhainn. Chuir m’athair cos na speile i dtalamh le teannadh. Chuimil braonacha searbha allais dá bhaithis agus bhreathnaigh amach i dtreo an tSasanaigh. ‘Bhuel,’ a deir sé ‘would you live here in winter?’
Níl aon chuimhne agam ar an gcuid eile den chomhrá, b’fhéidir gur tháinig féileacán nó frog an bealach. Níl a fhios agam céard a déarfadh m’athair ná aithreacha go leor eile ón aimsir a caitheadh leis an gcuireadh chun cónaithe i gConamara Láir a scaipeadh thart ar fud an domhain ar Lá’l Mhic Dara. Gairm ón gceantar as Camas siar go Carna, don Chaiseal, go Cloch na Rón agus amach go ceantar na gCnoc ar an tSraith Salach: “Tá muid ag fanacht leat.”
Tá m’athair agus aithreacha go leor nach é ar a suaimhneas i ngaineamh geal Mhaínse anois. Is dóigh go bhfuil an bheirt Shasanach a tháinig aniar le taobh na habhann an lá sin sna blianta a caitheadh imithe go tír an tsuaimhnis ó shin freisin. Muide na gasúir – ní leanann muid froganna ná féileacáin níos mó.
D’athraigh an saol uilig ó shin i gConamara. Ní hionann an geimhreadh anois agus geimhreadh na sean-aimsire.
Tá sé de mhuinín againn cuireadh a thabhairt do dhaoine chun cónaithe anseo anois. Tagann an geimhreadh i gcónaí ach tá cosaint againn ón aimsir ar na saolta seo, carr – ag go leor againn – le muid a thabhairt chuig an siopa nó pé ar bith cruóg eile a thagann orainn. Tá teolaíocht sna tithe agus tá ceangal teileafóin agus skype ag go leor againn le chuile orlach den domhan mór. ‘’D’fhéadfá do chuid oibre a dhéanamh anseo agus ceangal a bheith agat le do chuid fostóirí agus custaiméirí ar fud na cruinne,” a deir Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta i ráiteas a chur sé amach ar Lá’l Mhic Dara.
Tá Conamara Láir i lár an domhain freisin san gcóras cumarsáide atá ar fáil anois. Cuireadh croíúil atá curtha amach ar fud an domhain ach tá cúis phraiticiúil leis.
Táthar ag súil go bhfillfidh daoine ar an mbaile agus go dtiocfaidh daoine eile chun cónaithe sa taobh sin tíre. Tá géarghá leo; daoine óga a mbeadh muiríneacha orthu is mó a theastódh.
Tá 54% de laghdú ar an líon gasúr i mbunscoileanna Chill Chiaráin agus Charna le deich mbliana fichead anuas. Ag lagan atá scoileanna Chamais agus Ros Muc freisin. Níl scoil ar bith ar an Sraith Salach anois agus tá an Caiseal ag dul chun deiridh. Sé a thús agus a dheireadh go bhfuil an daonra ag laghdú agus an pobal ag dul chun aoise.
Teastaíonn daoine a chuirfeadh fúthu i gConamara Láir sa samhradh agus sa ngeimhreadh. Ach theastódh obair sa samhradh agus sa ngeimhreadh, freisin.
Tharla sé, míthráthúil go leor, go ndeachaigh an cuireadh chun cónaithe go Conamara Láir amach an tseachtain chéanna ar dhiúltaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe d’iarratas ar chead pleanála ar fhorbairt mhór i gCill Chiaráin. Táthar den bharúil go mbeadh cuid mhaith do 400 post ar fáil de bharr Pháirc na Mara sna blianta atá romhainn amach. Tionscnaimh a bheadh bunaithe ar an bhfarraige agus ar an gcladach a bheadh ann. Chuile sheans go gcuirfear an cheist anois faoi bhráid an Bhoird Pleanála; d’fhéadfadh go n-éireodh leis an iarracht sin ach b’fhéidir nach n-éireodh. Má théann Páirc na Mara go tóin poill, tá daoine ann a déarfadh go bhfuil Conamara Láir ar an gcosán céanna.
Fós féin, tá Máirín Ní Choistealbha-Seoige, bainisteoir an chomhlachta Forbairt Chonamara Láir dóchasach. “Fiú agus gur diúltaíodh do chead pleanála thogra Pháirc na Mara an tseachtain seo, ní hé sin deireadh an togra sin ná tograí eile atá á bhforbairt sa gceantar,” arsa sise. “’Tá todhchaí mhór romhainn agus deiseanna ann do dhaoine a saol a athrú agus a fheabhsú.”
Tá beart misniúil agus inmholta ar bun ag comhlucht forbartha pobail Chonamara Láir agus Údarás na Gaeltachta ina dteannta. Teastaíonn smaointeoireacht agus beartais as an ngnáth amanta, agus ní tráth machnaimh é. Tá an bád imithe rófhada den chúrsa; teastaíonn tarrtháil ar an toirt.
Mura mbeidh tuilleadh daoine ann, tiocfaidh an dorchadas agus beidh oícheanta fada geimhriúla i gConamara Láir.
“Would you live here in winter?”
L Ó Dálaigh
Níl siad dáiríre. Ní féidir freagra a fháil ón comharchumann ar guthán nó ríomhphost. Níl anseo ach ábhar dos na meáin sóisialta.