Bhí sé ina dhíospóireacht theasaí ar Liveline. Daoine ag clamhsán faoin urlabhraí oifigiúil, daoine ag clamhsán faoi na daoine a bhí ag clamhsán, daoine ag éisteacht leis an raidió agus
mearbhall orthu. Ba é tús agus lár na conspóide an méid a dúirt Eileen Gleeson, Ceannasaí na hEagraíochta do Dhaoine gan Dídean i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
I measc go leor rudaí eile, bhí an chosúlacht ar a cuid cainte go raibh sí ag cur milleán ar dhaoine gan dídean de bharr ‘bad behaviour’ agus an cineál saoil a chaitheann siad.
Níl rud ar bith ar domhan a thaitníonn le lucht léirithe cláir raidió ná daoine atá go hiomlán in aghaidh a chéile ag tógáil malairt taobhanna faoi scéal – dubh agus bán.
Thug mé cuairt aréir ar lár na cathrach. Bhí mé ag iarraidh féachaint ar Ard-Oifig an Phoist i Sráid Uí Chonaill, áit a bhí go mór faoi chaibidil sa chonspóid raidió.
Foirgneamh stairiúil, maorga i gceartlár na cathrach, cuid de stair réabhlóideach na hÉireann. Dúradh le linn na hargóna ar an raidió go raibh an áit fágtha i ndroch-chaoi tar éis chuairt na ndreamanna deonacha éagsúla a thugann bia amach ann gach oíche. Masla é seo, dar leo, i gcás foirgnimh atá chomh tábhachtach agus chomh stairiúil.
Tosaíonn an oíche thart ar a cúig a’ chlog do dhaoine gan dídean. Timpeall an ama sin, téann siad thart ag cuartú píosa de chosán, cúinne foscúil, tairseach dorais le píosa d’urlár ar fáil ann – áit ar bith nach mbeifí ag siúl orthu.
Ag an Ard-Oifig, fanann siad go ndúnfar na doirse ag a sé.
Tá an Ard-Oifig féin maisithe don Nollaig. Tagann cuairteoirí isteach le pictiúir a ghlacadh de na fir sneachta, na piongainí, an mainséar. Tá an áit lán. Ach níl aon dabht ach go bhfuil boladh thart ar na doirse ar Shráid Uí Chonaill. Deir fear slándála liom nach bhfuil aon chur síos ar an méid dramhaíola agus uafáis a bhíonn caite in aghaidh na ndoirse chuile mhaidin. Glantar gach lá é.
Cuirtear an milleán anois ar líon na ndreamanna deonacha atá ag freastal ar dhaoine gan dídean. Téann siad thart ar an gcathair ag tabhairt amach bia agus deochanna. An féidir milleán a chur ar dhuine bocht nach bhfuil sa domhan aige ach mála codlata, nach dteastaíonn ‘ham sandwich’ eile uaidh – b’fhéidir an ceathrú ceann an oíche sin?
Chas mé ar John a bhí i mbun saothar ealaíne sráide taobh amuigh den GPO. Luaigh mé an chonspóid leis. Luaigh mé an salachar, an dramhaíl. “What can we do?” a deir sé. “We’re homeless.”
Déanann John an píosa ealaíne céanna gach lá. Bíonn sé ag súil go saothróidh sé luach an B&B. Ní bhíonn mórán baint aige leis na dreamanna deonacha.
Casadh lánúin orm i dTeampall an Bharra. Bhíodar ag fanacht go n-osclódh oifig ‘Housing First’ go bhfaighidís mála codlata. Caitheadh amach as an mbrú i Sráid Thomáis iad toisc gur sháigh siad a ladar isteach i dtroid a bhí ar siúl ann.
“We were suspended,” a dúirt an bhean, atá ag súil le páiste. Ní raibh uaithi ach mála codlata. Bhí an bheirt acu ólta ach mhaígh sí nach dtógann siad drugaí. ‘Agus céard a dhéanann tú leis an mála codlata i rith an lae?’ a d’fhiafraigh mé di. “Ah, we carry it around,” a dúirt sí.
An iompródh tusa mála codlata thart i gcaitheamh an lae ar fad? Ní haon iontas go gcaitear de leataobh iad. Cuid eile den dramhaíl.
Chuimil sí a cuid fiacla. Cheap mé go raibh sí ag taispeáint fiacla nua dom (cuireann fiaclóir seirbhís dheonach ar fáil ar an tsráid- cuid eile den chonspóid).
‘Céard atá ort?’ a dúirt mé.
‘Nothing,’ a dúirt sí liom. ‘You’ve lipstick on your teeth.’
Fág freagra ar '‘What can we do? We’re homeless’ – cuairt ar lucht dídine ag an GPO'