‘Vape’ nó ‘galtoitín’ i measc na bhfocal nua ar focloir.ie

27,000 iontráil focloir.ie anois, rud a fhágann go bhfuil 70% d’ábhar deiridh an fhoclóra ar fáil don phobal

ProVape-1

Tá leagan Gaeilge d’fhocal na bliana seo vape (galtoitín) agus na nathanna a théann leis ar fáil ar focloir.ie i measc an 5,000 iontráil, 14,000 comhad gramadaí agus 11,500 comhad fuaime a cuireadh leis an suíomh focloir.ie  ag leathuair tar éis a haon inniu.

Gach bliain, roghnaíonn Foclóir Ocsanphoirt “focal na bliana” focal nó téarma a tháinig chun cinn le linn na bliana sna meáin agus i mbéal an phobail agus ba é ‘vape’ focal na bliana seo.

Ar na nathanna nua eile atá ar fáil ar focloir.ie ó am lóin inniu tá ‘an chluain fhíorúil’ nó ‘catfish’, téarma a dhéanann cur síos ar an nós atá ag daoine áirithe an dallamullóg a chur ar dhaoine eile ar an idirlíon len iad a mhealladh. 

An sampla a thugtar d’úsáid ‘catfish’ ar focloir.ie ná ‘he was catfished on a dating site’ nó ‘cuireadh an chluain fhíorúil air ar shuíomh geandála’.

Tá 27,000 iontráil focloir.ie anois, rud a fhágann go bhfuil 70% d’ábhar deiridh an fhoclóra ar fáil don phobal.

I measc na bhfocal atá anois le feiceáil ar an suíomh, tá cinn a bhí i mbéal an phobail le deireanas.

Ar ndóigh, bhí go leor leor cainte ar an water charge controversy (conspóid na dtaillí uisce) agus na léirsithe móra ar siúl ar fud na tíre le cupla seachtain anuas.

Chomh maith leis sin, cuireadh focail a bhaineann leis an séasúr súgach seo ar an suíomh freisin; snowman (fear sneachta), eating (itheachán), shopper (siopadóir) agus an bréagán rathúil loom band (banda fite).

Leanfar ar aghaidh ag cur tuilleadh iontrálacha leis an bhfoclóir in 2015. Tá foireann an fhoclóra ag súil leis an 30% deireanach den ábhar a fhoilsiú ina dhá sciar an bhliain seo chugainn, i mí an Mheithimh agus i mí na Nollag.

Tá sé i gceist aip a fhorbairt le haghaidh an fhoclóra freisin agus nuair a bheas an foclóir ar líne críochnaithe, cuirfear leagan clóite ar fáil roimh dheireadh na bliana 2016.

 

Fág freagra ar '‘Vape’ nó ‘galtoitín’ i measc na bhfocal nua ar focloir.ie'

  • Eoin

    Céard é Foclóir Ocsanphoirt? Níor chóir a leithéid a aistriú, glacaim leis gur foclóir Béarla atá ann ach i bhfírinne níl fhios agam cén ceann. Oxford is dócha?

  • Eoin

    Agus fiú sa chás sin ba chóir dul le hÁth an Daimh a bhíodh in úsáic chuige sin scaití. Ach ná haistrítear a leithéid!