Údarás na Gaeltachta ag súil le 300 post a chruthú i nGaoth Dobhair

Seoladh ar maidin an plean gníomhaíochta ‘Ag Forbairt na Fiontraíochta ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair’ a cuireadh i dtoll a chéile chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb na dífhostaíochta in iarthuaisceart Chontae Dhún na nGall

udaras_051-1024x681

Tá sé mar sprioc ag Údarás na Gaeltachta 300 post nua a chruthú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair as seo go ceann trí bliana.

D’fhógair an eagraíocht ar maidin gur ceadaíodh 80 post nua do thograí ar an bPáirc Ghnó le tamall anuas a bheidh “ag teacht chun cinn de réir a chéile”.

Fógraíodh chomh maith go bhfuil an tÚdarás le hinfheistíocht €4.7 milliún a dhéanamh ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair thar an tréimhse trí bliana. Tá sé i gceist chomh maith plean athfhorbartha caipitil a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar fhoirgnimh éagsúla ar an bpáirc ghnó.

Seoladh ar maidin an plean gníomhaíochta ‘Ag Forbairt na Fiontraíochta ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair’ a cuireadh i dtoll a chéile chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb na dífhostaíochta in iarthuaisceart Chontae Dhún na nGall.

Bunaíodh grúpa oibre anuraidh chun an plean gníomhaíochta a ullmhú, grúpa a raibh ionadaithe ann ó

Údarás na Gaeltachta, Fiontraíocht Éireann, an tÚdarás Forbartha Tionscail, SOLAS, Comhairle Contae Dhún na nGall, Institiúid Theicneolaíochta Leitir Ceanainn, an Roinn Coimirce Sóisialaí, agus an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta.

Cailleadh 150 post i nGaoth Dobhair le bliain anuas agus buile mór don cheantar ab ea cinneadh an chomhlachta Largo Foods, i mí Mhárta 2014, aistriú go dtí a n-ionad déantúsaíochta i gCill Dhéagláin, Co. na Mí.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis go bhfuil sé “muiníneach go dtiocfaidh méadú ar an leibhéal fostaíochta ar an Pháirc Ghnó sna blianta amach romhainn.”

Chuirfí na hacmhainní atá ag teastáil ar fáil don bPáirc Ghnó, a dúirt an Príómhfheidhmeannach.

“Fáiltíonn muid roimh tuairisc an Fhóraim agus an anailís, na torthaí agus na moltaí atá leagtha amach ann. Cuirfidh Údarás na Gaeltachta a chlár oibre in ord tosaíochta agus cuirfidh sé na hacmhainní a bhfuil gá leo i dtreo iarrachtaí le fiontair nua a mhealladh le lonnú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair,” a dúirt Ó Cúláin.

Thug sé le fios go raibh cúig thogra nua ceadaithe ar an Pháirc Ghnó le bliain anuas, a chruthódh 80 post nua. Tá roinnt de na poist sin ar an talamh cheana féin, agus tiocfaidh “Is ábhar dóchais é go bhfuil trí ghnó nua tar éis beartú lonnú ar an Pháirc Ghnó, agus tá dá chomhlacht, Euroflex agus Fáisc Miotail, atá lonnaithe ansin cheana féin ag dul i mbun tuilleadh forbartha.”

Dúirt Séamus Mac Eochaidh, Cathaoirleach an Fhóraim Fiontraíochta a d’ullmhaigh an tuarascáil go bhfuil an earnáil bia ar cheann “de na príomhearnálacha atá Údarás na Gaeltachta ag díriú air faoi láthair, de bharr go bhfuil áis déantúsaíochta bia ar fáil ar an Pháirc Ghnó agus mar gheall ar an mhéid daoine oilte le taithí san earnáil sin ar fáil go háitiúil”.

 

Fág freagra ar 'Údarás na Gaeltachta ag súil le 300 post a chruthú i nGaoth Dobhair'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Go sabhlaí na déithe muid ó Údarás na Gaeltachta agus iad fá choinne tuilleadh cainteoirí Béarla ‘a mhealladh’ isteach go croílár na Gaeltachta!

    Ní fheicim coinníollacha buana, dlíthe nó rialacha á leagan ag an dream seo lena chinntiú go mbeidh Gaeilge mar theanga oibre ag achan duine a chuireann ladhar thar tairseach an fhoirgnimh gnó ina mbíonn siad ag obair ann sa Ghaeltacht.

    Agus nár cheart do lucht bainistíochta/infheistíochta na ‘fiontair nua’ seo bliain nó seal a chaitheamh ag foghlaim na teangan sula gcuardaíonn siad deontais ón Stát agus ó Údarás na Gaeltachta le dhul i mbun gnó sa Ghaeltacht (nó fiú taobh amuigh den Ghaeltacht)? Má tá státsheirbhísigh ábalta theacht go dtí’n Gaeltacht leis an teanga dúchais a fhoghlaim/chleachtadh cad chuige nach dtig leo siúd as an earnáil phríobháideach amhlaidh a dhéanamh?