Údar misnigh Martin O’Neill

Ní imní ‘ach a mhalairt’ atá ar Mhartin O’ Neill faoi chaighdeán na n-imreoirí nua atá ag iarraidh imirt dó, a deir bainisteoir na hÉireann le Tuairisc.ie

Martin O'Neill 1/2/2015
©INPHO/Ryan Byrne

Tá seacht seachtaine fágtha sula dtabharfaidh Éireann aghaidh ar an bPolainn i Stad an Aviva. Tá an tréimhse chéanna ama ag Martin O’Neill chun a bhreithiúnas a thabhairt maidir leis na himreoirí a leagfaidh sé mar dhualgas orthu céim a thabhairt i dtreo bharr an ghrúpa. Agus tá seacht seachtaine ag imreoirí nach bhfuair mórán seans roimhe seo chun a chruthú do O’Neill go bhfuil áit tuillte acu ina scuad.

Ach ar chóir do O’Neill a bheith buartha faoina laghad imreoirí atá ag teacht ar barra?

Is é Kevin Long an t-aon imreoir nua le fada le áit a fháil ar fhoireann i bPríomhroinn Sasana – agus gortaíodh é 24 nóiméad tar éis dó a chéad chluiche a thosú le Burnley.

Má tá imní ar O’Neill faoina laghad imreoirí atá ann ag an leibhéal is airde níl sé ag ligean an méid sin air féín.

“A mhalairt atá fíor,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

“Tugann sé misneach dom go bhfuil imreoirí atá cáilithe chun imirt linn ag dul i bhfeidhm ar a gclubanna. I ndáiríre, ní theastaíonn uaim ainmneacha a lua ar eagla go dtitfeadh sé as a chéile, ach is cuid den phost é a bheith dearfach i dtaobh na n-imreoirí seo agus tacaíocht a thabhairt dóibh.

“Bhí McGoldrick ag iarraidh imirt linn, tá Cyrus Christie ag iarraidh imirt. Chun a bheith macánta, tá na himreoirí seo meáite ar bheith san iomaíocht. Ní hé go bhfuil siad ann toisc go bhfuilimid gann ar dhaoine. Is rud maith é sin.”

Is annamh preasócáid mar seo ann gan ceist faoi Stephen Ireland, ach cé go raibh Roy Keane i láthair ag cluiche Stoke ag an deireadh seachtaine, níl aon teagmháil déanta le Ireland fós.

Harry Arter 29/3/2006
Harry Arter ©INPHO/Andrew Paton

Tá Eoin Doyle ag aimsiú cúl do Chesterfield, ach toisc go bhfuil sé ag imirt i Roinn a hAon, seans nach bhfuil O’Neill chun deis a thabhairt dó go fóill.

Ach tá a shúil ar imreoirí nár imir d’Eirinn fós.

Cé nach bhfuil imreoirí Éireannacha ag fáil a seans leis na foirne ag an leibhéal is airde, tá cuid eile atá cáilithe chun imirt don tír agus atá ag tabhairt ábhar machnaimh do O’ Neill.

I measc na n-imreoirí sin, tá fear 25 bliain d’aois atá ag scóráil go leor cúl do Bournemouth, atá ar bharr an Championship.

“Agus mé ag dul abhaile tar éis chluiche Fulham tráthnóna amháin, tar éis dom ag labhairt le Harry Redknapp ar mo shlí chuig an gcarrchlós, tháinig an leaid óg seo chun cainte liom. Bhí aithne ag Harry (Redknapp) air – Harry Arter a bhí ann atá ag imirt le Bournemouth; chonaic mé ag imirt é uair nó dhó roimhe sin.

“Bhí sé deas bualadh leis. Imreoir díograiseach é agus tá taispeántais mhaithe á dtabhairt uaidh aige go rialta le foireann atá ag troid go láidir chun ardú céime a bhaint amach. Tugann mionrudaí mar sin spreagadh dom seachas a mhalairt. Tugann siad misneach dom.”

Fág freagra ar 'Údar misnigh Martin O’Neill'