‘Údar díomá é nár lean Senedd na Breataine Bige sampla Dháil Éireann’ – Nigel Owens

Bhí an réiteoir rugbaí Nigel Owens ar dhuine de scata daoine cáiliúla a bhí ag iarraidh gur ‘Senedd Cymru’ amháin a thabharfaí ar chomhthionól na Breataine Bige, ach diúltaíodh dá n-éileamh

‘Údar díomá é nár lean Senedd na Breataine Bige sampla Dháil Éireann’ – Nigel Owens

Nigel Owens. Pictiúr: INPHO/Simon King

Tá ráite ag an réiteoir rugbaí cáiliúil Nigel Owens gur “deis amú” agus “údar mór díomá” é cinneadh thionól na Breataine Bige diúltú d’éileamh gur i mBreatnais amháin a bheadh teideal na hinstitiúide feasta.

Dúirt Owens gur trua nár lean polaiteoirí na Breataine Bige sampla na hÉireann.

“Is dóigh liom gur ligeadh le sruth deis níos mó daoine a mhealladh chun go mbeidís ar a gcompord ag labhairt na Breatnaise. Tá rialtas na Breataine Bige ag súil milliún duine a mhealladh le bheith ina gcainteoirí Breatnaise faoi 2050, ach mar sin féin níor tapaíodh an deis ainm Breatnaise a thabhairt ar an Senedd.

“In Éirinn, an Dáil atá ar an Senedd. Tugtar an Taoiseach ar an bPríomh-Aire. Ní bhaineann siad úsáid as an aistriúchán Béarla ar chor ar bith. Is é an cás céanna é i bhfírinne. Táim cinnte gur Senedd a thugann 99% de dhaoine sa Bhreatain Bheag air. Bímis ag súil go leanfaidh siad orthu á dhéanamh sin.”

Chinn Senedd na Breataine Bige níos túisce an mhí seo gur dhá ainm – ‘Senedd Cymru’ agus ‘The Welsh Parliament’ – seachas an t-ainm Breatnaise amháin, a thabharfaí feasta ar an bparlaimint in Caerydd.

Bhí Nigel Owens ar dhuine de scata daoine cáiliúla a bhí i mbun feachtais ar son ‘Senedd Cymru’ amháin a thabhairt ar chomhthionól na Breataine Bige.

“Is údar mór díomá dom go mbraitheann siad go gcaithfear aon ainm eile seachas sin a thabhairt air,” arsa Owens.

Dúirt sé gur “ráiteas láidir” ar son na Breatnaise a bheadh ann dá mbeadh glactha ag an bparlaimint leis an éileamh.

“Is teanga iontach álainn í an Bhreatnais ar chóir dúinn grá a thabhairt di agus a bheith bródúil aisti. Táimse bródúil aisti agus ba chóir do gach duine a bheith bródúil aisti.

“Tá ár bhformhór bródúil aisti, fiú go leor acusan nach labhraíonn í, ach is é an t-aon bhealach gur féidir í a cheiliúradh i gceart ná tús áite a thabhairt di – go háirithe fad is a bhaineann sé lenár Senedd,” a dúirt Nigel Owens.

Fág freagra ar '‘Údar díomá é nár lean Senedd na Breataine Bige sampla Dháil Éireann’ – Nigel Owens'