‘Mura bhfuil gá le leagan Béarla de ‘Dáil’ nó ‘Bundestag’, cén fáth nach féidir linne amhlaidh a dhéanamh?’

Tá feachtas ar siúl sa Bhreatain Bheag ag daoine atá ag iarraidh gur ‘Senedd Cymru’ amháin a thabharfaí ar pharlaimint na tíre sin feasta

‘Mura bhfuil gá le leagan Béarla de ‘Dáil’ nó ‘Bundestag’, cén fáth nach féidir linne amhlaidh a dhéanamh?’

Tá litir oscailte seolta chuig baill an chomhthionóil sa Bhreatain Bheag ina n-éilítear go dtabharfaí ‘Senedd Cymru’ amháin ar pharlaimint na tíre sin feasta. Tá an litir sínithe ag daoine aitheanta ó réimsí éagsúla den saol.

I measc na ndaoine a shínigh an litir, tá an t-aisteoir Michael Sheen, an craoltóir Cerys Mathews, an réiteoir rugbaí Nigel Owens, an fuirseoir Tudur Owen agus file náisiúnta na Breatnaise, Ifor ap Glyn.

Deirtear sa litir:

“Ag tráth amháin i stair na Breataine Bige, rinne lucht dlí agus údaráis iarracht thomhaiste agus d’aon ghnó an Bhreatnais a ghlanadh as gach réimse den saol poiblí – as ár scoileanna, ár gcúirteanna, as an gcóras riaracháin phoiblí agus as ár logainmneacha. Glactar leis go forleathan anois gur seoid í ár dteanga féin agus gur chóir dúinn meas a bheith againn uirthi agus í a cheiliúradh mar chuid riachtanach dínn sa todhchaí.

“Beart suntasach a bheadh ann mar sin ‘Senedd’ a thabhairt ar an bparlaimint mar gur léiriú a bheadh ann ar an chineál tíre a theastaíonn uainn do na glúine atá le teacht. Trí ainm Breatnaise, agus ainm Breatnaise amháin, a thabhairt ar an institiúid náisiúnta is tábhachtaí atá againn, léireodh sé don saol mór an stádas tábhachtach speisialta a theastaíonn uainn a bheith ag an teanga i saol poiblí na tíre seo. Deis atá anseo a thaispeáint gur fíor gur le gach duine an Bhreatnais, beag beann ar a gcúlra, rud a mhaítear go minic.”

An mhí seo caite, thacaigh móramh le rún go dtabharfaí ainm Breatnaise ‘Senedd Cymru’ agus ainm Béarla ‘The Welsh Parliament’ ar an chomhthionól agus diúltaíodh don rún a mhol gur ainm Breatnaise amháin a bheadh air.

38 ball a bhí i gcoinne an rúin ar son ainm Breatnaise amháin, thacaigh 16 leis agus duine amháin a staon ó vóta a chaitheamh.

Nuair a pléadh an rún, dúirt an t-iarChéad-Aire Carwyn Jones, a bhí i bhfabhar ainm dátheangach a thabhairt ar an chomhthionól go raibh “an baol ann” nach dtuigfeadh daoine ‘Senedd’.

Dúirt Rhun ap Iorwerth feisire de chuid Plaid Cymru gur focal é ‘Senedd’ a sháraíonn aon ‘bhacainní teanga’.

Pléifear an cheist arís sa chomhthionól Dé Céadaoin seo chugainn.

Rinne Leena Sarah Farat ón chumann Breatnaise ‘Cymdeithas yr Iaith Cymdeithas yr Iaith Gymraeg’ trácht ar Dháil Éireann agus Bundestag na Gearmáine agus an cás á dhéanamh aici ar son ainm Breatnaise amháin.

“Mura bhfuil gá le leagan Béarla de ‘Dáil’ nó ‘Bundestag’, cén fáth nach féidir linne amhlaidh a dhéanamh i gcás ‘Senedd?’ a dúirt sí.

“Tá muid ag iarraidh go mbeadh muinín ag polaiteoirí as ár dteanga, as an Bhreatain Bheag agus as a muintir go léir, bíodh siad ina gcainteoirí Breatnaise nó ná bíodh, agus ainm Breatnaise amháin a thabhairt dár Senedd, ainm ar linne ar fad é,” ar sí.

Dúirt Farat go n-úsáideann formhór na ndaoine sa Bhreatain Bheag ‘Senedd’, agus go raibh sé de cheart ag gach duine, ó gach cúlra, ceiliúradh a dhéanamh ar gach gné de shaol na Breataine Bige.

Mhaígh Farat gur “beag an baol ach go dtabharfaí tús áite don leagan Béarla” dá gcuirfí an dá ainm ‘Senedd Cymru’ agus ‘The Welsh Parliament ‘ ar an chomhthionól.

Tá agóid beartaithe amárach in Caerdydd chun aird a dhíriú ar an éileamh gur ainm Breatnaise amháin a thabharfaí ar chomhthionól na Breataine Bige.

Fág freagra ar '‘Mura bhfuil gá le leagan Béarla de ‘Dáil’ nó ‘Bundestag’, cén fáth nach féidir linne amhlaidh a dhéanamh?’'