Údar alltachta agus ardú croí araon ag baint le ‘On the Basis of Sex’

Cé go bhfuil sé ábhairín ró-ómósach ar uairibh is scannán tábhachtach caithiseach an scannán nua faoi Ruth Bader Ginsburg

Údar alltachta agus ardú croí araon ag baint le ‘On the Basis of Sex’

On the Basis of Sex

Stiúrthóir: Mimi Leder

Cliar: Felicity Jones, Armie Hammer, Justin Theroux, Sam Waterston, Kathy Bates, Jack Reynor.

Is í Ruth Bader Ginsburg laoch mór na liobrálach agus céile comhraic mór na gcoimeádach; an dara bean a ceapadh ina ball de Chúirt Uachtarach Mheiriceá; bean a bhfuil leabhar, clár faisnéise agus scannán bunaithe uirthi; bean ar baisteadh Notorious RBG uirthi le meas; bean a bhfuil a leasainm le feiscint greanta ar mhugaí agus t-léinte; agus bean a bheidh sé bliana déag le cois na ceithre scór i gceann coicíse agus gan aon chuimhneamh aici éirí as a cúraimí go fóill.

Bean í Ruth Bader Ginsburg atá sa Táin.

Tá sé an-dúshlánach, dodhéanta b’fhéidir, duine tréitheach agus saol eachtrúil den saghas sin a léiriú laistigh de dhá uair an chloig. Múineann gá seift agus díríonn an saothar seo, den chuid is mó, ar eachtra thábhachtach amháin i saol RBG le héachtaint a thabhairt dúinn ar an duine ina iomláine; díreach mar a deineadh i saothair amhail Invictus (2009), an scannán faoi Nelson Mandela agus corn rugbaí an domhain.

I dtosach an scannáin feicimid Ginsburg (Jones) ag siúl isteach go hOllscoil Harvard i dtosach na bliana acadúla i 1959. Fógraíonn an Déan le Dlí, Eerwin Griswold (Waterston), do na mic léinn gurb í sin an séú bliain ag mná a bheith ar an gcúrsa. Naonúr ban a bhí ar an gcúrsa an bhliain áirithe sin agus tugtar cuireadh chun dinnéir dóibh i dtigh an Déin, mar a gceistíonn sé go mínáireach iad faoi canathaobh a raibh áit fir á tógáil acu. Freagraíonn Ginsburg é go seanbhlastúil, tiarnúil, searbhasach. Ba mhaith léi, a deir sí, tuiscint níos fearr a fháil ar obair a fir chéile (bhí sé siúd sa dara bliain ag an am) le go mbeadh sí in ann tindeáil níos fearr air. An chéad léargas faighte againn ar an neamh-chomhionannas inscne, an éagóir agus an chlaontacht a mbíodh ar mhná aghaidh a thabhairt orthu an uair úd. Léirítear chomh maith misneach, diongbháilteacht agus éirim na mná ar leith seo.

Cé go dtéann canúint Nua-Eabhrac sa bhfraoch ar Jones, éiríonn léi carachtar iltoiseach a chur os ár gcomhair; cé gur taibhsíodh dom go mb’fhéidir go raibh an saothar ró-ómósach ar uairibh.

Tá an fear Martin (Hammer) ina chrann taca aici, díreach mar a bhíonn sise aigesean nuair a éiríonn sé tinn sa choláiste, ach ní  bhfuaireas aon bhlas ar an léiriú a dhéantar air siúd óir gur geall le naomh é a deir an rud ceart ag an am ceart agus a bhíonn tacúil, foighneach agus grámhar i gcónaí.

Díríonn formhór an scannáin ar an gcás a tugadh chuig ceann de chúirteanna achomhairc Mheiriceá maidir le neamh-chomhionannas inscne. An tseiftiúlacht a bhain leis seo ná go raibh sé bunaithe ar scéal fir, Charles Moritz ó Denver ná féadfadh liúntas cánach a fháil do chúram a mháthar mar gur fear a bhí ann.

Cá mbeimis gan radharc drámatúil cúirte agus seo críoch agus buaicphointe an scannáin. Cad é súp le baint as na comhraic bhéil ar fad le Jack Reynor na hÉireann ina lár istigh. Ansin tagann Notorious RBG aniar aduaidh ar chách le hóráid chumhachtach, phaiseanta agus eolgaiseach.

Scannán tábhachtach caithiseach a bhfuil údar alltachta agus ardú croí araon ag baint leis.

Fág freagra ar 'Údar alltachta agus ardú croí araon ag baint le ‘On the Basis of Sex’'