Uaireanta iompaíonn cuairt ar othar Alzheimer ina ‘tráth na gceist’

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. An mhí seo: nuair nach mbíonn othar Alzheimer in ann comhrá a mbeadh brí leis a choinneáil ag imeacht a thuilleadh, is fearr éirí as na hiarrachtaí

Uaireanta iompaíonn cuairt ar othar Alzheimer ina ‘tráth na gceist’

Ráithe atá caite ag mo mháthair anois i dteach cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu, agus ó bhog sí ann tá dúshlán nach raibh coinne againn leis tar éis teacht chun cinn.

Ní maith léi cuairteoirí.

Bhuel, níl sé sin go baileach cruinn. Is maith léi nuair a thagann gaolta nó cairde ar cuairt – ar feadh trí nó ceithre nóiméad, nó mar sin. Ina dhiaidh sin, teastaíonn uaithi dul ar ais go dtí ‘na daoine’.

‘Na daoine’ – sin iad na hothair eile, a bhíonn cruinnithe le chéile, go hiondúil, sa seomra suite mór ar an tríú hurlár.

Tá an t-uafás eolais ar fáil ar an idirlíon faoin gcaoi is fearr le cumarsáid fhiúntach a dhéanamh le hothair Alzheimer, ach aisteach go leor níor aimsigh mé mórán eolais ar chor ar bith faoin gcumarsáid speisialta idir daoine a bhfuil an galar orthu iad féin.

Ach tá a leithéid ann.

Tá sé ráite liom ag níos mó ná duine amháin de na cúramóirí sa teach altranais ina bhfuil cónaí ar mo mham go bhfuil bealach ag othair Alzheimer cumarsáid a dhéanamh lena chéile nach dtuigimidne. ‘Bíonn siad in ann comhráite fada a bheith acu lena chéile nach mbíonn brí ar bith le baint astu, ach chomh fada agus a bhíonn siad féin sásta …’

Bíonn siad sásta – agus bíonn siad ag leagan lámh ar a chéile seasta. Tá rud éigin iontach fisiciúil faoin gcumarsáid idir daoine a bhfuil galar Alzheimer orthu.

Is tábhachtaí dóibh an chumarsáid – gníomh na cainte agus an teagmháil – ná brí an chomhrá, sin an tuiscint a bhainim féin as. Ach tá rud éigin eile i gceist, leis, measaim.

Bíonn ar dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu dua millteanach a chur orthu féin chun a bheith páirteach i gcomhrá le daoine nach bhfuil an galar orthu.

Is é an chaoi go n-éilíonn an chuid is mó de na cuairteoirí go mbeadh brí leis an gcomhrá – rud atá le tuiscint má tá uair an chloig caite acu i dtranglam tráchta nó ar thraein nó ar bhus. Bíonn siad ag iarraidh gur fiú an tairbhe an trioblóid, go spreagfaidh siad cuimhne éigin, go bhfeicfidh siad fianaise, dá laghad í, nach bhfuil an gaol nó an cara a bhfuil Alzheimer air nó uirthi tar éis sleamhnú uathu go hiomlán fós.

Agus ‘tráth na gceist’ á dhéanamh acu den chuairt ar an gcaoi sin, agus ‘teip’ i ndiaidh ‘teipe’ á fáil ag an othar Alzheimer bocht, is beag an t-iontas go mbeadh fonn ar an othar sin dul ar ais go dtí ‘na daoine’ tar éis trí nó ceithre nóiméad. Daoine a choinneoidh comhluadar leis nó léi nach dtraochfadh é nó í.

Tugaim faoi deara go bhfuil sé an-deacair ar roinnt de ghaolta agus cairde mo mháthar glacadh leis an gcor nua seo ina hiompar.

Ach tá réiteach faighte ag roinnt eile ar an gceist: in ionad iarracht a dhéanamh comhrá a choinneáil le mo mham ina seomra féin, suíonn siad síos léi sa seomra suite coiteann, mar a mbíonn na háitritheoirí eile in aice láimhe.

Nó tugann siad amach ar shiúlóid í má bhíonn an aimsir go deas, agus spreagfaidh crann, fás-aon-oíche le taobh an bhealaigh nó iora rua éigin comhrá simplí, intuigthe a mheallfaidh aird mo mháthar.

Ós rud é go bhfuil cónaí orm féin ar an taobh eile den domhan agus gur ar fhísghlaonna a bhím ag brath dá bharr, níl an dá rogha sin agam. Ach sna glaonna sin, nach maireann ach trí nó ceithre nóiméad, tá mé éirithe as a bheith ag iarraidh comhrá a bheith agam le mo mham a mbeadh brí éigin leis. A bheith in ann breathnú i súile a chéile agus glór a chéile a chloisteáil, sin é an rud is tábhachtaí.

Fág freagra ar 'Uaireanta iompaíonn cuairt ar othar Alzheimer ina ‘tráth na gceist’'

  • Áine Durkin

    @ A bheith in ann breathnú i súile a chéile agus glór a chéile a chloisteáil, sin é an rud is tábhachtaí.

    Sin é, a chara. Is fiú chuile nóiméad…