Uair na cinniúna i gCúige Mumhan agus na boic mhóra i Staid Semple

Ba cheart go mbeadh cluiche den scoth ann i nDurlas nuair a chasfaidh Tiobraid Árann agus Luimneach ar a chéile agus beidh iománaithe an Chláir ag súil le feabhas mór i gcoinne Chorcaí

Uair na cinniúna i gCúige Mumhan agus na boic mhóra i Staid Semple

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Tiobraid Árann v Luimneach – Staid Semple, 2.00pm (Beo ar RTÉ)

Tabharfaidh an dá fhoireann is láidre i gCúige Mumhan agus in Éirinn, b’fhéidir, aghaidh ar a chéile i Staid Semple tráthnóna nuair a chasfaidh Luimneach agus Tiobraid Árann ar a chéile.

Chaill Luimneach sa chéad bhabhta i gcoinne Chorcaí ach tá seaimpíní na hÉireann tagtha chucu féin ó shin agus Port Láirge agus an Clár curtha de dhroim seoil acu le coicís anuas. Tabharfaidh na taispeántais sin misneach d’fhoireann John Kiely ach tá dúshlán mór rompu tráthnóna agus iad ag iarraidh Tiobraid Árann a chloí.

Thuas seal, thíos seal a bhí iománaithe Thiobraid Árann i rith na sraithe. Bhuaigh Luimneach go héasca orthu mí Feabhra, ach tá siad imithe ó neart go neart sa chraobh. Tá na trí chluiche atá imeartha acu i gcraobh na Mumhan go dtí seo buaite gan stró acu agus cuma na maitheasa ar bhuachaillí Liam Sheedy.

Tá áit bainte amach acu sa chéad chuid eile den chraobh cheana féin agus fiú má chailleann siad tráthnóna, tá an-seans fós go mbeidh siad i gcluiche ceannais na Mumhan ag deireadh na míosa.

Tá an fhoireann feabhsaithe as cuimse le cúpla mí anuas agus leithéidí Séamus Callanan, John O’Dwyer, na Mahers, agus na deartháireacha McGrath ag imirt iontach ar fad. Tá cluiche crua i ndán dóibh tráthnóna, an tástáil is mó atá curtha orthu go dtí seo.

Tá déanta go maith ag Luimneach i gcoinne Thiobraid Árann le blianta beaga anuas. Cúig chluiche craoibhe atá imeartha eatarthu ó 2013 agus tá trí cinn acu buaite ag fir Luimnigh.

D’aimsigh Aaron Gillane ocht gcinn de phointí nuair a bhuaigh curaidh na hÉireann orthu anuraidh. Tá fear Thobar Phádraig ag déanamh scrios arís i mbliana agus beidh tábhacht mhór leis an gcoimhlint idir é féin agus Cathal Barrett.

Ar an gcéad fhéachaint, is ag Tiobraid Árann atá na tosaithe is fearr ach is é an dúrúch oibre a bhíonn i gcónaí ar imreoirí Luimnigh an bua is mó atá acu agus bhí deacrachtaí cheana ag Tiobraid Árann déileáil leo.

Beidh ar Thiobraid Árann an ceann is fearr a fháil ar dtús ar leithéidí Declan Hannon, Cian Lynch agus Gearóid Hegarty timpeall ar lár páirce ach mura n-éiríonn leo é sin a dhéanamh, beidh sé deacair orthu tosaithe Luimnigh a stopadh.

Ba cheart go mbeadh sárchluiche ann tráthnóna ach pé foireann a chaillfidh gach seans go mbeidh deis acu díoltas a bhaint amach lá níos faide anonn.

Rogha Tuairisc.ie: Luimneach

Seamus Harnedy (Corcaigh) ag imirt i gcluiche ceannais na Mumhan 2018. Pictiúr: INPHO/James Crombie

An Clár v Corcaigh – Páirc Uí Chíosóg, 2.00pm

Tá iománaithe an Chláir i gcruachás faoi láthair. Bhain siad cluiche leathcheannais na hÉireann amach anuraidh ach tá rudaí tite as a chéile orthu i mbliana agus greadadh buailte ag Tiobraid Árann agus ag Luimneach orthu le cúpla cluiche anuas.

Tá deis fós ag na Cláirínigh teacht slán ón ngrúpa i gCúige Mumhan ach caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar Chorcaigh tráthnóna. Fiú má éiríonn leo é sin a dhéanamh, beidh deireadh leo má fhaigheann Tiobraid Árann an ceann is fearr ar Luimneach.

Má tá an Clár chun seans ar bith a bheith acu inniu, caithfidh siad cúrsaí a chur ina gceart ó thaobh na cosanta agus i measc na dtosaithe. Tá i bhfad an iomarca scóranna á ngéilleadh acu, go háirithe tráth a bhfuil ag teip orthu scóranna a aimsiú ar an dtaobh eile den pháirc.

Níor aimsigh an Clár ach 0-17 in aghaidh Thiobraid Árann agus 0-16 in aghaidh Luimnigh agus is beag seans a bheidh  acu aon chluiche a bhuachan mura bhfuil siad in ann níos mó ná sin a chur ar chlár an scór.

Níor chruthaigh na Cláirínigh ach 23 deis ar scór in aghaidh Luimnigh. De ghnáth bíonn foireann idirchontae ag súil le 40 deis a chruthú i gcluiche.

Chun rudaí a dhéanamh níos measa, casfaidh contae an Chláir tráthnóna ar fhoireann a bhfuil forlámhas iomlán acu orthu le roinnt blianta anuas. Athimirt chluiche ceannais na hÉireann in 2013 an uair dheiridh ar éirigh le hiománaithe an Chláir an ceann is fearr a fháil ar Chorcaigh sa chraobh agus tá gach ceann de na chúig chluiche a imríodh eatarthu ó shin buaite ag Corcaigh.

Is beag seans go dtiocfaidh aon athrú ar an scéal sin tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Corcaigh

Fág freagra ar 'Uair na cinniúna i gCúige Mumhan agus na boic mhóra i Staid Semple'