‘Uair na cinniúna’ don Eoraip maidir le cúrsaí slándála – von der Leyen

Deir Uachtarán na hÚcráine nach mbeadh aon ghlacadh le haon socrú faoin Úcráin a dhéanfadh an Rúis agus Stáit Aontaithe Mheiriceá eatarthu féin

‘Uair na cinniúna’ don Eoraip maidir le cúrsaí slándála – von der Leyen

Deir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen gur “uair na cinniúna” atá ann don Eoraip maidir le cúrsaí slándála.

Bhí von der Leyen ag caint roimh chruinniú éigeandála i bPáras faoi chás na hÚcráine.

Idir an dá linn, dúirt Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, nach mbeadh aon ghlacadh ag an Úcráin le haon réiteach a thiocfaí air i gcainteanna nach mbeadh baint acu féin leo.

Bhí Zelenskyy ag tagairt do na cainteanna faoin Úcráin atá beartaithe ag Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Rúis san Araib Shádach amárach.

Ní bhfuair an Úcráin aon chuireadh go dtí na cainteanna faoin gcogadh.

Tá cruinniú mullaigh éigeandála beartaithe ag ceannairí Eorpacha i bPáras inniu agus é i gceist acu plé a dhéanamh faoin gcur chuige a bheidh acu féin maidir le síocháin a bhaint amach san Úcráin.

Agus í tagtha go dtí Páras don chruinniú, dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen gur “uair na cinniúna” a bhí ann don Eoraip maidir le cúrsaí slándála.

“Sea, baineann sé leis an Úcráin – ach baineann sé linne chomh maith. Tá gá againn le meon a thuigeann an phráinn. Tá gá againn le borradh faoi chúrsaí cosanta. Agus anois a theastaíonn an dá rud.”

Chuir Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump alltacht ar cheannairí na hEorpa an tseachtain seo caite nuair a d’fhógair sé go raibh comhrá aige le hUachtarán na Rúise Vladimir Putin faoi chás na hÚcráine gan dul i dteagmháil leo.

Mhaígh Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise, Sergei Lavrov gurb amhlaidh go raibh an Eoraip ag iarraidh go leanfadh an cogadh ar aghaidh agus dúirt sé go raibh sé ag dul de a thuiscint cén cúram a bheadh acu ag bord na hidirbheartaíochta.

Tá Lavrov ag bualadh amárach le Státrúnaí Mheiriceá, Marco Rubio chun tús a chur le cainteanna faoin Úcráin.

Dúirt Volodymyr Zelenskyy nach mbeadh aon toradh ar na cainteanna toisc nach mbeadh oifigigh ón Úcráin i láthair.

“Is ionann ag an Úcráin cainteanna nach mbeidh aon toradh orthu aon chainteanna faoin Úcráin nach bhfuil an Úcráin páirteach iontu agus ní féidir linn aon aitheantas a thabhairt d’aon chomhaontú fúinne a dhéantar gan sinn,” arsa Zelenskyy.

Maidir leis an moladh go bhféadfadh an Úcráin teacht ar chomhaontú le Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi mhianraí, dúirt Zelenskyy nach bhféadfaí caitheamh leis an Úcráin amhail is nach raibh inti ach “soláthraí amhábhar”. Chaithfeadh barántais bhreise faoi chúrsaí slándála a bheith mar chuid d’aon mhargadh, ar sé.

Fág freagra ar '‘Uair na cinniúna’ don Eoraip maidir le cúrsaí slándála – von der Leyen'

  • Carraig

    “Tá gá againn le meon a thuigeann an phráinn,” adeir Ursula.
    Cá raibh Ursula le linn ‘práinn’ Gaza?
    Ceannaire an Aontais Eorpaigh ná leomhfadh oiread is focal amháin a rá mar gheall ar argain na nIosraelach in Gaza?
    Aon fhocal?
    Ar airigh sí gol na leanaí is na mban san ár le bliain go leith anuas?
    Ar shín sí lámh chúnta chuig aon duine acu?
    Ar chuimhnigh sí orthu, ar aon duine acu?
    An raibh dallaphúicín uirthi i gcaitheamh an ama sin go léir agus an bhfuil fós?
    An ndúirt sí paidir ar a son, ar son aon duine acu?
    An ndúirt sí,
    “Fóill ar do láimh, a chara”
    i gcogar le Netanayhu?
    Ós íseal nó ar chúla téarmaí, abair?
    Le heagla go spriúchfadh sé tuilleadh?
    Tá Ursula ag breith chuici féin anois, anabhá ag teacht uirthi ach a mbraitheann sí an tonnachrith chuici anoir de dhroim na steppes.
    Cé adéarfaidh paidir ar a son siúd anois?
    Tá an méid seo seanráite a Ursula,
    ‘Ní fhaigheann lámh iata ach an dorn dúnta’, a Ursula.