Rogha an Lae
Cé go bhfuil seans beag ann go bhféadfadh Albain an dara babhta de mhórchomórtas a bhaint amach den chéad uair riamh má chríochnaíonn siad ar comhscór leis an Ungáir tráthnóna, is mó seans go mbeidh orthu a gcéilí comhraic a bhualadh chun babhta an 16 a bhaint amach sa Ghearmáin.
In ainneoin an díomá a bhí orthu faoin ngreadadh a thug na hóstaigh dóibh sa chéad chluiche, bhí a fhios ag na hAlbanaigh go mbeadh go leor ag brath ar an gcluiche deireanach seo sa ghrúpa. Bheadh siad cinnte ag díriú ar an Ungáir a bhualadh agus neartaíodh a ndóchas i bhfianaise na dtaispeántas atá tugtha ag foireann Marco Rossi go dtí seo.
Bhí na hUngáraigh go hainnis sa chéad chluiche acu i gcoinne na hEilvéise agus cé go rabhadar beagáinín níos fearr i gcoinne na Gearmáine, f chailleadar 2-0 agus gan aon stró curtha acu ar na Gearmánaigh seachas sa chéad 30 nóiméad nó mar sin.
Bhí súil ann go n-éireodh go maith le foireann na hUngáire sa chomórtas ach tá teipthe go hiomlán orthu go dtí seo. Chaill siad in aghaidh na hÉireann i gcluiche dúshláin roimh thús an chomórtais, an chéad chluiche a chaill siad i 13 cluiche, ach droch-chomhartha a bhí ann agus níl aon fheabhas tagtha orthu go fóill, rud a thabharfaidh muinín d’Albain.
D’fheabhsaigh foireann Steve Clarke cuid mhaith don chluiche in aghaidh na hEilvéise, a chríochnaigh ar comhscór, ach beidh tuilleadh dul chun cinn ag teastáil in aghaidh na hUngáire. Cailliúint mhór a bheidh i Kieran Tierney, a gortaíodh i gcoinne na hEilvéise.
Ba é an t-aon chosantóir láir ag Albain a bhíonn ar a chompord agus seilbh na liathróide aige agus tá an fhoireann gann ar chosantóirí cheana féin. Beidh an Ungáir ag iarraidh Anthony Ralston, imreoir dara rogha ag Celtic, a chur faoi bhrú ar thaobh na láimhe deise de chosaint na hAlban agus beidh ar na hAlbanaigh eile cúnamh a thabhairt dó.
D’éirigh go maith le Billy Gilmour agus é fillte ar an bhfoireann don chluiche i gcoinne na hEilvéise ach tá níos mó ag teastáil ó John McGinn más le hAlbain an cluiche seo a bhuachan agus a n-aisling a fhíorú.
Fágann an toradh in aghaidh na Gearmáine go bhfuil Albain faoi mhíbhuntáiste agus iad ag críochnú sa dara háit i nGrúpa A. Má chailleann an Eilvéis in aghaidh na Gearmáine anocht agus má bhuann Albain, beidh an dá fhoireann ar cheithre phointe agus críochnóidh an dream leis an difríocht scór is fearr sa dara háit.
Fiú má chríochnaíonn Albain sa tríú háit, áfach, ba cheart go mbeadh ceithre phointe sách maith chun babhta an 16 a bhaint amach go fóill.
An Eilvéis v An Ghearmáin – 8.00in (Grúpa A)
Albain v An Ungáir – 8.00in (Grúpa A)
Fág freagra ar 'Uair na cinniúna do na hAlbanaigh agus iad ag iarraidh éacht stairiúil a dhéanamh'