Uaigh Aoidh Uí Néill á lorg sa Róimh

Thug Ambasáid na hÉireann sa Suí Naofa le fios in 1987 gur theip orthu go leanúnach uaigh Aoidh Uí Néill a aimsiú de bharr easpa comhoibrithe ó lucht riaracháin na hEaglaise Caitlicí

Uaigh Aoidh Uí Néill á lorg sa Róimh

I ndeireadh na bliana 1986 scríobh an Cairdinéal Tomás Ó Fiach chuig an Aire Gnóthaí Eachtracha, Peter Barry, ag lorg cuidiú chun uaigh an taoisigh Aodh Ó Néill a aimsiú. Bhí fianaise ag an Chairdinéal ón bhliain 1830 faoi cá háit go díreach i Séipéal San Pietro in Montorio na Róimhe a bhí sé curtha ach ní raibh tásc ná tuairisc air ó chogadh Garibaldi sna 184.

Deineadh loitiméireacht ar go leor de na huaigheanna sa séipéal ag an am sin. D’iarr an Cairdinéal ar an Aire Barry an mbeadh sé indéanta na leaca ar urláir an tséipéil a scrúdú ar eagla go mbeadh inscríbhinn Uí Néill ar cheann acu agus é iompaithe droim ar ais.

Thug Ambasáid na hÉireann sa Suí Naofa le fios gur theip orthu go leanúnach an uaigh a aimsiú de bharr easpa comhoibrithe ó lucht riaracháin na hEaglaise Caitlicí. Ach bhí stádas faoi leith ag an séipéal mar go raibh sé á riar ag Acadamh na Spáinne sa chathair.

Lorgaíodh cead ó Ambasáid na Spáinne agus ó Ord na bProinsiasach na leaca a scrúdú. Fuarthas cead iomlán an séipéal agus na cáipéisí a bhain leis a scrúdú in Eanáir 1987 agus d’iarr an Ambasáid ar an Chairdinéal saineolaí eaglasta a chur ar fáil le cuidiú leis an chuardach.

Rinne an Moinsíneoir John Hanley ó Choláiste na nGael sa Róimh agus an tAthair Edmund Dougan ó na Proinsiasaigh go leor obair thaighde ar cháipéisí a bhain leis an séipéal agus bhí barúil mhaith acu ag tús na bliana 1987 faoi shuíomh na huaighe. Dúradh go n-íocfadh Rialtas na Spáinne as an obair thochailte.

Tháinig fadhb chun cinn i bhFeabhra na bliana sin, áfach, mar gur mhaígh na Proinsiasaigh nach raibh aon chead dlíthiúil ag an Iodáil seilbh an tséipéil a bhronnadh ar an Spáinn ins an na céad déag. Chuir sé seo moill ar an obair thochailte agus i ndeireadh ama ní raibh aon rath air. Níor aimsíodh an uaigh ariamh.

I 1989 leag an Cairdinéal Ó Fiach leac cuimhneacháin marmair ins an áit a meastar a cuireadh Aodh Ó Néill i Séipéal San Pietro sa bhliain 1616.

Fág freagra ar 'Uaigh Aoidh Uí Néill á lorg sa Róimh'

  • leitheoir

    I 1989 leag an Cairdinéal Ó Fiach leac cuimhneacháin marmair ins an áit a meastar a cuireadh Aodh Ó Néill i Séipéal San Pietro sa bhliain 1616.
    I 1989 leag an Cairdinéal Ó Fiach leac cuimhneacháin marmair ins an áit ar cuireadh Aodh Ó Néill i Séipéal San Pietro sa bhliain 1616, mar a mheastar?

  • Joe

    Scéal spéisiúil.

  • Pádaí Rua

    An bhfuil an teicneolaíocht ann i 2018 le cnámha Uí Néill a aimsiú i Séipéal San Pietro …agus má aimsífear i gceart iad nár chóir iad a thabhairt ar ais go hÉirinn…nach raibh sé i gcónaí ag iarraidh pilleadh?

  • Joe

    Má tá an feidhmeanas ó thuaidh sásta íoc as, tuige nach déanfadh?

  • nioclas

    Aontaim le Padai Rua. Ta an ceannaire ab fhearr a bhi riamh sa tir seo a’ainn fos ar deoraiocht.

  • Eamann Ó L

    @leitheoir
    Idiraisnéis atá ann –
    ‘In 1989 leag an Cairdinéal Ó Fiach leac cuimhneacháin marmair ins an áit [a mheastar] ar cuireadh Aodh Ó Néill i Séipéal San Pietro sa bhliain 1616.’

    Níl an chiall chéanna sa dá abairt sin agatsa.
    “I 1989 leag an Cairdinéal Ó Fiach leac cuimhneacháin marmair ins an áit a meastar a cuireadh Aodh Ó Néill i Séipéal San Pietro sa bhliain 1616.
    I 1989 leag an Cairdinéal Ó Fiach leac cuimhneacháin marmair ins an áit ar cuireadh Aodh Ó Néill i Séipéal San Pietro sa bhliain 1616, mar a mheastar?”