Tús taitneamhach, éadromchroíoch le sraith thábhachtach do TG4 agus pobal óg na Gaeilge

Saol na gcoláistí samhraidh atá mar chúlra le scéal 'Saol Ella' agus is bunchloch mhaith í sin

Tús taitneamhach, éadromchroíoch le sraith thábhachtach do TG4 agus pobal óg na Gaeilge

Tá seacht mbliana déag gafa tharainn ó chraol TG4 an tsraith do dhéagóirí, Aifric. Soláthraíodh trí shéasúr agus d’éirigh leis an saothar snasta spleodrach lucht leanta dílis a mhealladh mar aon le raidhse duaiseanna a ghnóthú. Níl an oiread sin rómhair déanta ag TG4 san iomaire seo ó shin (ritheann an saothar cumasach Eipic (2016) liom), agus bhí sé thar am ag TG4 a mhaide a chur san fheamainn in athuair, dá réir.

Seo chugainn iad leis an tsraith Saol Ella, a bhfuil mórán de na comharthaí sóirt céanna aige leis na saothair a chuaigh roimhe, agus ní haon drochrud é sin. Tagann scéal na sraithe ó phinn Gemma Breathnach agus Ailbhe Nic Giolla Bhrighde agus sé Éamonn de Norradh a bhí ar an stiúir.

Saol na gcoláistí samhraidh atá mar chúlra le scéal na sraithe seo agus is bunchloch mhaith í sin. “Tá airgead le déanamh ar Ghaeilgeoirí,” a deir Murt (Josie Ó Cualáin) lena chomharsa Dan (Seán McDonagh) go seanbhlastúil is é ag prapáil do chúrsaí an tsamhraidh i gConamara. Bioraíonn cluasa Dan, baintreach fir le triúr clainne a bhfuil an bhróg ag teannadh air ó thaobh airgid. Cinneann sé ochtar Gaeilgeoirí a choimeád. Ní róshásta atá a iníon Ella (Ciara Cox), príomhcharachtar na sraithe. Tá Rónán (Colm Seoighe) ar nós cuma liom ach ansin cuireann sé dúil sa leaschinnire. Sé Liam (Ruarc Ó Confhaola) an deartháir is óige agus an t-aon rud atá ag déanamh tinnis dó siúd ná cad é an chéad rud eile a bheidh le n-ithe aige. Meascán breá de charachtair eile againn chomh maith. Siobhán O’Kelly mar bhainisteoir an Choláiste Gaeilge agus Saorla (Grace Ridge) mar chéile comhraic ag Ella.

Bhaineas an-súp as binb is géarchúis Mháirín (Máire Ní Mháille). Í bródúil as an ngradam mar Bhean Tí na bliana, gradam atá gnóthaithe aici naoi mbliana as a chéile. D’fhéadfaí a sraith féin a thabhairt di agus a fear fulangach Murt. Naimhdeas de shaghas idir í agus Dan nach bhfuil aige ach ‘Gaeilge na leabhar’. Taispeántais bhreátha uathu beirt agus ón gceann feadhna Ciara.

Bogann cúrsaí ar aghaidh go mear agus tá an 24 nóiméad nó mar sin gafa tharainn i bpreabadh na súl. Tá cúrsaí greannmhara is éadroma le cíoradh – baois, soineantacht agus spleodar na hóige. Grafaicí de scáileán na bhfón póca á raideadh ar scáileán is ceol amhail Porcelain le Moby, Illuminate ó Ham Sandwich agus I Still Haven’t Found What I’m Looking For le U2 ár dtionlacan. Tá ábhar níos sollúnta idir chamáin chomh maith óir go bhfuil máthair na clainne imithe ar shlí na fírinne le tamall agus go bhfuil an teaghlach ar fad fós ag broc leis sin.

Tús taitneamhach, éadromchroíoch le sraith thábhachtach do TG4 agus do phobal óg na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Tús taitneamhach, éadromchroíoch le sraith thábhachtach do TG4 agus pobal óg na Gaeilge'