Tús maith leath na… Rinne Leo Varadkar agus David Davis dearmad ar chomhairle an tseanfhocail

Is cosúil go bhfuil an Taoiseach nua agus David Davis araon dall ar chomhairle an tseanfhocail – Tús maith, leath na hoibre

Tús maith leath na… Rinne Leo Varadkar agus David Davis dearmad ar chomhairle an tseanfhocail

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

1. Drochthús: Leo Varadkar

Ní ar an Taoiseach nua atá an milleán go ndearna Enda Kenny, Frances Fitzgerald agus Máire Whelan praiseach in éineacht do cheapadh an Ard-Aighne mar bhreitheamh sa Chúirt Achomhairc.

Ní ar Leo Varadkar atá an milleán ach oiread gur chuir Shane Ross a iarratas ar bhac ar cheapadh breitheamh nua go mbeadh córas ceapacháin nua curtha ar bun, i leataobh go tobann. Níl fianaise iomlán ar fáil gur athoscailt stáisiún na nGardaí ar an Chéim a thug ar Ross a intinn a athrú. Mar sin féin níl amhras ar mhórán faoin bhfáth.

Mar aire rialtais a d’aontaigh le ceapadh an bhreithimh nua, agus mar chomharba ar an Taoiseach a mhol go gceapfaí í, is léir an brú a bhí ar Varadkar tacú go láidir leis an mBreitheamh Whelan ó thús. Ach bheadh meas níos mó ag an bpobal air dá n-admhódh sé, ainneoin chumas an bhreithimh nua, nach raibh sé sásta leis an tslí ina ndearnadh an rogha.

Tar éis chruinniú an rialtais Dé Máirt, ní raibh aon chaint ar an “athbhreithniú” a dúirt Shane Ross agus airí neamhspleácha eile roimh ré a bhí riachtanach. Tost eile nach rachaidh chun sochair an rialtas.

Is treise an t-amhras a chuirfidh ceapadh 19 aire stáit ar mhórán mar gheall ar na ceisteanna réasúnta a spreagann a rogha (a) faoin gcaiteachas ar fhoireann shóisearach chomh mór sin agus (b) faoina riachtanas.

Tugann gach Taoiseach ardú céime dá lucht leanúna ach dhúisigh roghanna Varadkar cúiseanna éagsúla amhrais.

Ceithre shampla:

* Bhí 34 post le líonadh aige. Níor cheap sé ach seachtar ban. Bhí éagothromaíocht inscne sa rialtas i gcónaí, ach is ar gcúl atá cúrsaí inscne ag dul anois.

* Tá a phost mar aire stáit caillte ag Dara Murphy, aire stáit a raibh páirt mhór aige i gcomhráite éagsúla faoin mBreatimeacht.

Níl aon taithí ag Helen McEntee, a ceapadh mar aire stáit Eorpach ina ionad, ar ghnóthaí eachtracha.

* Má chuimhnítear ar chúrsaí inscne agus Breatimeachta le chéile, is deacair an t-ísliú céime a fuair Dara Murphy agus Marcella Corcoran-Kennedy a chosaint.

* Ach tá an phríomhchúis soiléir ar ndóigh: bhí an bheirt ag tacú le Simon Coveney sa toghchán a bhuaigh Varadkar.

Gan dabht is féidir dul chun cinn a dhéanamh tar éis gach drochthús. Is bunaithe ar chúrsaí níos doimhne ná mar atá pléite thuas a thabharfaidh an pobal breithiúnas amach anseo ar Leo Varadkar agus ar a pháirtí.

Ní féidir, áfach, scéal seafóideach amháin a fhágáil ar lár i luathchuntas mar seo ar bhotúin a rinneadh ó chuaigh an Taoiseach nua i gceannas.

Bhí a chomhairleoir Nick Miller i láthair nuair a cuireadh agallamh ar thuismitheoirí an Taoisigh nua, Miriam agus Ashok Varadkar. Le linn an agallaimh (níor craoladh an giota áirithe seo ach d’éist www.Tuairisc.ie leis) a dúirt Millar le máthair an Taoisigh:

I was going to suggest that maybe if you could say ‘He’s always very good at dealing with the media.’’

Shílfeadh duine stuama, fiú amháin Taoiseach nua, go bhféadfaí cead a cinn a thabhairt dá mháthair labhairt ar an teilifís gan a bheith ag iarraidh ar an mbean bhocht é a mholadh.

Tóg go bog é a Thaoisigh, ar mhaithe leat féin. Agus ar mhaithe le Miriam.

2. Drochthús: David Davis

Nuair a chuir ionadaithe an AE agus na Ríochta Aontaithe tús leis an idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht Dé Luain, ba léir láithreach go raibh an chéad chath buaite roimh ré ag taobh amháin.

Níl ann ach mí ó dúirt príomh-ionadaí na Breataine David Davis go mbeadh sé ina raic eatarthu ar feadh an tsamhraidh (‘the row of the summer’) mar gheall ar easaontas faoi chlár na gcainteanna.

Ní raibh an Bhreatain toilteanach, a dúirt sé ar an 13 Bealtaine, cúrsaí airgeadais agus ceist na hÉireann a phlé i dtosach, mura mbeadh ionadaithe an Aontais toilteanach mórcheisteanna eile faoin gcaidreamh eatarthu amach anseo a phlé ag an am céanna.

Dúirt príomh-ionadaí an AE, Michel Barnier a mhalairt agus is de réir a chláir ama a thosaigh agus a leanfar leis an idirbheartaíocht

Geallúint Davis roimh ré? Ní raibh focal le rá ina thaobh aige tar éis an chéad chruinniú foirmiúil idir é féin agus Barnier.

D’imigh sin agus tháinig seo – sampla 745,892.

Fág freagra ar 'Tús maith leath na… Rinne Leo Varadkar agus David Davis dearmad ar chomhairle an tseanfhocail'