Tús le toghchán na huachtaránachta agus a fheachtas á sheoladh ag Ó hUigínn

Trí a chlog tráthnóna inniu an sprioc oifigiúil d’ainmniúcháin don toghchán a bheidh ar siúl ar an 26 Deireadh Fómhair agus beidh an chéad díospóireacht idir na hiarrthóirí ann amárach

Tús le toghchán na huachtaránachta agus a fheachtas á sheoladh ag Ó hUigínn

Cuirfear tús ceart le toghchán na huachtaránachta inniu agus a fheachtas toghchánaíochta á sheoladh go hoifigiúil ag an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn.

Trí a chlog tráthnóna inniu an sprioc oifigiúil d’ainmniúcháin don toghchán a bheidh ar siúl ar an 26 Deireadh Fómhair.

Seisear atá san iomaíocht i Rás an Árais, an tUachtarán féin, Liadh Ní Riada, iarrthóir Shinn Féin, an Seanadóir Joan Freeman, agus triúr fear gnó, Seán Gallagher, a tháinig sa dara háit in 2011, Gavin Duffy agus Peter Casey.

Amárach ar RTÉ Raidió 1 am lóin  a bheidh an chéad díospóireacht san fheachtas. Ní bheidh an tUachtarán Ó hUigínn ag glacadh páirte sa díospóireacht sin toisc dualgais eile a bheith air – beidh sé ag oscailt ionad nua do mhic léinn in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag 11am agus tá coinne aige le hIarla Wessex, Prionsa Edward na Breataine ag 2.30pm.

Dúirt an tUachtarán go mbeidh sé lántoilteanach páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí agus ceisteanna a fhreagairt le linn an toghcháin.

Ní bheidh Seán Gallagher ag glacadh páirt i ndíospóireacht an lae amárach ach oiread, toisc a dúirt sé, nach bhfuil sé i gceist aige baint a bheith aige lena leithéid mura mbíonn an tUachtarán agus na hiarrthóirí eile go léir i láthair.

Ní fios go fóill an gcraolfar díospóireacht teilifíse Gaeilge idir na hiarrthóirí le linn an fheachtais.

Thug urlabhraí de chuid TG4 le fios do Tuairisc.ie an tseachtain seo caite nach raibh “cinneadh déanta, bealach amháin nó bealach eile” faoi cheist na díospóireachta. Bhí a leithéid de dhíospóireacht ar TG4 in 2011 ach bhí a formhór i mBéarla toisc gurbh é Micheál D. Ó hUigínn an t-aon iarrthóir a raibh Gaeilge aige. Meastar go mbeadh doicheall ar roinnt daoine sa stáisiún a leithéid de chur chuige a tharraingt chucu féin arís. Dúirt Liadh Ní Riada an tseachtain seo caite, áfach, gur “masla” do phobal na teanga a bheadh ann mura gcraolfadh TG4 nó RTÉ díospóireacht i nGaeilge.

Cainteoirí líofa Gaeilge iad beirt de na hiarrthóirí, Micheál D Ó hUigínn agus an Feisire Eorpach, Liadh Ní Riada arb as Gaeltacht Mhúscraí di. Tá ráite ag Seán Gallagher, Joan Freeman agus Gavin Duffy go mbeadh béim mhór acu ar an nGaeilge dá dtoghfaí iad agus thug Duffy agus Freeman le fios go ndéanfaidís ranganna Gaeilge dá n-éireodh leo.

Is é seo an chéad uair gur tugadh dúshlán uachtaráin i dtoghchán ó 1966, nuair a d’éirigh le hÉamon de Valera an dara téarma a fháil.

Tá Micheál D Ó hUigínn ina rogha láidir na n-údar agus na ngeallghlacadóirí chun an toghchán a bhuachan agus an dara téarma seacht mbliana ina uachtarán a fháil.

Fág freagra ar 'Tús le toghchán na huachtaránachta agus a fheachtas á sheoladh ag Ó hUigínn'