Tús le cur le hullmhú pleananna teanga don Chlochán agus Baile an Róba

Tá mí ag eagraíochtaí le hiarratas a dhéanamh chuig Foras na Gaeilge ar a bheith roghnaithe mar eagraíocht chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sa dá bhaile

Tús le cur le hullmhú pleananna teanga don Chlochán agus Baile an Róba

Tá pleananna teanga le hullmhú do bhaile i nGaillimh agus i Maigh Eo mar chuid den phróiseas pleanála teanga.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers inniu go bhfuil sé beartaithe tús a chur le hullmhú pleananna teanga don Chlochán i gConamara agus Baile an Róba Mhaigh Eo.

Aithneofar na bailte sin mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta nuair a bheidh pleananna teanga aontaithe le Roinn na Gaeltachta.

Tá mí ag eagraíochtaí le hiarratas a dhéanamh chuig Foras na Gaeilge le bheith ainmnithe mar eagraíocht chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i gcás an dá bhaile.

Beidh dhá bhliain ag na heagraíochtaí a roghnaítear le plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne agus cuirfear ciste ar fiú suas le €20,000 é ar fáil don obair sin. Cuirfear ciste bliantúil ar fiú €80,000 ar fáil thar thréimhse seacht mbliana chun plean teanga An Chlocháin agus Bhaile an Róba a chur i bhfeidhm ach a mbeidh siad ceadaithe.

Agus an scéal á fhógairt aige inniu, dúirt an tAire Stáit Chambers gur “céim eile chun cinn” a bhí anseo maidir leis an bpróiseas pleanála teanga.

“Táim ag súil leis go mbeidh na páirtithe leasmhara sa dá bhaile sásta páirt ghníomhach a imirt chun an Ghaeilge a threisiú tuilleadh sa Chlochán agus i mBaile an Róba – rud a bheidh ar leas na Gaeilge agus ar leas an dá bhaile araon.”

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tugtar Bailte Seirbhíse Gaeltachta ar na bailte atá suite le hais na Gaeltachta, nó laistigh di, agus a chuireann seirbhísí poiblí, tráchtála agus sóisialta ar fáil do phobal na Gaeltachta.

Tá sé mar chuspóir ag Roinn na Gaeltachta go mbeadh tionchar dearfach ag na bailte ar an nGaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sna ceantair oifigiúla Ghaeilge atá taobh leo nó timpeall orthu.

Ceithre Bhaile Seirbhíse Gaeltachta atá ceadaithe faoin bpróiseas go dtí seo, Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, cathair na Gaillimhe agus An Clochán Liath.

Tá plean teanga do bhaile Thrá Lí á bhreithniú ag an Roinn faoi láthair agus idir lámha cheana féin tá an próiseas chun pleananna a ullmhú do cheithre bhaile eile – Dún Garbhán, Cathair Saidhbhín, Caisleán an Bharraigh agus Cathair Chorcaí.

Fág freagra ar 'Tús le cur le hullmhú pleananna teanga don Chlochán agus Baile an Róba'