Slán fágtha ag Sessions le ‘crazytown’ agus tús curtha le feachtas 2020

Tá an reifreann ar uachtaránacht Trump rite agus súil cheana féin ar thoghchán uachtaránachta 2020

Slán fágtha ag Sessions le ‘crazytown’ agus tús curtha le feachtas 2020

Níl an chuma ar chúrsaí go bhfuil ‘crazytown’, mar a thugtar ar an Teach Bán i leabhar Bob Woodword faoi Donald Trump, ag éirí aon bhlas níos ciúine i ndiaidh na dtoghchán lár téarma. Níor thúisce na torthaí istigh ná bhí Trump fillte ar dhá cheann de na caithimh aimsire is ansa leis – a bheith ag ionsaí na meán agus a bheith ag  tabhairt bata agus bóthar dá chuid fostaithe.

An tArd-Aighne Jeff Sessions atá imithe an uair seo, fear a mheasann Trump a rinne treascairt air nuair nár sheas sé leis maidir leis an bhfiosrúchán faoi ról na Rúise i dtoghchán 2016. Tá go leor den tuairim anois go bhfuair sé réidh le Sessions ar mhaithe le duine a chur ina áit nach ndéanfaidh an botún céanna.

Más faoi na Daonlathaigh an saol a dhéanamh níos deacra don Uachtarán as seo go ceann dhá bhliain, is léir nach ngéillfidh Trump gan troid.

Is follasach freisin go bhfuil tús curtha cheana féin le feachtas na huachtaránachta 2020.

Cé go bhfuil neart le plé go fóill faoi thoghcháin lár téarma na seachtaine seo agus anailís le déanamh ar an  teachtaireacht atá tugtha ag pobal na Stát Aontaithe don Teach Bán agus don pháirtí Daonlathach, beidh lucht eagraithe an dá pháirtí ag meas céard a chiallaíonn seo ar fad dá gcuid seansanna i mí na Samhna 2020.

Sa bplé ar fad a bhí ar siúl i measc na dtráchtairí i ndiaidh na dtoghchán, ba léir luath go maith sa lá go raibh saineolaithe na polaitíochta i Meiriceá ag coinneáil súil ghrinn ar na coimhlintí gobharnóireachta.

Toghtar 36 gobharnóir le linn na dtoghchán lár téarma agus is iad na torthaí seo a thugann leide faoin treo ina rachaidh cúrsaí sna réamhthoghcháin uachtaránachta in 2019/2020.

Tá an reifreann ar uachtaránacht Trump rite. Tá ceannas anois ag na Daonlathaigh ar Theach na nIonadaithe agus cuirfidh sin leis an bpairilis i gcóras reachtaíochta na Stát Aontaithe. Cuirfidh sé leis an mbrú atá ar an Uachtarán Trump mar go mbeidh deis anois tús a chur le fiosrúcháin bhreise faoina chuid gnóthaí. Tá súil go gcuirfear tuilleadh dlúis freisin faoi fhiosrúchán Robert Mueller agus an ceangal a bhí idir an Rúis agus feachtas Trump (má bhí) le linn an fheachtais in 2016. Bunaithe ar thorthaí na dtoghchán, beidh smacht ag na Daonlathaigh ar na coistí a bheidh i bhfeighil na bhfiosrúchán faoi mhírialtachtaí.

Cothóidh na nithe seo ar fad tuilleadh míshuaimhnis in intinn na bPoblachtánach faoina bheith ag tacú le Donald Trump in 2020, gan trácht ar an míshuaimhneas a chothóidh siad in intinn an Uachtaráin Trump féin.

Idir an dá linn, tá beartais á gcur i bhfeidhm ag Trump a chothóidh tuilleadh deacrachtaí dó. Ceann de na nithe ba mhó a bhí ag déanamh imní do dhaoine agus iad ag vótáil Dé Máirt, go háirithe do mhná, ná na coinníollacha a bhaineann le hárachas sláinte. Tá imní faoi chásanna atá á dtabhairt ag gobharnóirí in Nebraska agus Wisconsin faoi árachas a bheith ar fáil do dhaoine a bhfuil tinneas ag dul dóibh cheana féin.

Cúinsí imirce a bhí ag déanamh imní do chuid mhaith de lucht tacaíochta na bPoblachtánach; an chúis b’fhéidir go ndearna siad téarnamh de bheagán sna Stáit ó dheas, leithéidí Arizona agus Texas.

Mura bhfuil tada eile tarlaithe ó toghadh Donald Trump chun an Tí Bháin, is léir go bhfuil suim níos mó ná riamh ag pobal na Stát Aontaithe sa bpolaitíocht. Olc nó maith, dearg nó gorm, chaith 36 milliún duine vóta luath sa toghchán seo.  Léirigh daoine óga níos mó suime ná riamh sna toghcháin, de réir tuairiscí. Ceist anróiteach ann féin é an clárú vótála agus na rialacha faoina dtugtar cead vótála do dhaoine den chéad uair. Go deimhin, is minic conspóid faoin mbealach a ndéantar ceart vótála a riaradh i stáit agus i gceantair ar leith, mar a tharla i stát Georgia inné.

Cén fáth, mar sin, go ndéarfainn gur cuireadh tús le feachtas an chéad toghchán uachtaránachta eile maidin inné? Mar go bhfuil sé soiléir anois céard í meon an phobail i leith Donald Trump. Tuigeann na Poblachtánaigh céard atá le déanamh lena thoghadh in athuair. Ó tharla an  eacnamaíocht a bheith ag déanamh go maith, déarfainn gurbh é an rud ab fhearr dóibh a dhéanamh anois ná snaidhm a chur i dteanga Trump.

I gcás na nDaonlathach, caithfidh siad ceannaire a aimsiú. Bhí siad ag brath ar Barack agus Michelle Obama sna laethanta deiridh den fheachtas seo le seasamh na nDaonlathach a chosaint. Dá fheabhas é, tá cosc ar Obama dul chun cinn mar iarrthóir toghchánaíochta arís. Fágann sin go bhfuiltear ag faire ar na Seanadóirí agus na Gobharnóirí nua-thofa lena meas an bhfuil mianach iarrthóra iontu. Tosóidh na réamhthoghcháin i mí Eanáir 2020 ach tá go leor stocaireachta le déanamh idir seo agus sin. Sin agus gan trácht ar an airgead a bheidh le bailiú.

Beag beann ar na torthaí cuirfidh Trump a chuma féin ar an scéal. Níl amhras ach go raibh an tUachtarán in intinn thromlach na vótóirí agus iad ag cur marc ar an bpáipéar. Ar éirigh leis an bpobal aon srian a chur ar na mianta atá ag Donald Trump, ní hamháin anois ach i 2020?

Fág freagra ar 'Slán fágtha ag Sessions le ‘crazytown’ agus tús curtha le feachtas 2020'