Tá dí-adhlacadh déanta ar Francisco Franco, an deachtóir a bhí i gceannas ar an Spáinn ó 1939 go dtí gur bhásaigh sé i 1975, agus tá a thaisí á n-aistriú go dtí reilig lasmuigh de Mhaidrid.
Ar héileacaptar atá taisí Franco á n-aistriú ó thuama mór galánta go dtí gnáthuaigh sa reilig gar do Mhaidrid ina bhfuil a bhean curtha.
Gheall sóisialaigh na Spáinne fadó riamh go n-aistreofaí taisí Franco as an tuama toisc, a dúirt siad, nár chóir dia beag a dhéanamh de dheachtóir.
Bhí 22 duine muinteartha le Franco i láthair i mbaisleac Valle de los Caídos, nó Gleann na nDaoine a Thit, nuair a cuireadh tús leis an obair dhí-adhlactha maidin inniu.
Theip ar iarracht a rinne muintir Franco stop a chur le haistriú a thaisí as Valle de los Caídos, mar a bhfuil 30,000 duine a bhásaigh i gcogadh cathartha na Spáinne curtha.
Bhí aire dlí agus cirt na Spáinne, Dolores Delgado, i láthair chomh maith nuair a cuireadh tús le haistriú an deachtóra.
Bhí cosc ar aon scannánú a dhéanamh ar an obair agus puball tógtha os cionn na huaighe. Tógadh an leac, a bhfuil tonna go leith meáchain inti, den uaigh agus tógadh an chónra amach chun í a thabhairt go dtí reilig El Pardo i Maidrid.
Tá scoilt sa phobal le fada faoi cé acu ar cheart taisí an deachtóra a bhogadh nó é a fhágáil mar atá.
Léirigh pobalbhreith amháin a rinneadh le déanaí go raibh 43% ar son dhí-adhlacadh an deachtóra agus gor raibh 32.5% i gcoinne an phlean.
Fág freagra ar 'Franco dí-adhlactha agus a thaisí á n-aistriú go dtí reilig gar do Mhaidrid'