Tús á chur le clár lán-Ghaeilge ar 2fm den chéad uair – agus Ed Sheeran ag casadh i nGaeilge ar albam nua!

I nGaeilge amháin a chuirfidh Bláthnaid Treacy clár na gcairteacha i láthair ar RTÉ 2fm gach Aoine. Idir an dá linn, tuigtear go bhfuil leagan Gaeilge de cheann dá chuid amhrán taifeadta ag Ed Sheeran d’albam nua

Bláthnaid Tracey

Cuirfidh RTÉ 2fm tús le clár nua raidió i nGaeilge as seo go ceann cúpla seachtain, an chéad uair riamh ag an stáisiún popcheoil clár rialta i nGaeilge amháin a chraoladh.

Idir an dá linn, tuigtear do Tuairisc.ie go mbeidh an t-amhránaí mór le rá Ed Sheeran le cloisteáil ag seinm i nGaeilge ar albam nua atá le seoladh an tseachtain seo chugainn. Leagan Gaeilge de cheann dá amhrán féin a bheidh á chasadh ag an Síoránach.

I nGaeilge amháin a chuirfidh Bláthnaid Treacy clár na gcairteacha i láthair ar RTÉ 2fm gach Aoine. Mairfidh an clár ar feadh dhá huair an chloig.

Bíonn Bláthnaid Treacy ag obair le Spin FM agus RTÉ, mar a gcuireann sí Two Tube i láthair ar RTÉ2. Tá sí ag fágáil Spin FM chun díriú ar a cuid oibre le RTÉ, idir obair teilifíse agus an clár Gaeilge nua ar 2fm.

Dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire le Tuairisc.ie gur léiriú a bhí sa chlár nua Gaeilge “ar thiomantas na seirbhíse i leith phlean gníomhaíochta Gaeilge RTÉ”.

“Is forbairt iontach dearfach é go bhfuil RTÉ 2fm ag tabhairt faoi chlár dá leitheid seo, agus is teachtaireacht ar leith atá ann ó thaobh na Gaeilge de i bhfianaise an spriocmhargaidh óig agus na feidhme tráchtála a bhaineann le RTÉ 2fm,” a deir Mac Con Iomaire.

Dúirt sé nach raibh sa chlár nua ach gné amháin “de shraith gníomhartha atá ar bun ag RTÉ 2fm i leith na Gaeilge”.

Luaigh sé chomh maith an t-albam atá curtha le chéile ag 2fm i gcomhar le Conradh na Gaeilge. Ar an albam sin, tá bannaí ceoil aitheanta le cloisteáil ag casadh leaganacha Gaeilge dá gcuid amhrán. Tá sé i gceist na hamhráin Ghaeilge a chur ar sheinnliosta oifigiúil na seirbhíse.

Chas an craoltóir Eoghan McDermott amhrán ón albam nua den chéad uair an tseachtain seo caite – leagan Gaeilge ag Kodaline dá n-amhrán, ‘Love Will Set You Free’.

Tá an t-albam féin á sheoladh an tseachtain seo chugainn, albam ar a mbeidh Ed Sheeran agus ceoltóirí aitheanta Éireannacha le cloisteáil ag amhrán i nGaeilge.

Ní hé seo an chéad uair a chuir Sheeran suim sa teanga. Bhí scéalta go leor sna meáin anuraidh faoin tatú i nGaeilge a fuair sé.

Fág freagra ar 'Tús á chur le clár lán-Ghaeilge ar 2fm den chéad uair – agus Ed Sheeran ag casadh i nGaeilge ar albam nua!'

  • Gearóid

    Is tearc na daoine a bhfuil níos mó de thionchar acu ar aos óg na tíre seo ná an Síoránach. Bua ollmhór é seo!