Tús á chur ‘go luath’ le hathbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Stáit Joe McHugh go ndéanfaidh ‘foireann cháilithe’ athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga go luath

Tús á chur ‘go luath’ le hathbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga

Tá sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta tús a chur leis an  athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga “go luath”.

“Foireann cháilithe” a bheidh i mbun an athbhreithnithe agus cuirfear “taithí, saineolas, tuairimí agus moltaí” na ndaoine is mó a bhfuil spéis acu sa scéim san áireamh agus an t-athbhreithniú á dhéanamh, a dúirt an Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh.

Dúirt an tAire McHugh sa Dáil go dtabharfar “aird ar leith” ar thorthaí an athbhreithnithe “in am trátha” agus “i gcomhthéacs na n-acmhainní atá ar fáil” lena chinntiú go mbeidh an scéim ag teacht le príomhspriocanna na pleanála teanga agus an pholasaí oideachais Gaeltachta.

Dúirt an tAire Humphreys go raibh an t-athbhreithniú le déanamh le cur i bhfeidhm na pleanála teanga agus cur i bhfeidhm an pholasaí oideachais Gaeltachta “a láidriú a thuilleadh”.

Níos luaithe i mbliana, cheadaigh an tAire Stáit Joe McHugh deontas €551,813 do Mhuintearas Teo agus deontas €232,629 d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun Scéim na gCúntóirí Teanga a reáchtáil don scoilbhliain 2017/2018.

Faoi Scéim na gCúntóirí Teanga cuirtear cúntóirí ar cainteoirí líofa Gaeilge iad ar fáil do scoileanna Gaeltachta chun tacú le páistí an Ghaeilge a shealbhú. Tá 95 cúntóir teanga ag obair i 106 scoil Ghaeltachta faoin scéim.

Fág freagra ar 'Tús á chur ‘go luath’ le hathbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teanga'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An bhfuil fiúntas ar bith leis an scéim seo i ndáiríre? Ar bhfiú obair na gcúntóirí teanga seo a leathnú sa dóigh is go bhfeidhmíonn said taobh amuigh de shuíomh na scoile chomh maith?