Turas treoraithe Gaeilge faoi Seamus Heaney do Sheachtain na hOidhreachta

Tá turas treoraithe Gaeilge faoin bhfile Seamus Heaney á reáchtáil ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo chugainn

Turas treoraithe Gaeilge faoi Seamus Heaney do Sheachtain na hOidhreachta

Beidh turas treoraithe Gaeilge faoin mórfhile Seamus Heaney á reáchtáil ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn mar chuid de Sheachtain na hOidhreachta.

Tá an turas treoraithe bunaithe ar thaispeántas ‘Listen Now Again/Éist Anois Arís’, a d’oscail an mhí seo caite san Ionad Cultúrtha agus Oidhreachta nua ag Banc na hÉireann ar Shráid Westmoreland.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie dúirt Aoileann Ní Bhroin ón Leabharlann Náisiúnta, go dtabharfadh an turas léargas “ar shaol Shéamus Heaney, ar a chuid oibre agus ar an bpróiseas cruthaitheach aige”.

“Bhí iliomad gnéithe ag baint lena shaol, idir a spéis sna Corpáin Phortaigh agus a cheangal leis an ngrúpa Field Day, an duais Nobel agus an tionchar a bhí ag na Trioblóidí ar a chuid scríbhneoireachta,” ar sí.

I measc na n-ábhar a phléifear le linn an turais, tá lámhscríbhinní, litreacha, saothar neamhfhoilsithe agus dialanna de chuid an fhile Bhéarla iomráitigh.

Dúirt Ní Bhroin go bhfuil turas treoraithe Heaney á chur ar fáil i nGaeilge le freastal a dhéanamh ar phobal na Gaeilge sa chathair.

“Níl an taispeántas ar oscailt le fada, agus is imeacht foirfe í Seachtain na hOidhreachta chun turas Gaeilge a chur ar fáil,” ar sí.

Thug Ní Bhroin le fios go bhfuil súil ag an Leabharlann Náisiúnta ciorcal comhrá a reáchtáil bunaithe ar Conlán (1989), aistriúcháin Gabriel Rosenstock ar na dánta ag Heaney, chomh maith le turas rialta trí Ghaeilge, a bheidh mar chuid de “chlár níos leithne Gaeilge” don bhliain seo chugainn.

turas treoraithe Heaney ar siúl ar an 25 Lúnasa. Imeacht saor in aisce atá ann ach is gá áit a chur in áirithe.

Fág freagra ar 'Turas treoraithe Gaeilge faoi Seamus Heaney do Sheachtain na hOidhreachta'

  • Mairéad

    An Ghaeilge in áit na leathphingine ar shuíomh idirlín National Heritage Week agus níl teideal Gaeilge ar an suïomh in áit ar bith. Brú an cnaipe don Ghaeilg agus tá cuid is mó de i mBéarla.
    Google Translate in úsáid -what, where, when mar shsmpla. Where aistrithe mar “Cá” seachas Áit