Turas ‘Rita’ ón leathanach clóite go dtí Cúla4

Tá sraith teilifíse déanta den tsraith pictiúrleabhar ‘Rita’ le Máire Zepf. Labhair an scríbhneoir agus an foilsitheoir Caitríona Nic Sheáin le Tuairisc faoin turas ón leathanach clóite go dtí an scáileán beag 

Turas ‘Rita’ ón leathanach clóite go dtí Cúla4

Sé leabhar atá sa tsraith pictiúrleabhar ‘Rita’ a leanann eachtraí ‘cailín beag le smaointe móra’. ‘Infheistíocht chruthaitheach’ a bhí sa gcinneadh a rinne an scríbhneoir Máire Zepf agus an t-ealaíontóir Mr Ando (ainm cleite Andrew Whitson) fanacht le carachtar amháin ar feadh tréimhse fada mar atá déanta acu le ‘Rita’.

Thug an cinneadh sin deis do léitheoirí óga aithne mhaith a chur ar Rita, a deir Caitríona Nic Sheáin, foilsitheoir an leabhair. Tá Caitríona ag obair in earnáil na Gaelscolaíochta mar mhúinteoir ón mbliain 1991 ach is comhstiúrthóir í freisin ar an teach foilsitheoireachta An tSnáthaid Mhór in éineacht lena fear céile Andrew Whitson. Tá an-chreideamh aici i gcumhacht na scéalaíochta.

“Do na páistí a bhfuil na leabhair léite acu is modh spraíúil eile é seo le teagmháil leis an gcarachtar. Sin é an smaoineamh a bhí taobh thiar den tsraith seo, go mbeadh deis ag páistí aithne a chur ar charachtar arís agus arís eile is go mbeadh sé níos fusa acu an leabhar a phiocadh suas.

“Tá páistí ann agus taitníonn leo a bheith ag filleadh ar an gcarachtar céanna arís is arís eile. Ansin tá páistí eile ann a deir ‘níl suim agam sna leabhair’ agus bíonn aistear difriúil acusan i dtreo na leabhar. Seo bealach eile leis an doras atá druidte a oscailt arís.”

Deir an foilsitheoir gurb é ceann de na dúshláin a bhain leis na leabhair a aistriú go dtí an scáileán ná a chinntiú go dtabharfaí spiorad na mbunscéalta go dtí an leagan amach nua. Bhí an léitheoireacht chun cinn ina n-intinn acu agus an tsraith á forbairt acu, a deir sí, agus cloíonn an leagan teilifíse le rithim agus stíl na mbunleaganacha, gné a bhí an-tábhachtach dóibh agus na cláir á ndéanamh.

As Contae an Dúin ó dhúchas do Máire Zepf a bhfuil os cionn 16 leabhar scríofa aici, ó phictiúrleabhair go húrscéal véarsaíochta d’aosaigh óga. Bhuaigh an t-úrscéal véarsaíochta sin, Nóinín (Cois Life), Gradam Leabhar na Bliana KPMG Leabhar Pháistí Éireann sa mbliain 2020 agus tá go leor gradam is duaiseanna eile gnóthaithe aici as a saothar scríbhneoireachta. Ba í an chéad Chomhalta Scríbhneoireachta do Pháistí don Tuaisceart nuair a ceapadh í sa ról sin sa mbliain 2017. Bíonn freagrachtaí éagsúla ar an scríbhneoir, a deir sí.

“Nuair atá tú ag cruthú pictiúrleabhair bíonn tú ag cuimhneamh go mbeidh an duine fásta ag léamh an leabhair do pháiste. Ach nuair atá tú ag cruthú an scéil don scáileán tagann athruithe de bheagán ar gach rud mar sin agus tá freagracht dhifriúil ort mar scríbhneoir.

“Athraíonn sé an chaoi a dteagmhaíonn páistí leis an scéal ach bhí muid ag iarraidh an mothú sin a bheith ag léamh an leabhair os ard a choinneáil,” a deir Zepf.

Deir sí gur chabhraigh sé leis an bpróiseas cóirithe gur pictiúrleabhair a bhí sna bunsaothair mar go bhfuil cuid mhaith den scéalaíocht ag tarlú trí na pictiúir cheana féin. Bhí a fhios acu go luath sa bpróiseas go raibh siad ag iarraidh fanacht dílis do na bunleabhair sa leagan a dhéanfaidís don scáileán, a deir Nic Sheáin.

“Déanann Andrew an obair ealaíne do na leabhair agus tá stíl beagán difriúil le gach ceann acu. Athraíonn an stíl ag brath ar an scéal agus ar ábhar an scéil. Bhí sé iontach tábhachtach go mbeadh na stíleanna éagsúla uilig le sonrú sa gcur i láthair. Shocraigh muid go mbeadh Rita mar a bhí sí sna leabhair.

Máire Zepf agus Mr Ando

“Is iad na leabhair an chéad ghrá atá againn agus ag spreagadh na léitheoireachta i ndaoine óga. Bhí sé iontach tábhachtach dúinn go mbeadh an bogadh sna híomhánna séimh agus ag luas galánta réidh do na páistí.”

Theastaigh an cur chuige sin ó Chaitríona agus dúirt go raibh an luas ar cheann de na difríochtaí móra a bhí ina n-intinn acu sa gcóiriú teilifíse.

“Nuair atá leabhar á léamh amach tá an léitheoir i gceannas ar an luas, ach ar chlár teilifíse tagann sé isteach leis an rithim atá ag an ábhar físe agus fuaime. Tá cothromaíocht ag teastáil idir an ceol, an ghluaiseacht agus na beochana. Cruthaíonn sé leibhéal nua idirghníomhaíocht leis an scéal.”

D’oibrigh an fhoireann go dlúth leis an léiritheoir Damian McCann ón stiúideo beochana Flickerpix agus na míreanna beochana á gcruthú acu. Tá míreanna beo sna cláir de Mháire Zepf ag léamh amach na scéalta agus míreanna beochana ina bhfeictear na léaráidí ó na leabhair.

 

“Bíonn neart daoine i gceist leis na caisleáin a thógáil! Bhí Jackie Doyle linn mar léiritheoir agus bhí Damian McCann ó Flickerpix linn mar stiúrthóir ar na míreanna beochana. Mar gur úsáid muid na híomhánna a rinne Mr Ando sna leabhair, b’éigean cóiriú a dhéanamh chun gluaiseacht a chur isteach sna pictiúir ach sílim go bhfuil chuile dhuine in ann an Rita a aithníonn muid ó na leabhair a aithint sna cláir.

“Ní raibh an próiseas gan dúshlán, bhí go leor oibre i gceist leis an gcóiriú a dhéanamh, ach b’fhiú go mór é.”

Ceann de na láidreachtaí móra atá ag an tsraith Rita ná an bealach a dtugann an carachtair aghaidh ar dhúshláin laethúla tríd an scéalaíocht. Bíodh Rita ag foghlaim conas roinnt le daoine nó déileáil leis na mothúcháin agus rudaí mar sin. Tugann eachtraí Rita bealach nua do léitheoirí óga cuimhneamh ar a ndúshláin féin, a deir an scríbhneoir.

“Níl siad déanta mar ‘theagasc’. Is rud níos boige atá i gceist leo. Domsa baineann sé le léitheoireacht agus i gcónaí tá leibhéal eile leis an scéal, leibhéal níos doimhne. Na daoine a bhíonn ag léamh agus a dtaitníonn léitheoireacht leo beidh siad ag cuimhneamh céard é an smaoineamh a chothaíonn sé faoi rudaí eile.

“Tá mé ag iarraidh a theacht ar bhealach spraíúil le cuid de na sreangacha smaointeoireachta sin a tharraingt go bog. Ní bheidh an mothú céanna ag gach páiste faoi gach scéal is beidh a n-aisfhreagairtí féin acu. Beidh gach léitheoir ag cur leis an tuiscint ar an scéal iad féin.”

*Bíonn an tsraith Rita le feiceáil beo ar Cúla4 maidineacha Dé Luain ag 9.25 r.n. agus ar sheinnteoir Cúla4

Fág freagra ar 'Turas ‘Rita’ ón leathanach clóite go dtí Cúla4'