Turas glórmhar Christy O’Connor Junior ó Chnoc na Cathrach go deireadh a chúrsa

Tháinig athruithe móra ar an saol i dtús an chéid seo caite, ach ba athrú simplí a thug faoi deara a raibh i ndán do Christy O’Connor Junior

The Handa Irish Senior Open 11/6/2010 Christy O'Connor Jnr lines up a putt on the 4th hole with his caddie Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Christy O’Connor i 2010. Pictiúr ©INPHO/Donall Farmer

Bhíodh feiceáil mhaith ag Micheál Mháirtín Ua Conchubhair agus ag a bhean Maighréad ar chathair na Gaillimhe, a bhí beagán soir uathu, nuair a d’éirídís le breacadh an lae ag tús an chéid seo caite go mblífeadh siad na beithígh a bhí ag coinneáil bhainne le cuid de shaoránaigh na háite sin.

Tuige nach mbeadh. ‘Cnoc na Cathrach’ an t-ainm a bhí ar an mbaile ina raibh an cúpla acra a bhí acu, gan ann ach trí theach ar fad idir Conchubharaigh agus Allúráin.

Bí cinnte gur bheag a chreid ceachtar acu ag an am go dtiocfadh an lá nuair a leathfadh Cathair na dTreabh amach chomh fada leis an áit a raibh siad ag bleán agus go mbeadh na milliúin á n-íoc ar chúpla acra talún ann. B’shin go díreach an méid a bhí acu féin agus thógadar cúigear mac agus seisear iníon orthu.

Dá ndéarfá leo go mbeadh aithne ar fud an domhain ar chuid den chlann sin agus ar a sliocht in imeacht leathchéad bliain, déarfadh siad go mba as Teach na nGealt a tháinig tú ar cuairt chucu.

Dá mbeadh sé de mhisneach agat a rá gurbh é cluiche an ghailf an bunús a bheadh leis an gcáil sin, tá seans ann go scoiltfeadh Micheál leis an láí thú!

Ach b’shin mar a thit amach.

Ba í an chúis ba mhó go n-ardódh Micheál Mháirtín Ua Conchubhair an láí os do chionn ná go mba iad lucht an rachmais agus na huaisle amháin a bhí ag plé leis an ngalf ag an am sin. Seans go mbíodh sé den bharúil gur cur amú talún a bhí ina leithéid nuair a d’fheicfeadh sé imreoirí ina bhun gar do shráidbhaile Bhearna, míle go leith siar uaidh le cósta.

Tháinig athruithe móra ar an saol i dtús an chéid seo caite, athruithe polaitíochta, sóisialta agus meoin. Doirteadh fuil le cuid acu agus bhí tuilleadh fós nár facthas a dtionchar i gceart go ceann na scórtha bliain.

Ach ba athrú simplí a thug faoi deara a raibh i ndán do chuid de shliocht Mhicheál Mháirtín Ua Conchubhair. Sa mbliain 1925 dhíol galfairí na Gaillimhe an talamh a bhí acu i mBearna agus thóg siad cúrsa nua níos gaire don chathair. Tá sé ann i gcónaí. Ritheann sé le cladach ón áit a bhfuil an clár léime ag cloigeann thiar Bhóthar na Trá agus chomh fada ó thuaidh leis an talamh atá ar chúl Choláiste Éinde.

‘Bóthar Chnoc na Cathrach’ an teorainn atá ó thuaidh leis agus ar an taobh eile den bhóthar sin, trasna ón áit a bhfuil an seachtú tí-bhosca inniu a bhí Micheál Mháirtín Ua Conchubhair agus Maighréad ag tógáil a gclainne.

Bliain d’aois a bhí duine dá gclann mhac, Christy, nuair a bhog na galfairí aniar as Bearna. Faoin am a raibh sé naoi mbliana d’aois, ba nós leis féin agus a chomhaoiseanna an claí a chaitheamh de léim agus cúpla poll a imirt i ngan fhios le seanmhaidí a bhíodh caite uathu ag na baill. Trí bliana dar gcionn bhí a chumas tugtha faoi deara agus é i mbun imeartha leis na baill chéanna sin.

Timpeall ceithre scór bliain dar gcionn, bhí Christy ina bheatha i gcónaí – bhain sé 91 bliain amach roimh an Nollaig. D’imir an laoch seo ar fhoirne Choirn Ryder 10 n-uaire i ndiaidh a chéile. Liosta le lua na comórtais aonaracha a bhuaigh sé agus tá siad ann a déarfadh gurbh é an galfaire nádúrtha ab fhearr é a rugadh sa tír seo riamh.

Bhí mac eile ag Micheál agus ag Maighréad Ua Conchubhair darbh ainm John a bhíodh ag dreapadh na mballaí freisin. Ní raibh aon chailleadh airsean ach an oiread, ach ba mhinice ag iompar an mhála dá dheartháir é ná i ngreim ina mhaide féin agus nuair a bhásaigh a athair, ba é John Mhicheál Mháirtín Ua Conchubhair a chuaigh i mbun na déiríochta.

Nuair a rugadh mac do John, thug sé Christy air in ómós a dhearthár. D’fhan an t-ainm mar sin gur thosaigh an t-ógánach seo freisin ag baint cáile amach dó féin mar ghalfaire. Ag an tráth sin, cuireadh an t-aguisín ‘Junior’ leis lena dhealú óna uncail.

Faraor, sciob an bás ‘Junior’ gan choinne uainn an tseachtain seo caite, go ndéana Dia maith air.

Ní fhéadfainn a rá go raibh aon aithne mhór agam ar Christy Junior. Chastaí ar a chéile muid anois agus arís. Ní raibh mórán eadrainn ó thaobh aoise, agus bheadh aithne againn beirt ar go leor de na daoine céanna a chuaigh ar scoil leis i mBearna agus i gCathair na Gaillimhe. Ba fúthu siúd ba mhó a bhíodh fonn cainte air, seachas ar an gcluiche a chleacht sé ná ar na héachtaí a rinne sé.

Bliain de Mheán Fómhair seo caite a bhí mé ina chomhluadar go deireadh, go dobrónach ag breathnú síos i bpiontaí, ina seasamh i bhfoisceacht cnag maith gailf de Pháirc an Chrócaigh, áit a raibh Cill Chainnigh tar éis an bua a fháil ar Ghaillimh in athimirt Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann.

D’imir ‘Junior’ an cluiche sin freisin le linn a óige, nó gur thug sé tús áite do liathróid níos lú.

Bhí an-tóir ar an gceol Gaelach aige freisin; ba mhaith uaidh port a chasadh ar an mbosca, ach, dar ndóigh, ní mba ón ngaoth a thug sé é sin ach an oiread – nach raibh gaol gar aige leis an mboscadóir cáiliúil Máirtín O’ Connor.

Tithe móra ceann slinne, siopaí agus ollmhargaí is mó a bheadh le feiceáil uaidh anois ag Micheál Mháirtín Ua Conchbhair dá mbeadh sé fós ag bleán na mbó ar bharr Chnoc na Cathrach. Ach bheadh an paiste glas sin trasna an bhóthair i gcónaí – na bratacha beaga ar foluain agus na pócaí gainimh anonn agus anall ann.

Tá mé ag dul amú nó bhainfeadh sin meangadh as an babhta seo.

Fág freagra ar 'Turas glórmhar Christy O’Connor Junior ó Chnoc na Cathrach go deireadh a chúrsa'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Píosa deas nádúrtha, a Mhártain.