Turas fóirithinte 5,000km ó Nua-Eabhrac go Texas déanta ag fear Chonradh na Gaeilge

Thiomáin Ed Shevlin, cainteoir Gaeilge agus ball de Chonradh na Gaeilge i Nua-Eabhrac ar feadh 96 uair an chloig chun trucail lán earraí a thabhairt ó dheas go muintir Texas i ndiaidh spéirling Harvey an mhí seo caite

Turas fóirithinte 5,000km ó Nua-Eabhrac go Texas déanta ag fear Chonradh na Gaeilge

Thaistil ball de Chonradh na Gaeilge os cionn 5,000km le teacht i gcabhair ar mhuintir Texas a fágadh ar an trá fholamh an mhí seo caite nuair a réab an spéirling Harvey an stát.

Thiomáin Ed Shevlin, atá ina bhall de chraobh Chaitlín agus Thomáis Uí Chléirigh de Chonradh na Gaeilge, atá lonnaithe in Brooklyn i Nua-Eabhrac, agus Leslie Mahoney trucail Chevy agus leantóir lán earraí agus soláthairtí ó Rockaway i Queens, go Port Arthur taobh amuigh de Houston.

Dheonaigh Cumann Chaitlín agus Thomáis Uí Chléirigh, craobh gníomhach de Chonradh na Gaeilge, $150 (€130) don bheirt chun cuidiú le costas earraí tarrthála agus ábhair eile a cheannach. Chabhraigh eagraíochtaí Gaelacha eile sa chathair, leithéid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, leis an turas freisin.

Ceithre lá a bhí Shevlin agus Mahoney ar an mbóthar, ó dheas agus aneas, agus turas 5,046km a bhí i gceist. Tá sé i gceist ag Shevlin an turas a dhéanamh arís sna seachtainí amach romhainn agus tuilleadh cabhrach a thabhairt do mhuintir Texas.

Iarmhúinteoir í Mahoney agus bhíodh Shevlin ag obair le rannóg séarachais Nua-Eabhrac. Is maith a thuigeann siad cás na ndaoine i Texas ó bhí siad féin i gcruachás nuair a réab an spéirling Sandy a mbaile féin, Rockaway, cúig bliana ó shin.

Bhí an trucail agus an leantóir a thiomáin fear Chonradh na Gaeilge lán páipéar leithris, cuilnimh, clúidíní linbh, agus ábhar eile a chabhródh leis na teaghlaigh a fágadh gan dídean nó ar anchaoi i ndiaidh na stoirme.

“Bhí an chuma chéanna ar an mbaile is a bhí ar Rockaway i ndiaidh Sandy. An t-aon rud a bhí ar iarraidh ná an gaineamh mar níl trá sa cheantar. Bhí tithe faoi uisce, troscán agus nithe eile carntha ar fud na háite, bhí sé uafásach. Ní cheapfainn go raibh mórán airgid san áit an chéad lá riamh. Tá siad ag fulaingt go mór ann.

“Bhí na daoine thar a bheith buíoch. Chonaic tithe nach raibh fágtha iontu ach na ballaí. Bhí smionagar ar fud na mball. Glacadh go fonnmhar lena raibh againn,” a dúirt Shevlin leis an iris The Irish Voice.

Níor fhan Shevlin agus Mahoney in Port Arthur ach ar feadh uair go leith sular chas siad timpeall agus d’fhill ar Nua-Eabhrac. Tháinig a dturas chun críche tar éis 96 uair an chloig.

Ó shin, tá turas eile ó dheas beartaithe ag an mbeirt, ó chuala Mahoney go bhfuil gasúir gann ar éadaí i scoil St Catherine of Siena. Tá an bailiúchán tosaithe cheana féin aici agus súil aici cuairt eile a thabhairt ar Port Arthur sna seachtainí amach romhainn.

Fág freagra ar 'Turas fóirithinte 5,000km ó Nua-Eabhrac go Texas déanta ag fear Chonradh na Gaeilge'

  • Braoin

    Ábhair dóchais a fheiceáil go bhfuil daoine mar sin ar an saol. Nár lagaí Dia iad.