Tuilleadh srianta do na contaetha cois teorann le plé, 1,217 cás nua deimhnithe ó thuaidh

Beidh cruinniú ag an rialtas anocht chun plé a dhéanamh ar na beartais is déanaí atá tugtha isteach sa Tuaisceart chun dul i ngleic le scaipeadh rábach an Covid-19

Tuilleadh srianta do na contaetha cois teorann le plé, 1,217 cás nua deimhnithe ó thuaidh

Tá an Rialtas le plé a dhéanamh anocht faoina thuilleadh srianta a thabhairt isteach sna contaetha cois teorann.

Pléifear cás na gcontaetha cois teorann mar chuid de chruinniú rialtais anocht faoi na beartais is déanaí atá tugtha isteach sa Tuaisceart in iarracht dul i ngleic le scaipeadh rábach an Covid-19.

1,217 cás nua den choróinvíreas a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna, an líon is mó cásanna a deimhníodh in aon lá amháin go dtí seo. Beirt eile a raibh an galar orthu a bhásaigh.

Contae an Chabháin, Dún na nGall agus Muineachán na trí chontae is measa atá buailte ag an ngalar faoi láthair.  412.2 in aghaidh an 100,000 duine ráta an ghalair i gcontae an Chabháin. 354.9 atá i gceist i nDún na nGall agus 312.8 atá i gceist i Muineachán.

D’fhéadfadh go bpléifí ag cruinniú na hoíche anocht srianta Leibhéal 4 a thabhairt isteach sna trí chontae sin ar a laghad.

Fógraíodh inniu go raibh scoileanna an Tuaiscirt le dúnadh ar feadh coicíse ón Luan seo chugainn mar chuid de na srianta nua atá á dtabhairt isteach le srian a chur le scaipeadh rábach an Covid-19 ó thuaidh.

Ón Aoine seo beidh na bialanna agus na tithe tábhairne dúnta ach amháin i gcomhair seirbhís tabhair leat. Mairfidh na srianta ar feadh ceithre seachtaine.

Beidh ar bhialanna mearbhia agus eile dúnadh ag 11pm. Ní bheidh cead ag siopaí eischeadúnais ná ollmhargaí alcól a dhíol tar éis 8pm.

Beidh cosc ar an spórt faoi dhíon agus ar an spórt teagmhála seachas an scothspórt. Ní bheidh cead oscailte ag gruagairí ná ag sciamhlanna.

Agus na srianta nua á bhfógairt aici dúirt Céad-Aire Thuaisceart Éireann Arlene Foster go raibh líon na ndaoine atá á gcur sna hospidéil ag ardú leis agus gur “údar mór imní” a bhí anseo a gcaithfí srianta a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis “ar bhonn práinne”.

Is le seachtain anuas a deimhníodh an ceathrú cuid den 21,898 cás den ghalar atá deimhnithe ó thuaidh den teorainn ó thosach na paindéime.

I nDoire agus an Srath Bán, an ceantar is measa atá buailte in Éirinn, tá ráta an ghalair ag 969 in aghaidh gach 100,000 duine. 863 cás den choróinvíreas a fógraíodh inné sa Tuaisceart agus seacht mbás eile de dheasca an ghalair a cuireadh ar an taifead.

Tuairiscítear go raibh easaontas idir Sinn Féin agus an DUP maidir leis an gcinneadh na scoileanna a dhúnadh agus gurbh amhlaidh go raibh Sinn Féin ar son iad a iamh ar feadh míosa.

Fág freagra ar 'Tuilleadh srianta do na contaetha cois teorann le plé, 1,217 cás nua deimhnithe ó thuaidh'