Tuilleadh eolais curtha ar fáil ag Foras na Mara faoi fhorbairt láthair tástála fuinnimh amach ón Spidéal

In 2016 a rinneadh an t-iarratas ar dtús ar cheadúnas urthrá sa Spidéal d’fhorbairt Láthair Tástála Chuan na Gaillimhe

Tuilleadh eolais curtha ar fáil ag Foras na Mara faoi fhorbairt láthair tástála fuinnimh amach ón Spidéal

SmartBay/Frank O'Reilly

Tá tuilleadh eolais curtha ag Foras na Mara faoi bhráid an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faoina n-iarratas ar léas ar phíosa farraige amach ó chósta Chonamara, áit a bhfuil sé i gceist acu forbairt a dhéanamh ar láthair tástála fuinnimh.

In 2016 a rinneadh an t-iarratas ar dtús ar cheadúnas urthrá a fháil sa Spidéal d’fhorbairt Láthair Tástála Chuan na Gaillimhe.

Lorgaíodh an ceadúnas chun trealamh agus infreastruchtúr tástála mara nua a fheistiú ag an láthair tástála fuinnimh inathnuachana.

Déantar tástáil ag Láthair Tástála Chuan na nGaillimhe, atá 1.5 ciliméadar amach ón Spidéal, ar thograí nua fuinneamh gaoithe, tonnta agus taoide.

Baineann an t-eolas nua atá curtha faoi bhráid an Aire le cúrsaí gnáthóige amháin.

Chuir roinnt daoine in aghaidh bhunú agus fhorbairt na láithreach tástála agus iad den tuairim go gcuirfeadh sé as do ghnáthóg agus timpeallacht an cheantair.

Mí Feabhra 2016 a rinneadh an t-iarratas ar dtús ach ar bhonn ordú a rinneadh in 2019, tá an t-iarratas á sheoladh faoi bhráid an Aire in athuair ionas go ndéanfar é a mheas ó thaobh na Treorach Maidir le Gnáthóga.

Is féidir cóip den iarratas a scrúdú i Stáisiún na nGardaí i mBóthar na Trá as seo go ceann 30 lá agus tá cead ag daoine taisteal níos faide ná 5km chun sin a dhéanamh gan na srianta taistil a shárú. Glacfar le haighneachtaí faoin iarratas as seo go ceann 30 lá.

Fág freagra ar 'Tuilleadh eolais curtha ar fáil ag Foras na Mara faoi fhorbairt láthair tástála fuinnimh amach ón Spidéal'

  • Tash

    N’fheadair cén fáth go mbead éinne in aghaidh an saigheas tionscadal seo.
    Ní dhéanann a leithéad aon dochar don timpeallacht, ná an gnáthóg farraige.
    Seo é an treo go dtí todhcaí glás do gach éinne.