Tuigimid anois an t-aiteas, an t-iontas agus an draíocht a tharraing le chéile sinn cúig bliana fichead ó shin

Níor éirigh le foireann Ollscoil Luimnigh 1997 greim a fháil ar Chorn Sigerson ach maireann an aisling i gcónaí agus beidh siad i gCeatharlach anocht do chluiche ceannais na bliana seo agus iad ag súil go ndéanfaidh David Clifford agus UL an beart

Tuigimid anois an t-aiteas, an t-iontas agus an draíocht a tharraing le chéile sinn cúig bliana fichead ó shin

Is ag taibhreamh ar chaid agus ar chluichí caide a bhímse nuair a thagann codladh ceart chugham.

Níor chodlaíos néal aréir. Tá mo cheann ina roithleán agus is measa ná san na putóga. Meascán de thinneall, de ghriothal agus de ghuairneán ó bheith ag taisteal bhóithrín na smaointe fé ndear é.  

Tá cúig bliana fichead ann ó bhuaigh Coláiste Réigiúnach Teicniúil Thrá Lí ar Ollscoil Luimnigh i gcluiche ceannais Chorn Sigerson a himríodh i gCúil Raithin i gcontae Dhoire i 1997.

Beidh Ollscoil Luimnigh thar n-ais i gcluiche ceannais Chorn Sigerson tráthnóna don gcéad uair ó 1997.

Tá cúig bliana déag ó bhíos ag imirt chaide go deireanach agus ní mór na cluichí a chailleamar a bhím ag cúiseamh. Níl ann ach dhá cheann acu le fírinne – cluiche ceannais na gclub 2004 in aghaidh na Cealtraí agus cluiche ceannais úd Chorn Sigerson na bliana 1997. 

Is furaist dom míniú agus tuiscint a fháil ar an dtinneas ná leigheasfar i gcás chluiche ceannais na gclub leis an nGaeltacht. Baineann sé le pobal, le paróiste, le dúchas, le dílseacht, le cumha, le cathú is le cuimhne. 

Ní thuigim fós, áfach, canathaobh gur luigh ár mbris i gcluiche ceannais Chorn Sigerson chomh mór is chomh trom sin orm féin agus ar mo sheanpháirtithe in Ollscoil Luimnigh.

B’fhéidir gur toisc go mbaineann sé leis an dtréimhse is mó inár saol go raibh ár n-aigne oscailte chun foghlama againn. B’fhéidir, leis, gur toisc gur tháinig an bris i ndeireadh thréimhse cheithre bliana suaite é go ndeineadh éagóir i ndiaidh éagóra orainn mar pheileadóirí agus go mbraithimid nár cuireadh an éagóir ina ceart ó shin. 

Nó b’fhéidir go dtuigtear anois dúinn go bhfuil rudaí níos tábhachtaí sa tsaol ná bris agus bua i gcluichí caide agus b’fhéidir go dtuigimid níos fearr anois cúig bliana fichead i ndiaidh laethanta glórmhara ár n-óige san ollscoil fíorbhrí agus ceart-éirim an spóirt foirne.

Tuigimid anois an t-aiteas, an t-iontas agus an draíocht a tharraing le chéile mar fhoireann sinn cúig bliana fichead ó shin. Tuigimid anois an iarracht agus an íobairt a spreag cuid acu siúd a bhí i bhfeighil na foirne, daoine a thug blianta ag snámh in aghaidh easa ag iarraidh srathair ainnis na staire a bhain le cúrsaí caide in Ollscoil Luimnigh a scaoileadh. 

Nuair atá an duine lán de ghiodam agus de theaspach na hóige, nuair is fearr leis orlach dá thoil ná banlámh dá leas, ní dóigh liom go gcíonn sé a bhfuil ag tarlúint ar chúl an stáitse. Thóg sé tamall orm féin agus ar scata dem’ chomhghleacaithe ar fhoireann Ollscoil Luimnigh tuiscint cheart a fháil ar luach agus ar luachanna foirne. 

Is rud ann féin í an fhoireann chaide. Ní rud é a thiteann anuas ón spéir, réamhdhéanta, múnlaithe, fuinte. 

Ní rud nádúrtha é a bhláthaíonn gan tindeáil agus is leochailí agus is guagaí ná san fós an fhoireann chaide ollscoile. Chun go mbláthódh foireann ollscoile, caithfear pearsantachtaí ciotacha, éagsúla agus an uile thuairim a ghabhann leo a fhí agus a fháisceadh lena chéile. Caithfear dul i bhfeidhm orthu chun go dtabharfaidís fé sprioc áirithe atá i bhfad uathu. 

Uaireanta, b’fhéidir ná beadh aon ghean ag na himreoirí ar a chéile toisc iad a bheith ag teacht ó chontaetha agus ó chultúir éagsúla, ach fós féin caithfidh an té atá ina bhfeighil teacht i dtír ar an éagsúlacht sin agus iad a chur ag obair as láimh a chéile. 

Nuair atá ag éirí le foireann ollscoile, aimsíonn siad a mbuille, éistíonn siad leis an nguth coiteann, cruthaíonn siad bráithreachas agus má tá an t-ádh leo, roinnfidh siad cuimhní spóirt a fhanfaidh glé agus buan go deo. Sin fíorsprid agus éirim Chumann Lúthchleas Gael agus nó go dtuigeann an duine é sin ní aimseoidh sé nó sí a áit nó a háit i snáthscéal fada na gluaiseachta ó 1884 i leith. 

Sin í an sprid, leis, a chinnteoidh go dtabharfadh breis is fiche duine againn, iarscoláirí Ollscoil Luimnigh ó 1993-1997, fé oilithreacht earraigh go Ceatharlach tráthnóna inniu. Braithimid nasc éigin ná fuil aon mhíniú againn air leis an nglúin atá ag tabhairt aghaidh ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa chluiche ceannais tráthnóna. 

Cloisimid guth éigin ag glaoch aniar de dhroim ceathrú céid orainn – ag fógairt orainn adhaint a dhéanamh athuair ar an dtine a lasadh an uair úd ionainn agus ag impí orainn gan an bhéimghríos a mhúchadh. 

Is dóigh liom féin, le Ceallaigh Mhaigh Cuilinn, Tiarnach Uachtar Ard sa treis agus giollaí fónta lena n-ais, go bhfuil cothromaíocht níos fearr i bhfoireann ollscoile seo na Gaillimhe. 

Ach níl Ollscoil Luimnigh gan tréith, gan seans. 

Tá David Clifford againn. 

Cúig bliana fichead ó shin, lena chorp bascaithe agus a chroí briste, thóg uncail David, Fergus Clifford, ceannas ar ár bhfoireann in éineacht le Dave Mahedy, fear eile a bhí caite in áit na leathphingine ag CLG Luimnigh ag an am.  

Thugadar bliain dá saol ár dtiomáint is ár dtraenáil dhá bhabhta sa ló ar phaiste bréan bog talún ar a dtugtaí an ‘mud-patch’ agus chuireadar snas agus séip orainn in ainneoin na hainnise, nó b’fhéidir de bharra.  

Níor éirigh linn riamh greim a fháil ar Chorn Sigerson ach maireann an aisling i gcónaí. 

Bíonn cead taibhrimh ag fear caillte na himeartha leis, uaireanta.

Fág freagra ar 'Tuigimid anois an t-aiteas, an t-iontas agus an draíocht a tharraing le chéile sinn cúig bliana fichead ó shin'