Tuigim cruachás John Kiely agus Cill Chainnigh ag iarraidh teacht aniar aduaidh air

Bhí ár gcolúnaí ina bhainisteoir ar Chorcaigh in 2006 nuair a shéan Brian Cody agus Cill Chainnigh a dtríú craobh as a chéile orthu

Tuigim cruachás John Kiely agus Cill Chainnigh ag iarraidh teacht aniar aduaidh air

Beidh tóir ag leantóirí na fuinseoige ar Pháirc an Chrócaigh amárach agus corn Liam Mhic Cárthaigh le bronnadh. 

Bheadh Declan Hannon ar an gcéad fhear riamh a bhaileodh an corn is tábhachtaí san iomáint den cheathrú huair má leanann ré órga Luimnigh amárach. Ceapann na geallghlacadóiri go ndéanfaidh ach tá caint go leor sa timpeall go bhfuil cath i ndán dóibh agus cuid mhaith tuairimí ann go bhfuil seans réasúnta ag Cill Chainnigh. 

In 2006, bhí Corcaigh ag imirt sa chluiche ceannais agus iad ar thóir a dtríú craobh i ndiaidh a chéile. Bhíos ag caitheamh bibe an bhainisteora an lá céanna agus in aice liom ar an taobhlíne bhí Brian Cody agus é ag caitheamh bibe bhainisteoir na gCat. Tuigim, mar sin, cruachás John Kiely agus é agus ag ullmhú don cluiche stairiúil seo. Tá mórán atá mar an gcéanna faoin dá chluiche ceannais. 

Bhí muidne mar rogha na coitiantachta in 2006 agus an chuid is mó de na meáin ag tacú linn freisin. Sna laethanta roimh an chluiche, bhí RTÉ ag pleanáil céard a bheadh acu don lá mór agus an oíche. Fuaireas glaoch ó Mharty Morrissey i lár na seachtaine roimh ré agus é ag lorg ainm an óstáin ina mbeimis le fanacht. Bhí air socruithe a dhéanamh don aonad OB [craoladh seachtrach] agus pleananna á ndéanamh aige don Sunday Game oíche Dé Domhnaigh. De ghnáth, choimeádfaí ainm an óstáin sin faoi rún, cé go raibh a fhios ag gach mac máthar cá mbeimis ag fanacht mar gur ann a d’fhanamar gach uair a bhíomar ag imirt i mBaile Átha Cliath sna blianta sin. Bhí slua ollmhór san óstán céanna an Satharn sin. 

Fuaireas glaoch freisin ó John O’Shea ón eagraíocht Goal agus é ag ullmhú do chluiche a d’imríodh seaimpíní nua na hÉireann an tseachtain i ndiaidh an chluiche ceannais chun airgead a bhailiú don charthanacht sin.

Bhíodh na sluaite freisin ag féachaint ar an traenáil agus cead acu freastal uirthi sna blianta sin. Chuir mórán a tharla sa choicís roimh an gcluiche ceannais go mór leis an mbrú agus sinn ar thairseach na staire.

Bhí an brú céanna ar Chill Chainnigh in 2010 agus iad ar thóir an ‘cúig chraobh i ndiaidh a chéile’. Bhí Henry Shefflin gortaithe ag an am agus bhíodh sé ina shorcas ceart nuair a bhí na Cait ag traenáil agus na mílte i bPáirc Uí Nualláin.

Ach 2022 atá anois againn agus glúin nua imreoirí ag dul chun páirce amárach, seachas TJ Reid, a bhí ina chaptaen in 2010, agus Richie Hogan, a tháinig isteach mar ionadaí. Agus mar a bhí in 2006 agus 2010, tá an brú go léir ar na seaimpíní. 

Foireann den scoth atá ag Luimneach, áfach, agus a gcuid buanna tuillte go maith acu. Tá siad go maith in ann iad féin a thabhairt as gábh, mar atá feicthe go minic againn ó 2018. 

Ní féidir a rá gur shroicheadar ardchaighdeán na bliana seo caite in aon chluiche i mbliana go dtí seo. Cuireadh cuid mhaith cruacheisteanna orthu ach, cé go raibh orthu dua a chur orthu féin, thug siad na cosa leo. Baineadh den pháirc ceathrar des na tosaithe a thosaigh i gcoinne na Gaillimhe. Ní fhacamar taispeántas iomlán foirne fós i mbliana. An dtréigfidh an t-ádh iad ar an Domhnach?

Caithfidh go raibh leantóirí agus bainistíocht na gCat sásta lena dtaispeántas féin sa gcluiche leathcheannais nuair a bhí ceannas acu ar an Chlár ón tús. Bhíodar údarásach ar fud na páirce agus spiorad agus díograis Cody le feiceáil iontu. Is deacair a chreidiúint go raibh seachtar den phainéal ar an bhfoireann faoi 21 in 2016 nuair a bhuaigh an Iarmhí orthu agus Huw Lawlor, Paddy Deegan, Conor Browne, Alan Murphy agus Billy Ryan ina measc. Mar sin féin, is fada an lá ón oíche thubaisteach sin go dtí cluiche ceannais sinsir na hÉireann 2022. Is fada an lá freisin ó 1999 nuair a sheas Brian Cody ar an taobhlíne dá chéad chraobh. Chaill siad an ceann sin ach tá gaisce dochreidte déanta aige ó shin agus aon chraobh na hÉireann déag buaite ag na Cait faoina stiúir. 

Bunaithe ar a bhfuil feicthe againn le blianta beaga anuas, is deacair a shamhlú go bhféadfadh na Cait teacht aniar aduaidh ar Luimneach. Beidh sé te i mBaile Átha Cliath amárach agus níos teo fós ar an bpáirc. Tá an bhearna idir Luimneach agus an paca ag cúngú ach is dóigh liom go mbeidh a ndóthain acu amárach chun a mír féin staire a cruthú. Ach mar a dúirt iar-réalt na gCat, Michael Rice, ar Tuairisc i lár na seachtaine – ‘bíonn foireann dochloíte go dtí go gcloítear iad’. Nach aige atá an ceart? 

Tharla sé go minic agus tharla sé in 2006 nuair a tháinig Cill Chainnigh le plean nua agus glúin nua imreoirí. Beidh orthu cúpla plean a bheith acu amárach agus fiú gan Cian Lynch, measaim go mbeidh aonad OB RTÉ páirceáilte taobh amuigh d’ostán Luimnigh agus ‘Seán South’ á chanadh go moch maidin Dé Luain.

Fág freagra ar 'Tuigim cruachás John Kiely agus Cill Chainnigh ag iarraidh teacht aniar aduaidh air'