Tugann Foster na cosa léi ó vóta mímhuiníne Stormont

Bhí a fhios ag an DUP go dteipfeadh ar an rún ach tá croitheadh bainte astu ag an gconspóid faoi scéim fuinnimh inathnuaite

Tugann Foster na cosa léi ó vóta mímhuiníne Stormont

“Ní ghéillfidh mé agus ní sheasfaidh mé i leataobh mar Chéad-Aire,” a dúirt Arlene Foster, ceannaire an DUP, is í ag freagairt don rún mímhuiníne inti a mhol an SDLP agus páirtithe eile an fhreasúra.

Bhí a fhios ag an DUP go dteipfeadh ar an rún a d’éiligh go seasfadh Foster ar leataobh mar gur gá móramh aontachtach agus náisiúnach ag a leithéid de rún agus tá móramh na n-aontachtach ag an DUP.

D’ainneoin na cinnteachta sin, tá croitheadh bainte as an DUP ag an gconspóid faoin scéim fuinnimh inathnuaite.

Bhain iompar Shinn Féin croitheadh sa bhreis astu agus iad ag rá le roinnt laethanta anuas gur theastaigh uathu go seasfadh Arlene Foster i leataobh fad is a bheadh fiosrú neamhspleách faoin scéim ar bun.

Chuaigh Foster agus an DUP ar an ionsaí, iad ag rá nach ó Shinn Féin a ghlacann siad le horduithe agus gur le sainordú na vótóirí amháin a fheidhmíonn siad.

Bhagair Sinn Féin go dtiocfadh impleachtaí tromchúiseacha i gceist mura ndéanfadh Arlene Foster mar a d’iarr an LeasChéad-Aire Martin McGuinness uirthi, ach dhiúltaigh siad a rá cad a bhí i gceist acu leis an mbagairt sin.

Nuair a shroich teachtaí an Tionól ar maidin bhí ceist faoi bhailíocht an éilimh ba chúis le gairm an tseisiúin. Ba iad an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire a d’iarr an seisiún ach ní raibh tacaíocht an LeasChéad-Aire ag Arlene Foster chun ráiteas a dhéanamh mar Chéad-Aire. Mar sin féin, rialaigh an Ceann Comhairle, Robin Newton, go bhfeadfadh Foster a ráiteas a dhéanamh.

‘Geamaireacht’ agus ‘scigdhráma’ a thug roinnt teachtaí ar an gcaoi ar láimhseáil an Ceann Comhairle imeachtaí. Níor léir cén ceann de na buanorduithe a cheadaigh dó cead cainte a thabhairt do Foster. Gheall teachtaí go gceisteoidh siad an Ceann Comhairle faoin gcuid sin den scéal amach anseo.

Mhaígh Sinn Féin agus an SDLP gur sháraigh cinneadh an Cheann Comhairle prionsabail roinnt na cumhachta agus an bunús le hOifig an Chéad-Aire agus an  LeasChéad-Aire. Fillfidh siad ar an gceist sin amach anseo freisin, a dúradh.

Nuair a labhair Arlene Foster, uair an chloig níos déanaí ná mar a beartaíodh ar chlár ama an lae, dúirt sí nach mar Chéad-Aire a bhí sí ag caint. Ní raibh sa seomra ach baill an DUP le héisteacht léi, agus na teachtaí eile go léir imithe amach mar agóid. Ba í an phraiseach a rinneadh den scéim an chúis aiféala ba mhó ina saol polaitiúil i Stormont, a dúirt sí. Níor ghabh sí leithscéal leis an bpobal, áfach, as an scéim teasa a chosnóidh £400 milliún thar 20 bliain toisc gan aon uasteorainn a bheith leis na deontais a ceadaíodh. Níor fhógair Foster aon bheartas chun cuid den airgead sin a choigilt, ach dúirt go mbeidh plean á fhógairt ag a comhghleacaí Simon Hamilton san athbhliain.

Bhí briseadh ag an tionól ansin sular cuireadh ceann leis an díospóireacht mhímhuiníne. Dúirt ceannaire an SDLP, Colum Eastwood, a mhol an rún nuair a dhiúltaigh Arlene Foster don iarratas go seasfadh sí ar leataobh, nach raibh an dara rogha ann ach í a eisiamh go gcuirfí fiosrúchán ar bun faoi cheannas breithimh chun an scannal a scagadh. Chuaigh Foster ar an ionsaí. Mhaslaigh sí páirtithe an fhreasúra ar fad agus thug sí meatacháin, i measc rudaí eile, orthu.

Níos deireanaí baineadh leas as an téarma ‘éillitheacht’ den chéad uair. Mhaígh John O’Dowd ó Shinn Féin, páirtnéir an DUP sa bhFeidhmeannas, agus Claire Hanna ón SDLP gurbh é breithiúnas an phobail go raibh caimiléireacht chomh maith le neamhinniúlacht taobh thiar den phraiseach a rinneadh den scéim fuinnimh inathnuaite.

Mhaígh Jim Allister go raibh deontóirí a thacaíonn leis an DUP i measc na ndaoine a rinne brabach ar an scéim – líomhain a shéan an DUP.

75 teachta a vótáil agus bhí 39 acu i bhfabhar an rúin mhímhuiníne in  Arlene  Foster. Cé gur fhág an toradh sin go raibh móramh – 52% – i  gcoinne an Chéad-Aire, is gá móramh ar an dá thaobh agus dá uireasa chlis an rún. Staon Sinn Féin.

Vótáil 12 ón SDLP, 15 aontachtach agus 12 eile (Alliance, An Comhaontas Glas  agus PbP) ar son an rúin mhímhuiníne.

 

Fág freagra ar 'Tugann Foster na cosa léi ó vóta mímhuiníne Stormont'