Tugaimis féin dúshlán na Breataine faoi Rocal

Is gá go mbeimis féin i gceannas ar aon idirbheartaíocht a bheidh ar bun faoin aighneas maidir le Rocal

Tugaimis féin dúshlán na Breataine faoi Rocal

Glacann an rialtas leis anois gur chóir tabhairt faoi cainteanna taidhleoireachta ar mhaithe le réiteach a fháil faoin aighneas idir Éirinn agus Albain faoi Rocal.

Más mall is mithid, mar tá aird á tarraingt ag na hAlbanaigh ar an gceist seo le roinnt míonna anuas.

Deir an Rialtas nárbh údar imní é toisc go raibh an Bhreatain ina ball den Aontas Eorpach agus mar chuid den Chomhbheartas Iascaireachta.

Ach dá nglacfaí le maíomh na Breataine gur cuid d’Albain é Rocal bheadh stráice dhá mhíle dhéag den fharraige timpeall ar Rocal nach mbeadh sé dleathach ag iascairí na hÉireann iascaireacht a dhéanamh ann.

Céard iad na fíricí a bhaineann leis an scéal seo mar sin?

Tá Rocal suite 403 km siar ó thuaidh d’Éirinn agus 370 km siar ó Uibhist a Tuath sna hInse Gall in Albain.

Níl san oileán ach carraig nár mhair aon duine riamh air agus nach bhféadfadh aon duine maireachtáil ann.

Bíodh sin mar atá, d’fhógair rialtas na Breataine i 1955 gur leo an charraig seo agus i 1972 mhaígh siad san Island of Rockall Act gur cuid d’Albain í.

Níor thug rialtas na hÉireann aon aitheantas riamh do mhaíomh sin Rialtas na Breataine. Ach níor thug siad dúshlán don mhaíomh in aon chúirt idirnáisiúnta ach an oiread. Más le hAlbain Rocal tá teorainneacha iascaireachta ann,  murab ea níl.

De réir an dlí idirnáisiúnta ní bhaineann aon limistéar eisiach eacnamaíochta ná scairbh ilchríochach ar leith le carraigeacha nach féidir le daoine maireachtáil orthu nó saol eacnamaíochta a bhunú orthu.

In 2014 socraíodh aighneas idir Éirinn agus an Bhreatain faoi chearta eacnamaíochta in aice le Rocal nuair a foilsíodh liosta limistéar eisiacha eacnamaíochta i ndiaidh do na Náisiúin Aontaithe fiosrúchán a dhéanamh.

Mar a tharlaíonn, Albain a bhuaigh an cath áirithe sin i Márta 2014, cé nach mbaineann sé sin leis an imreas atá ann anois.

Is é fírinne an scéil ná nár thug rialtais i mBaile Átha Cliath aird mar ba chóir ar chúrsaí iascaireachta ón uair gur bhain muid ballraíocht amach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (EEC) i 1973.

Nuair a bhí muid ag iarraidh dul isteach san EEC, in éineacht leis an mBreatain agus leis an Danmhairg (agus leis an nGraonlainn agus an Iorua), thuig na stáit a bhí sa Chomhphobal cheana go raibh na limistéir iascaireachta ba shaibhre ar domhan ag na stáit a bhí ag déanamh iarratais ar bhallraíocht.

Ar mhaithe le greim a fháil ar na limistéir iascaireachta sin d’athraigh an EEC na rialacha agus thug siad na cearta céanna iascaireachta do gach ballstát, cé nár luadh an iascaireacht mar chuid den chaibidil faoi chúrsaí talmhaíochta agus mar sin, sa Chonradh Ballraíochta.

Dhein an Bhreatain iarracht áirithe cur i gcoinne na rialacha nua, ach ghéill siad sa deireadh.  Dhiúltaigh muintir na hIorua glacadh leis na rialacha sin sa reifreann ballraíochta a bhí acu agus tá siad taobh amuigh den AE i gcónaí. D’fhág an Ghraonlainn an EEC níos deireanaí.

Níor throid muide ár gcás beag nó mór. Ní raibh mórán tábhachta ag an am ag baint le cúrsaí iascaireachta ó thaobh na heacnamaíochta ná na polaitíochta de, toisc gan mórán forbartha a bheith déanta againn uirthi mar acmhainn.

Ach measann a lán eacnamaithe anois gur mó an luach a bhain lenár gcearta  iascaireachta ná an chabhair airgid ar fad a fuair muid ón AE do chúrsaí talmhaíochta nó chun feabhas a chur ar an infreastruchtúr. 

Tá ceist na gceart iascaireachta timpeall ar Rocal tábhachtach d’iascairí na hÉireann, go háirithe iascairí as Tír Chonaill, Ceann Chlochair agus fiú Baile Chaisleáin Bhéarra. Is maith go bhfuil an Rialtas sásta anois dul i mbun idirbheartaíochta faoin scéal fiú más go déanach féin é agus cé go mbeidh sé níos deacra againn an cás a bhuachan toisc nár thug muid dúshlán idirnáisiúnta riamh do mhaíomh na Breataine gur leo Rocal.

Ach cé dhéanfaidh an idirbheartaíocht seo? Tá spéis faoi leith ag an Aontas Eorpach i gcúrsaí iascaireachta nach ionann í agus spéis na hÉireann. Sea, nach é an tAontas a fuair greim le gliceas ar ár gcuid limistéar iascaireachta an chéad lá?

Ó cuireadh tús le scéal an Bhreatimeachta tá mé féin ag moladh gan stad gur chóir dúinn dul i mbun idirbheartaíochta as ár stuaim féin agus gan a bheith ag brath ar an AE. Tá riachtanas níos mó ag baint lena leithéid d’idirbheartaíocht a dhéanamh sinn féin i gcás na hiascaireachta ná mar atá i gcás réimse ar bith eile.

]Mar a tharlaíonn tá géillte cheana ag an Aontas Eorpach gur féidir le stáit a n-idirbheartaíocht féin a dhéanamh leis an mBreatain i gcás an Bhreatimeachta, agus tá sé i gceist cheana ag an Ísiltír, an Danmhairg agus an Bheilg a leithéid a dhéanamh.

Ní mór dúinne an sampla sin a leanúint.  Mar, céard is fiú caint mhór faoi Rocal agus dúshlán na hiascaireachta mura bhfuil muid sásta rud éicínt a dhéanamh faoi? Céard is fiú an chaint mura bhfuilimid sásta labhairt go díreach leis na hAlbanaigh agus dúshlán na Breataine a thabhairt i gcúirt idirnáisiúnta maidir lena maíomh gur leo Rocal?

Fág freagra ar 'Tugaimis féin dúshlán na Breataine faoi Rocal'