Tubaiste ‘neamhbheartaithe’ a bhí i marú oibrithe cabhrach in Gaza – Netanyahu

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin gur léirigh marú oibrithe cabhrach ‘a riachtanaí’ atá sé go mbeadh sos comhraic ann chun sibhialtaigh a chosaint agus cúnamh daonnúil a thabhairt isteach

Tubaiste ‘neamhbheartaithe’ a bhí i marú oibrithe cabhrach in Gaza – Netanyahu

Deir Benjamin Netanyahu, Príomh-Aire Iosrael, gur tubaiste nár beartaíodh a bhí i marú seachtar oibrithe a bhí ag obair don ghrúpa fóirithinte World Central Kitchen in Gaza.

“Ar mhí-ámharaí an tsaoil tharla tubaiste inné nuair a bhuail ár saighdiúirí de thimpiste daoine neamhchiontacha i Stráice Gaza.

“Tarlaíonn sin le linn cogaidh, fiosróimid go mion gach ar tharla. Táimid i dteagmháil leis na rialtais agus déanfaimid gach ar féidir linn ionas nach dtarlóidh a leithéid de rud arís.”

Rinne Netanyahu a chuid cainte agus é ar a bhealach abhaile as ospidéal in Iarúsailéim áit a ndeachaigh sé faoi scian de bharr maidhm sheicne a bhí ag cur as dó.

Dúirt Micheál Martin, Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha na tíre seo, go gcaithfí “freagracht iomlán” a ghlacadh as an ionsaí agus gur léirigh an tubaiste “a riachtanaí atá sé go mbeadh sos comhraic ann láithreach chun sibhialtaigh a chosaint agus saorchead a thabhairt cúnamh daonnúil a riaradh”.

Cháin Josep Borrell, Ceannaire Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh, an t-ionsaí freisin agus d’éiligh sé fiosrúchán.

“Cáinim an t-ionsaí agus éilím go bhfiosrófaí é. D’ainneoin na n-achainíocha ar fad go dtabharfaí cosaint do shibhialtaigh agus d’oibrithe daonnúla, seo tuilleadh daoine neamhchiontacha maraithe,” a dúirt Borrell ar X.

Tá sé ráite ag arm Iosrael go reáchtálfaidh sé fiosrúchán faoin ionsaí agus thug geallúint go roinnfí go trédhearcach gach a bhfaighimid amach faoin eachtra”.

I ráiteas ón gcarthanacht World Central Kitchen, dúradh go raibh siad ag éirí as a gcuid oibre faoi láthair mar gheall ar “an ionsaí a dhírigh Iosrael” orthu.

An seachtar oibrithe a bhí ag cur bia ar fáil do mhuintir Gaza agus a maraíodh san ionsaí ón aer, ionsaí a leagann World Central Kitchen ar Iosrael, tháinig siad as an Ríocht Aontaithe, an Astráil, an Pholainn agus an Phalaistín, agus duine amháin ag a raibh saoránacht na Stát Aontaithe agus Cheanada.

Ina ráiteas dúirt an eagraíocht fóirithinte World Central Kitchen: “D’ainneoin go ndearnadh ár ngluaiseachtaí a chomhordú le harm Iosrael, buaileadh an conbhua agus iad ag fágáil an stóir in Deir al-Balah, áit a raibh an fhoireann tar éis 100 tonna cúnamh bia daonnúil a dhílódáil, cúnamh a tugadh isteach go Gaza ar an bhfarraige.”

Dúirt Erin Gore, Príomhfheidhmeannach World Central Kitchen, gur ionsaí ar “eagraíochtaí daonnúla a bhí tagtha i gcabhair ar dhaoine ar a raibh an-drochbhail go deo agus áit ina raibh arm cogaidh á dhéanamh den bhia”.

I bhfíseán de chuid AFP [Agence France-Presse] bhí an poll a cuireadh i ndíon carr amháin le feiceáil. Bhí an carr dubh dóite agus lógó an ghrúpa fóirithinte pollta.

Cuireann WCK cúnamh bia ar fáil i ndálaí éigeandála agus réitíonn siad béilí do dhaoine atá ar an anchaoi. Deir an grúpa gur chuir siad breis is 42 milliún béile ar fáil in Gaza le 175 lá, beagnach sé mhí.

Tá sé á áitiú ag na Náisiúin Aontaithe go bhfuil ar a laghad 576,000 duine i Stráice Cósta Gaza, an ceathrú cuid den phobal, i mbéal gorta agus táthar ag neartú ar an mbrú ar Iosrael níos mó cúnaimh a ligean isteach go dtí pobal sáinnithe Gaza.

Fág freagra ar 'Tubaiste ‘neamhbheartaithe’ a bhí i marú oibrithe cabhrach in Gaza – Netanyahu'

  • JP

    ‘tubaiste neamhbheartaithe’???
    Iad astu féin ag obair go deonach in áit imeallach, folamh ó dhaoine. Radharc maith orthu i gcéin is i gcóngar. RÉAMHEOLAS tugtha acu d’arm Iosrael maidir lena ngluaiseachtaí. Na comharthaí cuí ar taispeáint go gléineach soiléir ar an veain agus ar na trucailí. Lucht fóirithinte ab ea iad, ba léir. Daoine deonacha. Daoine macánta. Daoine coinsiasacha. Daoine ardaigeanta.
    Ach thosaigh an “garda de chonaibh nimhe ag leagadh is ag lámhach is scaoileadh ina dtreo.” Cén chúis a bhí ag na ‘conaibh nimhe’ ar na gaiscígh seo?
    Bhí, bia a sheachadadh chuig lucht an ghorta. Sin uile. Sin é an chúis a bhí acu orthu. Go bhféacha Dia orainn go léir.