Tá sé diúltaithe ag Roinn na Gaeltachta eolas faoin athbhreithniú ar an gcóras pleanála teanga a chur ar fáil in ainneoin gur síleadh “leagan críochnaithe” den tuarascáil a bheith curtha ar aghaidh bliain go leith ó shin.
Tá athbhreithniú déanta ar na chéad deich bplean teanga Gaeltachta ach, in ainneoin éilimh ó oifigigh pleanála teanga, polaiteoirí agus gníomhaithe eile, níl tásc ná tuairisc ar an tuarascáil.
Dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta an mhí seo d’iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ó Tuairisc ar chóip den tuarascáil.
Dúirt an Roinn nach mbeadh sé chun leas an phobail cóip den tuarascáil a chur ar fáil agus diúltaíodh don iarratas mar gheall ar chead a bheith ag eagraíochtaí poiblí “próisis pléite” a chur i gcrích “ar amscála a fheileann don phróiseas”.
Faoi thús na míosa seo chugainn, beidh 18 mí caite ó seoladh ar aghaidh go dtí oifigigh na Roinne cáipéis ar thug údar na tuarascála “leagan críochnaithe” uirthi.
Bhí an t-athbhreithniú ar an gcóras pleanála teanga in ainm is a bheith déanta in 2021 ach cuireadh an obair siar de dheasca na paindéime Covid-19. Fógraíodh in 2023 go raibh comhlacht neamhspleách, Barr Feabhais Teo, chun tabhairt faoin obair agus go mbeadh an tuarascáil á foilsiú in earrach 2024. Tá an sprioc sin agus iliomad spriocanna eile caillte ó shin, áfach.
Ba í an sprioc ba dhéanaí a thug Aire na Gaeltachta d’fhoilsiú na tuarascála ná roimh an Nollaig seo caite ach géilleadh ansin nach mbeadh sí curtha os comhair an phobail roimh 2026.
De réir eolais a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil mar chuid den diúltú ar iarratas Tuairisc, bhí cóip den tuarascáil faighte ag an Roinn ó Bharr Feabhais faoi lár mhí Bealtaine 2024. Chuir an Roinn aiseolas ar fáil an mhí dár gcionn agus lean an plé ar aghaidh ina dhiaidh sin.
Bhí cruinnithe ag oifigigh na Roinne faoin athbhreithniú in 2025 – bhí ceann acu sin i mí na Samhna seo caite – ach níor cuireadh an tuarascáil os comhair an phobail fós.
Léirigh oifigigh pleanála teanga frustrachas le Tuairisc an mhí seo caite maidir le cur chuige na Roinne i dtaobh na pleanála teanga agus dúradh go raibh easpa eolais ón Roinn.
Faoi dheireadh 2025, bhí deireadh le saolré naoi gcinn de na pleananna teanga Gaeltachta agus tiocfaidh deireadh le sé phlean eile i mbliana.
Tá sé fógartha ag an Roinn go bhfuil síneadh dhá bhliain a chur le pleananna atá imithe in éag.
Fág freagra ar 'Tuarascáil atá beagnach dhá bhliain mall á cur i gcrích ‘ar amscála a fheileann don phróiseas’ – Roinn na Gaeltachta'