Tuarascáil ar phróiseas comhairliúchán faoi Acht Gaeilge foilsithe ag an Aire Ní Chuilín

Dúirt an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín gur ‘mithid dúinn bogadh chun cinn’ le soláthar Acht Gaeilge. Tháinig méadú mór ar líon na ndaoine a thacaigh le hAcht Gaeilge i mbliana le hais an phróisis a cuireadh i gcrích i 2007

Carál_Ní_Chuilín_cropped

Bhí 95% de na 13,000 duine a ghlac páirt sa phróiseas comhairliúcháin a reáchtáil an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i mbliana i bhfách le hAcht na Gaeilge, dar le tuarascáil ar an bpróiseas a d’fhoilsigh an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín inniu.

Sheol an tAire an próiseas comhairliúcháin i mí Feabhra na bliana seo agus glacadh le freagraí air go dtí mí naBealtaine nuair a foilsíodh réamhthorthaí an phróisis.

Iarradh ar an bpobal a smaointe agus a moltaí ar naoi gcinn d’ábhair a chur in iúl don Roinn. Bhain siad sin le stádas oifigiúil na Gaeilge, úsáid na Gaeilge sna cúirteanna agus sa Tionól, Coimisinéir Gaeilge, dualgais na gcomhlachtaí poiblí, limistéir Ghaeltachta, scéimeanna teanga, logainmneacha agus cúrsaíoideachais.

Ghabh an tAire buíochas inniu leis daoine ar fad a ghlac páirt sa phróiseas agus a chabhraigh “lena bhfuil i ndán don Ghaeilge sa tuaisceart a mhúnlú”.

“Is léir ón tacaíocht seo gur mithid dúinn bogadh chun cinn. Tá sé seo ag cur leis na comhairliúcháin a rinneadh i 2006 agus i 2007 agus léiríonn sé arís an dúshuim atása Ghaeilge agus an t-éileamh atá ar Acht na Gaeilge.

“Is cuid dár n-oidhreacht chultúrtha chomhroinnte í an Ghaeilge. Is le gach duine í agus ní bhagraíonn sí ar aon duine. Is cuidiú é feabhsú agus cosaint na Gaeilge le pobal láidir, aontaithe a chothú,” a dúirt sí inniu.

Thacaigh 65% de lucht freagartha an phróisis comhairliúcháin a rinneadh ocht mbliana ó shin nuair a bhí Edwin Poots (DUP) ina Aire Cultúir.

D’eagraigh Conradh na Gaeilge cruinnithe agus fóraim ghnímh chun an pobal a spreagadh páirt a ghlacadh i bpróiseas na bliana seo agus bhailigh aighneachtaí ón bpobal iad féin, a bronnadh ar an Aire Cultúir i mBéal Feirste i mí Bhealtaine.

Tá iarrtha ar an bhFeidhmeannas agus ar an Tionól ag an Aire Ní Chuilín “aird a thabhairt ar an gcomhairliúchán” agus Acht a sholáthar anois.

Ba bheag fáilte a chur polaiteoirí ón DUP agus ó NI21 roimh thorthaí an phróisis comhairliúcháin a cuireadh i láthair Thionóil Thuaisceart Éireann ag deireadh míMheán Fómhair.

Mhaígh Nelson McCausland, David Hilditch agus Gordon Dunne (DUP) agus Basil McCrea (NI21) go mbeadh Acht Gaeilge róchostasach agus go gcuirfeadh sé an dea-chaidreamh atá ann idir phobail an tuaiscirt as a riocht.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála inniu agus thug “ard-mholadh” don phobal a ghlac páirt sa chomhairliúchán ón tús. Mhaígh an Conradh freisin áfach nach “leor caint gan ghníomh” agus gheall go mbeadh sé ag leanúint leis an bhfeachtas d’Acht Gaeilge sa bhliain atá le teacht.

“Ní amháin go bhfuil an t-éileamh seo fíor-láidir, ach tá sé leanúnach fosta, ag teacht leis an tacaíocht mhór a fuair na comhairliúcháin roimhe seo ar an cheist chéanna in 2006 agus 2007.

“Ba chóir anois go mbeadh an bille seo ag teacht le cur i bhfeidhm na Straitéise le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint, a foilsíodh beagnach bliain ó shin. Sin ráite, ní leor seo muna ghlactar leis an bhille sa tionól,” a dúirt Ciaran Mac Giolla Bhein, Bainisteoir Abhcoideachta.

Fág freagra ar 'Tuarascáil ar phróiseas comhairliúchán faoi Acht Gaeilge foilsithe ag an Aire Ní Chuilín'