Ceann de na bunfhíricí maidir leis an ngéarchéim aeráide ná gur sna ceantair gar don mhol thuaidh agus don mhol theas is suntasaí na hathruithe ar an aeráid, agus gur deacra na hathruithe a thabhairt faoi deara sna trópaicí, áit a mbíonn an aimsir nach mór mar a chéile ó cheann ceann na bliana.
Ar an gcúis sin agus ar chúiseanna eile (tá neart fadhbanna sa tír mar atá), is lú an trácht a rinneadh ar chúrsaí aeráide sa Bhrasaíl ná i gcuid mhór den domhan go dtí le gairid.
Le tamall anuas, tá athrú aeráide go mór i mbéal an phobail i gcathair Salvador, mar a bhfuil cónaí orm féin, agus sa chuid eile d’oirthuaisceart na Brasaíle.
An chúis: bhí breis agus mí de mhoill ar shéasúr na báistí.
D’fhonn tagairt do thráthanna éagsúla na bliana seachas do thréimhsí a mbeadh aimsir ar leith ag baint leo a bhaintear úsáid as na focail ‘earrach’, ‘samhradh’, ‘fómhar’ agus ‘geimhreadh’ sa chuid seo den domhan; fiú sa ‘gheimhreadh’ (mí an Mheithimh, mí Iúil agus mí Lúnasa) ní thiteann an teocht faoi bhun 22 céim Celsius. An t-aon tráth amháin den bhliain a bhféadfá ‘séasúr’ a thabhairt air ná an tréimhse ó lár mhí Aibreáin go deireadh mhí an Mheithimh, nuair a thiteann nach mór leath d’fhearthainn na bliana ar fad in achar dhá mhí go leith.
Ach i mbliana, níor thit deoir bháistí i mí Aibreáin agus níor thit ach oiread na fríde i mí na Bealtaine. Ní hamháin sin, ach lean an teas ard a luaitear le mí Eanáir agus mí Feabhra (lár an tsamhraidh sa leathsféar theas) go tús mhí an Mheithimh.
Ach ansin, an tseachtain seo caite, thit an bháisteach faoi dheireadh – faoiseamh mór don phobal, a bhí maraithe amach ag an teas, agus a bhí ag éirí buartha faoin ardú a thiocfadh ar phraghas na bpónairí, na ríse, na nglasraí, an chaife agus go leor earraí eile dá dteipfeadh ar an bhfómhar cheal báistí. Agus an bhféadfaí oíche na Féile Eoin, ceann de mhórfhéilte an réigiúin, a shamhlú gan fuacht agus gan fearthainn? Ní fhéadfaí!
Agus mé ag breathnú amach an fhuinneog, tá an chosúlacht ar an scéal go mbeifear ag damhsa sa bháisteach bliain amháin eile agus go mbeidh feidhm éigin fós le tinte cnámh agus deochanna crua na Féile Eoin. Ach is léir, fiú amháin do mo leithéid féin, nach bhfuil ach rud beag le cois deich mbliana caite aige sa chuid seo den domhan, go bhfuil an aeráid in oirthuaisceart na Brasaíle as a riocht – mar atá, ar ndóigh, ar fud na cruinne.
Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Na séasúir curtha as a riocht fiú san áit nach ann do shéasúir'