TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Lula, an eilifint sa seomra…

Ní bheidh cead ag Lula seasamh i dtoghchán uachtaránachta na míosa seo chugainn – ach beidh tionchar ollmhór ag iar-uachtarán iomráiteach na Brasaíle ar fheachtas na n-iarrthóirí eile

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Lula, an eilifint sa seomra…

Tá léaráid den scoth ar eagrán na míosa seo den iris chúrsaí reatha ón mBrasaíl, piauí: na hiarrthóirí i dtoghchán uachtaránachta na tíre ina suí go míchompordach ar chathaoireacha laga, á mbrú amach as an seomra ag eilifint ollmhór.

Tá aghaidh iar-uachtarán iomráiteach na Brasaíle, Lula, ar an eilifint.

An tseachtain seo caite, tar éis tréimhse éiginnteachta a mhair na míonna fada, rialaigh cúirt toghchánaíochta uachtarach na Brasaíle nach mbeidh cead ag Lula seasamh i dtoghchán uachtaránachta na míosa seo chugainn. (Tá deis achomhairc aige fós agus seo á scríobh ach caolseans go n-éireoidh leis sin.)

Bhí Lula ina iarrthóir ag Páirtí na nOibrithe agus de réir na bpobalbhreitheanna bhí sé ar intinn ag 40% de mhuintir na Brasaíle vóta a thabhairt dó.

Ach tá Lula i bpríosún ó bhí mí Aibreáin ann. Ciontaíodh é anuraidh as breabanna a ghlacadh. Séanann sé féin go bhfuil aon rud as bealach déanta aige agus dar lena pháirtí (agus dar le sciar mór den phobal) is cime polaitiúil é Lula.

Is féidir linn dul ag argóint faoi sin. Dar liom féin go bhfuil caimiléirí i bhfad níos measa sa Bhrasaíl, cuid acu i gcumhacht faoi láthair. Sin ráite, ní féidir a shéanadh go bhfuarthas Lula ciontach i níos mó ná cúirt amháin agus nach ndearna an chúirt toghchánaíochta uachtarach ach na rialacha a chur i bhfeidhm nuair a chinn siad nach ceadmhach d’iarrthóir atá ciontaithe agus i bpríosún seasamh i dtoghchán uachtaránachta.

Aisteach go leor, ar bhealach is cuma ann nó as cinneadh na cúirte toghchánaíochta uachtaraí.

Fiú agus Lula as an rás, beidh sé fite fuaite sa toghchán ar fad.

Is é an chaoi nach mbeidh de rogha ag na hiarrthóirí eile ach an 40% de na vótaí a bhí luaite le Lula a mhealladh.

Seo athleagan ar tvuít ó Carol Pires a scaipeadh ar fud an bhaill , tráchtaire de chuid New York Times atá bunaithe i gcathair São Paulo, ina míníonn sí cén chaoi a mbeidh ar chuile iarrthóir a straitéis toghchánaíochta a bhunú thart ar scéal Lula:

  1. Beidh ar Lula a chur ina luí ar a lucht leanta gur ionann é féin agus Fernando Haddad, iarrthóir ionaid Pháirtí na nOibrithe.
  2. Beidh ar iarrthóir eile de chuid na heite clé, Ciro Gomes, a chur ina luí ar an bpobal gur ath-Lula é.
  3. Beidh ar an iarrthóir glas Marina Silva a chur ina luí ar mhuintir na Brasaíle gur saghas Lula atá inti ach gan na lochtanna follasacha atá ar Lula uirthi.
  4. Beidh ar iarrthóir na heite fíor-chlé, Guilherme Boulos, cur ina luí ar na vótóirí gur laoch pobail é den chineál a bhí i Lula fadó, fadó.
  5. Beidh ar iarrthóir conspóideach, ciníoch, frithbhanda agus frithaerach na heite fíordheise, Jair Bolsonaro, a chur ina luí ar an gcuid sin den daonra nach dtabharfadh vóta do Lula go brách gurb é féin an t-aon duine amháin a shlánóidh an Bhrasaíl ó Lula.
  6. Beidh ar iarrthóir lár an speictrim pholaitiúil, Geraldo Alckmin, cur ina luí ar an gcuid sin den phobal nach dtabharfadh vóta do Lula go brách ach atá scanraithe as a mbeatha roimh Jair Bolsonaro gurb eisean, Alckmin, an t-aon duine amháin a shlánóidh an Bhrasaíl ón mbeirt.

Go háirithe i bhfianaise na tine tubaistí a scrios Músaem Náisiúnta na Brasaíle agus an stair ar fad a bhí á caomhnú ann oíche Dhomhnaigh seo a chuaigh thart, is deacair a shéanadh go bhfuil slánaitheoir de shaghas éigin de dhíth go géar ar an mBrasaíl. Beidh a fhios againn i gceann míosa cé aige a bheidh an bua i gcéad bhabhta an toghcháin uachtaránachta, ach idir seo agus sin beidh sé á mhaíomh ag sciar mór den phobal gur i bpríosún atá an t-aon slánaitheoir amháin. Cá bhfios nach neosfaidh an aimsir gurb é ról an mhairtírigh an straitéis toghchánaíochta is fearr ar fad.

 

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Lula, an eilifint sa seomra…'