TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Bananaphoblacht a thabharfá ar an tír seo – dá mbeadh bananaí ar fáil’

An greann dóite an sólás is mó ag muintir na Brasaíle agus an tír ina cíor thuathail le breis agus seachtain anuas ag tiománaithe

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Bananaphoblacht a thabharfá ar an tír seo – dá mbeadh bananaí ar fáil’

Tá an Bhrasaíl ina cíor thuathail le breis agus seachtain anuas agus baic curtha ar phríomhbhóithre na tíre ag tiománaithe trucaile. Tá fearg ar na tiománaithe faoi phraghas ard an díosail.

Cé gur fhógair an rialtas faoi dhó go raibh margadh déanta acu leis na tiománaithe agus cé gur fógraíodh laghdú suntasach (ach sealadach) ar phraghas an díosail Dé Domhnaigh, níl na tiománaithe ar aon intinn faoi thairiscint an rialtais agus leanann an t-aighneas.

Tá an tír ar fad ina stad.

Cé go bhfuil feabhas beag tagtha ar chúrsaí le lá nó dhó anuas agus breosla á sheachadadh faoi thionlacan an airm agus na bpóilíní, níl aon cheirisín fágtha ag cuid mhór aerfort. Níl peitreal ar fáil ach ag líon teoranta stáisiún peitril, áit nach mbíonn ceadaithe in aghaidh an chustaiméara ach cúig lítear ar a mhéid.

I gcathracha áirithe, níl an córas iompair phoiblí ag feidhmiú ach ar éigean agus ciorruithe móra éigeandála déanta ag na húdaráis ar sheirbhísí bus d’fhonn breosla a chaomhnú.

Toisc nach bhfuil ar chumas múinteoirí agus léachtóirí a láthair oibre a bhaint amach, tá mórchuid scoileanna agus ollscoileanna dúnta.

Tá cuma fholamh ag teacht ar sheilfeanna na n-ollmhargaí agus tá ardú ag teacht ar phraghsanna an bhia dá réir.

Tá billiún (!) beithíoch agus cearc i mbaol a mbáis, más fíor, toisc nach bhfuiltear in ann fodar a thabhairt chomh fada leo. Tá an bainne á dhoirteadh amach ar na bóithre ag feirmeoirí déiríochta in agóidí dá gcuid féin toisc nach féidir a dtáirgí a bhailiú agus tá an fheoil á caitheamh amach ag na seamlais ar an gcúis chéanna.

Is iontach mar is féidir le haicme oibrithe aonair tír chomh mór leis an mBrasaíl a chur ina stad ar fad, agus is iontach a laghad is féidir leis an rialtas a dhéanamh faoi.

Dé hAoine na seachtaine seo caite, thug an t-uachtarán Michel Temer ordú don arm gníomhú i gcoinne na stailce: tá cead ag saighdiúirí seilbh a ghlacadh ar na leoraithe atá á n-úsáid chun bóithre a bhlocáil agus tá cead acu iad a thiomáint. An lá dár gcionn, d’eisigh an rialtas forógra go bhfuil cead ag na húdaráis foréileamh a dhéanamh ar charranna príobháideacha (a mbeadh breosla fágtha ina gcuid tancanna peitril) chun earraí a mbeadh géarghá leo a sheachadadh.

Ach ina ainneoin sin is beag feabhas atá tagtha ar chúrsaí.

An chaoi a bhfuil an saol polaitiúil sa Bhrasaíl faoi láthair – an t-iaruachtarán iomráiteach Lula sa phríosún, an gríosaí pobail conspóideach Jair Bolsonaro ina iarrthóir i dtoghchán uachtaránachta mhí Dheireadh Fómhair agus gan meas madra ar rialtas an uachtaráin reatha Michel Temer – ní mór do na húdaráis a bheith an-chúramach nach gcuirfidh siad an lasair sa bhairille ar fad.

Ar ámharaí an tsaoil níl earra áirithe amháin gann: tá greann dóite mhuintir na Brasaíle beo beathach.

An lá cheana, chuir nuachtán as Rio de Janeiro ceannlíne an-bharrúil ar an bpríomhleathanach: ‘Cén chaoi le do bhia féin a fhiach.’ ‘2.5 milliún bliain siar in imeacht 2 bhliain’ an fho-cheannlíne, tagairt don tréimhse atá caite i gcumhacht ag an uachtarán reatha Michel Temer.

Ach seo an jóc ab fhearr a chuala mé féin: ‘Bananaphoblacht a thabharfá ar an tír seo – dá mbeadh bananaí ar fáil.’

 

 

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: ‘Bananaphoblacht a thabharfá ar an tír seo – dá mbeadh bananaí ar fáil’'