Ba bheag nár leath mo bhéal orm nuair a thrasnaigh an traein a thóg mé ón mBratasláiv go Búdaipeist an lá cheana an teorainn idir an tSlóvaic agus an Ungáir ag baile beag Szob.
Thiar sa bhliain 2008, ba í an Ungáir an chéad tír a bhíodh ar an taobh thoir den chuirtín iarainn ar thug mé cuairt uirthi.
An chéad rud a rith liom agus mé ag breathnú amach fuinneog na traenach ar na tithe dearóile – cuid de na díonta tite isteach, na goirt agus na garrantaí míshlachtmhar agus lán bruscair – ná: níor athraigh a dhath anseo le 18 mbliana anuas.
Ní fhéadfadh an chodarsnacht leis an tSlóvaic – tír thar a bheith eagraithe – a bheith níos mó.
Gan dabht is é Viktor Orbán, pobalóir fíorchoimeádach frith-Eorpach, atá i gceannas ar an Ungáir le 16 bliain anuas. Tá Orbán go láidir ar son na Rúise fresin, rud a chothaíonn fadhbanna móra millteacha do pholasaithe eachtracha an Aontais Eorpaigh. Shílfeá, b’fhéidir, agus an tír ag titim ar gcúl ar bhealach chomh feiceálach sin i gcomparáid leis na tíortha máguaird, go gcaithfeadh muintir na hUngáire vóta do dhuine éigin eile san olltoghchán atá le reáchtáil seachtain ón Domhnach seo, ar an 12 Aibreán.
Go deimhin tá an seans sin ann. Tá an páirtí Tisza, faoi stiúir Péter Magyar, ag déanamh níos fearr sna pobalbhreitheanna ná mar a bhí riamh roimhe seo. Ach ná bíodh dul amú ar éinne: pobalóir coimeádach é Magyar chomh maith céanna le Orbán. An difear idir an bheirt, áfach, ná go bhfuil Péter Magyar go láidir ar son na hEorpa agus go bhfuil geallúint tugtha aige deireadh a chur leis an gcaimiléireacht fhorleathan a chuirtear in aghaidh pháirtí Orbán, Fidesz.
Ach is beag an mhuinín atá ag Péter eile – cara de mo chuid san Ungáir ar chaith mé cúpla lá ina chuideachta i mBúdaipeist – go n-éireoidh le Péter Magyar an lámh in uachtar a fháil ar Viktor Orbán dáiríre.
‘Ná labhair liom faoin toghchán seo, tá sé ar nós a bheith ag breathnú ar dhrochthimpiste mótarbhealaigh a bheadh ag tarlú os comhair do dhá shúl. Breathnaigh, cultas atá in Fidesz dáiríre – creideann cuid mhór Ungárach nach bhfuil teacht acu ar sholáthar nuachta ón iasacht gach rud a deir an páirtí sin. Is é an chaoi go bhfuil greim docht daingean ag Fidesz ní hamháin ar an gcóras polaitiúil, ach ar na meáin freisin.’
‘Cothaíonn siad faitíos agus fuath, toisc gurb é sin a mheallann vótaí. Tá sé curtha ina luí ag Orbán ar mhuintir na tíre seo gur tharraing muintir na hÚcráine an cogadh anuas orthu féin, go bhfuil Zelenskyy ar thóir airgid an Aontais Eorpaigh agus an tAontas Eorpach ar thóir airgead na hUngáire, agus go bplúchfar an tír le teifigh.’
Is léir gur scéin a scaipeadh an cur chuige ag Fidesz san fheachtas toghcháin dáiríre. Aisteach go leor, ní hí aghaidh Viktor Orbán atá ar phóstaeir an pháirtí ach aghaidheanna na naimhde is mó a deir an páirtí atá ag an náisiún Ungárach: Volodymyr Zelenskyy, Ursula von der Leyen agus Péter Magyar; ‘AN BAOL’ an mana in íochtar.

Rud beag in aghaidh a thola tá an Péter eile, mo chara, chun vóta a chaitheamh do pháirtí an fhreasúra, Tisza. ‘Ós rud é nár éirigh le lucht na heite clé rud ar bith a bhaint amach le 16 bliain anuas, is dóigh liom gurb é sin an t-aon rogha réadúil atá ann. Ach bheadh an-an-iontas ar fad orm mura n-éireoidh le Orbán tréimhse eile a bhaint amach.
‘Ní maith liom seo a rá ach ní athraíonn aon rud sa tír seo riamh mura gcuireann dream éigin ón taobh amuigh a ladar isteach sa scéal. Ná bíodh dul amú ort: ní hí an Rúis an t-aon dream a dhéanann sin – d’imir Angela Merkel tionchar mór ar pholaitíocht na tíre seo cheana, tráth ar fheil Orbán di.
‘Ach bí cinnte go bhfuil fir Putin anseo i láthair na huaire lena chinntiú go bhfanfaidh Orbán i gcumhacht ar feadh tamaill eile.’
Agus mé lán de pholaitíocht agus de bhia trom na hUngáire, ar ais liom go Vín – crosbhóthar cultúrtha lár na hEorpa agus crosbhóthar na n-iarnród sa chuid sin den mhór-roinn chomh maith – agus siar ó dheas liom ansin, tríd na hAlpa go Ljubljana, ardchathair na Slóivéine.
Ceacht staire sciobtha: bhí an tSlóivéin ar an gcéad cheann de bhallstáit na hIúgslaive a d’fhógair neamhspleáchas ón tír sin in 1991, chuaigh sí isteach san Aontas Eorpach sa bhliain 2004, agus, an Eastóin as an áireamh, b’fhéidir, gach seans go bhfuil sí ar an gceann is forbartha agus is iartharaí de na tíortha a bhíodh ar an taobh thoir den chuirtín iarainn tráth.
Chomh hiartharach sin, is cosúil, go mbíonn gá le hagóidí i gcoinne an chiníochais. Ar mo chéad lá i gcathair Ljubljana tharla mé ar a leithéid, agus rith sé liom ansin go raibh a dhá oiread daoine de dhath feicthe agam sa tSlóivéin in aon lá amháin ná mar a bhí feicthe agam le seachtain anuas sa tSlóvaic agus san Ungáir curtha le chéile.
Léirsiú beag a bhí ann, an t-amhrán clúiteach frith-apartheid Gimme Hope, Jo’Anna á sheinnt ar bhosca búm, daoine de dhath agus daoine bána ag damhsa le chéile agus na póilíní ag breathnú ar an rud ar fad agus a gcosa á mbualadh go héadrom acu le rithim an cheoil. Bhí rud éigin an-Ghaillimheach faoin rud ar fad, agus níos mó ná uair amháin le linn na laethanta a chaith mé in Ljubljana rith sé liom go bhfuil go leor i bpáirt ag ardchathair na Slóivéine le Cathair na dTreabh. Tá sí lán le mic léinn, le lucht ite humais – agus le turasóirí.
Tharla go raibh olltoghchán sa tSlóivéin dhá lá sular bhain mise an tír sin amach. D’éirigh le hiarrthóir na heite clé, Robert Golob, a bhí ina chéad-aire ó bhí 2022 ann, an ceann is fearr a fháil, ach ar éigean, ar an bpobalóir Janez Janša, a raibh trí thréimhsa cheana aige i gceannas ar an tír ó bhain an tSlóivéin neamhspleáchas amach i 1991. Níl ach suíochán amháin idir páirtithe na beirte, níl tromlach ag aon pháirtí sa pharlaimint, agus beidh cainteanna comhrialtais deacra roimh Golob – ach ar a laghad ar bith tá an chuma ar an scéal nach mbeidh cara eile sa chúirt san Eoraip ag Trump agus Putin sa tSlóivéin.
Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN EORAIP: Fuath is scéin i mBúdaipeist, ‘Gimme Hope Jo’Anna’ i Ljubljana'