Diúltaíodh san Ard-Chúirt i Londain inniu d’achomharc i gcoinne an chinnidh cás sceimhlitheoireachta in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh – an rapálaí ‘Mo Chara’ ó Kneecap – a chaitheamh amach an fómhar seo caite.
Thug breithiúna na hArd-Chúirte sna Cúirteanna Ríoga Coiriúla a mbreithiúnas faoin achomharc tráthnóna.
Sheas na breithiúna Andrew Edis agus Thomas Linden le cinneadh an phríomh-bhreithimh sa Chúirt Dúiche, Paul Goldspring, a chinn an cás a chaitheamh amach sa Chúirt Dúiche.
Éisteadh an cás achomhairc a thug Seirbhís Ionchúisimh na Corónach ar an 14 Eanáir san Ard-Chúirt i Londain.
Caitheadh amach i Meán Fómhair 2025 an cás sceimhlitheoireachta a tugadh in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh, a raibh sé curtha ina leith gur thaispeáin sé brat mar thacaíocht le Hezbollah ag ceolchoirm de chuid Kneecap in Kentish Town i Sasana.
Ba ar an mbonn gur tionscnaíodh na himeachtaí cúirte “go neamhdhleathach” agus go raibh siad “ar neamhní dá bharr” a caitheadh amach an cás anuraidh.
Dúradh sa bhreithiúnas gur údar imní a bhí ann nach mbeadh aon triail ann ó tharla go raibh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus an tArd-Aighne den tuairim gur chóir go mbeadh a leithéid ann.
“Chinn siad go raibh seans maith ann go mbeadh ciontú ann agus bhí siad den tuairim go raibh leas an phobail i gceist.
“Níl aon fhiosrú déanta againn faoi na cúiseanna leis an teip seo ná níl fúinn an milleán a chur ar aon duine. Ní hin le rá nach fiú machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna ach ní bhaineann siad lenár gcinneadh.”
Dúirt na breithiúna nár cuireadh Liam Óg Ó hAnnaidh ar a thriail maidir leis na líomhaintí a bhí curtha ina leith agus nach gcuirfí ar a thriail é.
“Ní bhfuarthas ciontach é agus ní bhfuarthas neamhchiontach é,” a dúradh.
Dúirt na breithiúna go raibh a gcinneadh bunaithe ar cheist dlí “teoranta agus teicniúil” agus ní ar cé acu an raibh Liam Óg Ó hAnnaidh ciontach nó neamhchiontach.
Mhaígh Kneecap ó thús nach raibh sa chás in aghaidh an rapálaí ach “carnabhal mearbhaill” ag rialtas na Breataine chun aird a bhaint ón gcinedhíothú sa Phalaistín agus stop a chur le daoine labhairt amach faoi.
Chuir an grúpa fáilte inniu roimh chinneadh na cúirte gan achomharc a cheadú.
“Kneecap 3, Rialtas na Breataine 0. Is iad ceannairí stát na Breataine na sceimhlitheoirí is mó ar domhan,” a dúirt siad i ráiteas ar na meáin shóisialta.
Bhí sé á mhaíomh ag lucht na Seirbhíse Ionchúisimh gur dearmad a bhí sa chinneadh sa chúirt dúiche agus go raibh “pointe tábhachtach dlí” i gceist a chaithfí “a shoiléiriú”. Mhaígh lucht cosanta Uí Annaidh go raibh an ceart ar fad ag an mBreitheamh Goldspring sa bhreith a thug sé i mí Mheán Fómhair.
An cheist a bhí le cíoradh ag an Ard-Chúirt ná an raibh an ceart ag Goldspring nár cuireadh tús in am leis na himeachtaí dlí in aghaidh Uí Annaidh mar gheall nach bhfuarthas cead ón Ard-Aighne in am.
Ar an 21 Bealtaine 2025, d’eisigh na póilíní ‘Fógra faoi Chúis Choiriúil’ i leith na líomhna ag fógairt ar Ó hAnnaidh, a úsáideann Mo Chara mar ainm gairme, teacht os comhair na cúirte dúiche ar an 18 Meitheamh 2025. Cuireadh amach an fógra díreach taobh istigh den tréimhse sé mhí atá ceadaithe faoi reachtaíocht na cúirte dúiche chun imeachtaí dlí a thionscnamh.
Ach de réir na reachtaíochta sceimhlitheoireachta ní ceadmhach imeachtaí dlí a thionscnamh gan cead a fháil ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus ní féidir leis an stiúrthóir an cead sin a thabhairt gan cead a bheith faighte aige féin ón Ard-Aighne.
I gcás Liam Óig Uí Annaidh ní bhfuarthas cead an Ard-Aighne tús a chur le himeachtaí go dtí an 22 Bealtaine 2025, an lá i ndiaidh gur eisíodh an ‘Fógra faoi Chúis Choiriúil’.
An argóint a bhí ag lucht dlí Liam Óig Uí Annaidh san Ard-Chúirt ná go raibh an ceart ag an mBreitheamh Goldspring agus nach raibh aon dlínse ag an gCúirt Dúiche ina chás.
Fág freagra ar 'Ní chuirfear ar a thriail rapálaí Kneecap, diúltaithe sa chúirt i Londain d’achomharc'