TUAIRISC Ó BHOSTÚN: Bua mór ag Marty Walsh agus muintir Chonamara ag ceiliúradh go maidin

Ní raibh an teannas chomh mór sa toghchán seo do mhéaracht Bhostúin agus a bhí ceithre bliana ó shin ach bhí sásamh le cois i mbua an Mhéara Marty Walsh aréir

TUAIRISC Ó BHOSTÚN: Bua mór ag Marty Walsh agus muintir Chonamara ag ceiliúradh go maidin

Bhí muintir Chonamara go láidir i measc slua tacaíochta an Mhéara Walsh in Óstán Copley Fairmont i gceartlár Bhoston aréir nuair a fógraíodh an toradh ar an toghchán do Mhéara Bhoston, 2017.  Bhí máthair an Mhéara, Mary Walsh, nó Mary Joe Pheadair as Ros Muc, ina chuideachta chomh maith lena pháirtí, Lorrie Higgins.

Is nós leis an Méara Walsh i gcónaí ag ócáidí den sórt seo labhairt faoina athair, John Walsh (John Mháirtín Tom as Caladh Mhaínse i gCarna) nach maireann.   Bhásaigh John roinnt blianta ó shin.  Bhí aintíní agus uncaileacha an Mhéara chomh maith le daoine muinteartha eile leis ag ceiliúradh freisin go maidin san Copley Fairmont.

Bhí iar-LeasUachtarán Mheiriceá, Joe Biden agus roinnt Seanadóirí náisiúnta ina measc siúd a ghlaoigh ar an Méara Walsh tar éis dó a bheith tofa go luath ar maidin inniu, am na hÉireann.

Ní raibh an teannas chomh mór sa toghchán seo do mhéaracht Bhoston agus a bhí ceithre bliana ó shin; ní baileach go raibh an spleodar agus na gártha molta chomh hard agus a bhíodar i mí na Samhna, 2013, nuair a toghadh Marty Walsh mar Mhéara den chéad uair.

Ach, bhí sásamh le cois i mbua an Mhéara Walsh i mBoston aréir agus tábhacht dá réir leis an toradh.    Bhí beagnach 65% den vóta ag an Méara sa deireadh agus an fear a chuaigh ina aghaidh, an Comhairleoir Cathrach, Tito Jackson, taobh lena leath sin.

Ar nós an dara bua as a chéile i gcraobh na hÉireann, tugann an dara bua i dtoghchán mar seo stádas níos láidre agus níos cumhachtaí do Mhéara ar chathair mhór i Meiriceá.

Cruthaíonn sé freisin go bhfuil a chuid dualgas déanta go paiteanta aige; tá an bua faighte aige de bharr a chuid oibre agus ní de bharr  gealltanais pholaitiúla.

Labhair an Méara faoi chearta agus faoi chothrom na Féinne d’imirceoirí nuair a thug sé a óráid tar éis a bhua a bheith cinntithe.  Labhair sé faoi chearta agus faoi shaol níos fearr do chuile dhream sa gcathair sna blianta amach romhainn.  Dúirt sé go mbreathnófaí amach do chuile dhream i mBoston fiú agus mura bhfaighfí tacaíocht as Washington. Labhair an Méara amach go láidir in aghaidh pholasaithe an Uachtaráin Trump i leith na hinimirce.

Dúirt an Méara Walsh freisin go mbeadh sé ag teacht go hÉirinn an chéad bhliain eile.  Thagair sé d’oscailt Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna i gConamara agus do chuairt an Phápa go hÉirinn agus thug le fios go bhfuil an dá ócáid sin ar a intinn aige.

Bhí rith an ráis leis an Méara Walsh ar feadh píosa maith sular thosaigh an feachtas seo i mBoston.  Cé nach raibh sé féin agus roinnt den phobal ar aon intinn faoi cheist na gCluichí Oilimpeacha – bhí an Méara ag iarraidh Boston a chur san iomaíocht mar ionad le haghaidh na gcluichí i dtosach – aithnítear gur stiúir sé go stuama gnóthaí na cathrach.

Cruthaíodh leathchéad míle post nua i mBoston le ceithre bliana agus tá cúrsaí fostaíochta thar cionn ann.  Tá láimhsiú stuama déanta freisin aige ar chúrsaí póilíneachta. Léirigh torthaí pobalbhreithe le gairid go bhfuil 80% de mhuintir na cathrach sásta leis na póilíní;  tá 77% de na mionlaigh sa gcathair sásta.  Sin ráta an-ard do sheirbhís phóilíneachta.

Bua eile atá léirithe go maith ag an Méara Walsh ná go bhfuil sé in ann a bhealach a dhéanamh go stuama agus go suáilceach i measc na n-aicmí éagsúla den daonra i mBoston.  Glactar leis go forleathan go bhfuil an caidreamh idir aicmí agus ciníocha i bhfad níos suaimhní sa gcathair ná mar a bhíodh sé sna blianta a caitheadh.

Bhí lucht tacaíochta an Mhéara eagraithe go maith arís agus buíon Chonamara ag gníomhú go láidir arís – cé nach raibh an brú céanna orthu agus a bhí ann in 2013.  Ar ndóigh, ba iontach an buntáiste don Mhéara an ciste an-láidir airgid toghchánaíochta atá aige – bhí geall le $5 milliún sa sparán sin roimh an toghchán.   Bhí a chéile comhraic, Tito Jackson, ar phingineacha beaga le hais an chiste sin.  Ach is é bun agus barr an scéil sna Stáit ná go dtugann an t-airgead léargas láidir ar an tacaíocht atá ag polaiteoir.

Mar  Mhéara ar chathair Bhoston, tá Marty Walsh i gceannas ar cheann de chathracha móra Mheiriceá.  Sa mullach ar sin, tá Boston ina lárionad fíorthábhachtach do chúrsaí leighis, do chúrsaí oideachais agus teicneolaíochta.  Is ag treisiú atá an stádas sin.

Cuirfear an cheist tar éis an bhua seo, céard atá i ndán do Mharty Walsh sa bpolaitíocht.   Tá freagra díreach aige féin air sin – seirbhís a thabhairt do mhuintir Bhoston agus an chathair a chur chun cinn.

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó BHOSTÚN: Bua mór ag Marty Walsh agus muintir Chonamara ag ceiliúradh go maidin'