TUAIRISC BHEO: Cúrsaí Oideachais sa Ghaeltacht á bplé ag Coiste Oireachtais

Seo tuairisciú beo ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais agus ionadaithe na Roinne Oideachais ag labhairt faoi chúrsaí oideachais sa Ghaeltacht

TUAIRISC BHEO: Cúrsaí Oideachais sa Ghaeltacht á bplé ag Coiste Oireachtais

19.13 Deireadh curtha leis an gcruinniú.


19.11 Ceathrar a bheidh fostaithe san Aonad nua Gaeltachta. Deir Harold Hislop nach raibh aon phlé ann faoin Aonad nua a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht. “Go bhfios domsa, ní raibh i gceist ach go mbeadh sé in oifigí na Roinne atá againn cheana féin,” a deir sé.


19.09 Baineann an CAO leis na hollscoileanna, ní leis an Roinn Oideachais. Is féidir buntáistí eile seachas pointí breise a thabhairt do dhaoine a dhéanfadh scrúdú i nGaeilge, tá solúbthacht ann, dar le Hislop.


19.07 Tá sé deacair tástálacha caighdeánaithe a dhéanamh i nGaeilge mar gheall ar a laghad daoine atá in ann í a labhairt. “Tá sé thar a bheith deacair na tástálacha a chumadh”, ach ar an láimh eile tá na tástálacha matamaitice ar fáil i nGaeilge anois, a deir Hislop mar fhreagra ar cheist Uí Chlochartaigh.


19.04 “An mbeifear ag forbairt tástálacha caighdeánaithe Gaeilge cosúil leis na tástálacha caighdeánaithe Béarla a bhíonn ann?” a fhiafraíonn Ó Clochartaigh agus é ag maíomh go bhfuil cainteoirí dúchais faoi mhíbhuntáiste sna tástálacha sin.


19.02 Ceist ó Trevor Ó Clochartaigh faoi phointí breise a bhronnadh ar dhaltaí a dhéanfadh an dara cúrsa Gaeilge atá molta le fada don chainteoir dúchais san Ardteist.


18.58 Níl aon dabht ar an Roinn Oideachais ach go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht agus chuir líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht “eagla” ar an Roinn féin, a deir Hislop.


18.52 Cuirfear tús leis na cúrsaí nua sna coláistí oiliúna in 2018. Caithfear deis a thabhairt do na coláistí oiliúna iarratas a dhéanamh. Ceist curtha ag Éamon Ó Cuív faoi na campais a mbeidh na cúrsaí á reáchtáil iontu. “Dá mbeadh siad ar champas lán-Ghaeilge bheadh Gaeilge níos fearr fós ag na múinteoirí a thiocfadh amach as,” a deir sé.


18.47 Ceisteanna anois á gcur ag an gCathaoirleach Catherine Connolly faoin Aonad Gaeltachta. An ndearnadh aon mhachnamh faoin aonad a lonnú sa Ghaeltacht? Cé mhéad duine a bheidh fostaithe ann? Cén scála ama atá leagtha amach d’fheidhmiú an pholasaí?


18.39 Caithfear an milliún euro sa chéad bhliain don pholasaí ar chúrsaí traenála, ar mhúinteoirí breise agus ar chostais riaracháin. Beidh airgead á chur ar fáil do COGG freisin le tuilleadh daoine a fhostú le tacú leis an bpolasaí. Íocfar tuarastal fhostaithe an Aonaid Gaeltachta as an milliún euro céanna, mar go mbeidh daoine eile le hearcú do na postanna atá faoi láthair acu.


18.31 Tá fíorthábhacht ag baint leis na naíonraí, a deir Hislop, ach baineann an polasaí seo le scoileanna. Deir sé go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh gach grúpa a bhíonn ag plé le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht, ó thús deireadh, ag obair le chéile.


18.26 Ní fheiceann an Seanadóir Brian Ó Domhnaill (FF) “an réasún nach mbeadh an tAonad Gaeltachta lonnaithe sa Ghaeltacht”. Dea-shampla  agus buntáiste a bheadh ann go mbeadh an oifig lonnaithe sa Ghaeltacht. Luann sé na hoifigí folmha atá ar fud na Gaeltachta, mar a luaigh Éamon Ó Cuív.


18.15 Breathnóidh an Roinn ar cheist na gcearta iompair a bheidh ag gasúir nach mbeidh a dtuismitheoirí ag iarraidh go bhfreastalódh siad ar scoileanna lán-Ghaeilge. Bhí ceist ag Ó Cuív faoin ábhar sin agus é luaite aige go mbíonn cearta iompair ag daoine a dteastaíonn oideachas lán-Ghaeilge uathu i gceantair taobh amuigh den Ghaeltacht.


18.12 Tá scoileanna Gaeltachta ann a bhfuil cainteoirí dúchais sa mhionlach iontu, a deir Harold Hislop.


18.01 Ní bheidh aon chomórtas earcaíochta ann don Aonad nua Gaeltachta. Is daoine atá fostaithe atá ag obair sa Roinn cheana féin a bheidh ag obair ann. Tá an próiseas fós ar siúl faoi láthair, agus tá Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais sásta go bhfuil Gaeilge mhaith ag gach duine acu. Fógrófar cé hiad na daoine a bheidh san Aonad roimh Nollaig. Beidh cuid d’oibrithe an Aonaid lonnaithe in Áth Luain, agus an chuid eile acu i mBaile Átha Cliath.


18.00 ‘An tAire Ó Cuív’ tugtha ag Catherine Connolly ar Éamon Ó Cuív…


17.59 Treasa Kirk ón Roinn Oideachais ag labhairt faoi sholáthar múinteoirí le Gaeilge. Níl frámaí ama aontaithe go fóill, ach is tréimhse cúig bliana atá i gceist leis an bpolasaí, a deir sí. Beidh cúrsaí breise ann do mhúinteoirí as seo go ceann cúig bliana.


17.55 An Seanadóir Seosamh Ó Raghallaigh, Fine Gael, anois ag caint.


Éamon Ó Cuív TD 2
An Teachta Dála, Éamon Ó Cuív

17.53 Iarrtha ag Éamon Ó Cuív go bpléifí díolúine na Gaeilge ag cruinniú eile de chuid an Choiste agus é ráite aige go bhfuil scoileanna ann atá “ag tabhairt ugach do thuismitheoirí” díolúine ón nGaeilge a lorg dá ngasúr.


17.48 Éamon Ó Cuív den tuairim go mba cheart deis a bheith ag daoine sa Ghaeltacht nach bhfuil ag iarraidh oideachas i nGaeilge a fháil freastal ar an scoil Bhéarla is giorra dóibh. Deir sé freisin go mba cheart stádas Gaelscoile chomh maith le stádas Gaeltachta a thabhairt do na scoileanna. “Tá Béarla ag chuile ghasúr…fiú i gceartlár na Gaeltachta, ní bhíonn Gaeilge ag chuile ghasúr. Is fearr an Béarla atá ag gasúir le Gaeilge ná an Ghaeilge atá ag gasúr le Béarla” agus caithfear aghaidh a thabhairt air sin, a deir sé.


17.43 Ceisteanna anois á gcur ag an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Éamon Ó Cuív – an mbeidh Gaeilge ina teanga oibre san Aonad Gaeltachta, an mbeidh ar an Roinn daoine nua a fhostú le cur ag obair ann, agus cá mbeidh an tAonad nua lonnaithe? “An smaoineodh sibh ar an Aonad seo a lonnú sa Ghaeltacht?” a fhiafraíonn sé, agus é ag tagairt do sheomraí folmha in oifigí na Roinne Gaeltachta sna Forbacha.


17.42 Níl an Roinn ag iarraidh iachall a chur ar scoileanna stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach, is faoin scoil a bheidh an cinneadh sin. Beidh buntáistí ag scoileanna Gaeltachta, mar sin féin, agus tá an Roinn ag súil go meallfaidh sé sin scoileanna i dtreo na Gaeilge. Tá an Roinn ag súil freisin gur mionlach an-bheag tuismitheoirí a bheidh ag iarraidh oideachas i mBéarla i gceantar Gaeltachta.


Harold Hislop, An Roinn Oideachais
Harold Hislop, An Roinn Oideachais

17.40 Níl socrú déanta faoi láthair maidir le díolúine na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar scéim na ndíolúinte ar fad, ach táthar ag fanacht fós ar thorthaí an athbhreithnithe sin.


17.38 Bhí seans ag na ceardchumainn cur isteach ar an bpróiseas comhairliúcháin a reáchtáladh maidir leis an bpolasaí oideachais. Chuir an INTO a dtuairimí in iúl go hoifigiúil don Roinn, b’fhéidir gur chuir TUI agus ASTI tuairimí isteach freisin. Níor chuir INTO in aghaidh na moltaí, a deir Hislop.


17.33 Níl aon dabht ach go bhfuil deacracht ag scoileanna Gaeltachta teacht ar mhúinteoirí a bhfuil Gaeilge acu go háirithe ag an dara leibhéal, a deir Harold Hislop.


17.31 Beidh Gaeilge líofa ag fostaithe an Aonaid Gaeltachta a bhunófar i mí Eanáir 2017, a deir Harold Hislop, Príomhchigire sa Roinn. Ceathrar a bheidh san Aonad nua a bhunófar chun an polasaí Gaeltachta a chur i bhfeidhm.


17.29 Cé na cearta atá ag an tuismitheoir atá ag iarraidh go mbeadh oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil dá pháiste ach atá ina chónaí i gceantar Gaeltachta a bhfuil scoil ann atá tar éis stádas Gaeltachta a dhiúltú? a fhiafraíonn Ó Clochartaigh.


Trevor Ó Clochartaigh 2
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh

17.26 Sraith ceisteanna curtha ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh faoi chur i bhfeidhm an pholasaí agus na dúshláin atá roimh an Roinn anois. Ceist chaighdeán Gaeilge na múinteoirí, ceist na gceardchumann, ceist an díolúine Gaeilge i measc na gceisteanna atá curtha aige.


17.20 Cur i láthair déanta ag Harold Hislop thar ceann na Roinne Oideachais. Beidh ciorclán ag dul amach san earrach ina leagfar síos na critéir le stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach. Teastóidh €1 milliún in 2017 leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta a chur i bhfeidhm, €3m in 2018 agus níos mó ina dhiaidh sin.


17.13 Tús curtha leis an gcruinniú agus fáilte curtha ag an gCathaoirleach Catherine Connolly roimh a bhfuil i láthair.