Tá Rialtas na hAlban ag lorg tuairimí an phobail faoi cheantair Ghaeltachta ar chuma Ghaeltacht na hÉireann a chruthú.
Tá comhairliúchán fógartha in Albain faoi láthair maidir lena bhfuil i ndán don Gàidhlig ansin agus faoi cibé ar chóir ceantair labhartha Gaeilge – Gaidhealtachd – a bhunú.
Sa cháipéisíocht a bhaineann leis an bpróiseas comhairliúcháin déantar cur síos ar stair Ghaeltacht na hÉireann agus ar pholasaí Gaeltachta an stáit abhus.
Cuirtear an t-eolas sin i láthair phobal na hAlban gan a rá cé acu ar cheart múnla na hÉireann nó cuid de a úsáid. Cuirtear fainic ar dhaoine, áfach, nach bhféadfaí coincheap na Gaeltachta in Éirinn a chur i bhfeidhm scun scan in Albain.
Is é atá á lorg ag Rialtas na hAlban ná moltaí ó dhaoine faoi na bearta ba chóir a thabhairt isteach le tacú le cainteoirí Gaeilge sna ceantair sin ina bhfuil líon suntasach daoine ag labhairt na teanga.
Tá siad ag iarraidh moltaí chomh maith maidir le conas ba chóir na ceantair sin a shainiú.
Táthar ag iarraidh moltaí freisin faoi conas is fearr a d’fhéadfaí bearta tacaíochta a chur i bhfeidhm i gceantair ina bhfuil roinnt mhaith daoine ag labhairt na Gaeilge “ach ag an am céanna a bheith dílis don phrionsabal gur chóir gurb í an Ghaeilge teanga náisiúnta na hAlban ar fad”.
Ceist chonspóideach í sin le tamall anuas i measc scoláirí in Albain.
Go traidisiúnta Gàidhealtachd a thugtaí ar Gharbhchríocha agus Oileáin na hAlban.
Ag tráth amháin Gaeilge is mó a bhíodh á labhairt sa réigiún sin agus an cultúr Gaelach a bhí i réim ann, ach ní téarma é Gàidhealtachd a bhí in úsáid i bhfilíocht Ghaeilge na hAlban, mar shampla.
Is í an aidhm atá leis an tionscnamh is déanaí seo a fháil amach céard iad na bearta eile a d’fhéadfaí a dhéanamh le tacú leis an teanga agus cur le líon na gcainteoirí Gaeilge agus leis an méid daoine a fhoghlaimíonn agus a úsáideann í.
I measc na bpríomhábhar sa cháipéis comhairliúcháin tá an bhéim ar an socrú scrúdú a dhéanamh ar an smaoineamh ‘Gàidhealtachd’ a chruthú sa tír.
Deirtear sa cháipéis ó Rialtas na hAlban go bhfuil an téarma Gaeltacht in úsáid in Éirinn le céad bliain don chuid sin den tír ina labhraítear Gaeilge, ach go bhfuil athruithe agus forbairt tagtha ar an gcoincheap ó shin.
“Ní hamhlaidh gur féidir linne an réiteach sin a thabhairt isteach ceann ar aghaidh sa tír seo mar nach freagra soiléir seasta é an téarma ar cad a bheadh i gceist le Gàidhealtachd sa tír seo,” a deirtear.
Maidir leis an easaontas in Albain faoin téarma Gàidhealtachd, deir Rialtas na hAlban go bhfuil daoine áirithe ann a chreideann gur suíomh tíreolaíochta faoi leith atá i gceist.
Dar leosan, a deirtear, is éard a bheadh i gceist leis an tiomantas seo don teanga ná an Ghaeilge a neartú sna ceantair thíreolaíochta ina bhfuil sí á labhairt ag líon maith daoine.
An tuiscint a thagann as sin go bhfuil an teanga níos feiceálaí i gceantair áirithe agus gur sna ceantair sin ba chóir scéimeanna tacaíochta a chur ar fáil, a deirtear.
Ar an dtaobh eile den scéal, deir Rialtas na hAlban go bhfuil roinnt grúpaí a bhfuil suim acu sa teanga nach gcreideann gur “rud simplí” atá ann an gníomh seo do lucht labhartha na Gaeilge a chur i bhfeidhm.
“Ceist a bhí ag déanamh imní do chuid de na daoine sin conas is féidir é sin a dhéanamh ach a bheith dílis chomh maith don choincheap gur teanga don tír uilig í an Ghaeilge agus gur chóir gurbh í teanga náisiúnta an tíre í.”
Agus an cháipéis chomhairliúcháin á hullmhú, deirtear gur ceanglaíodh an cheist leis an imní nach mbeadh tacaíocht leanúnach ar fáil don Ghaeilge in áiteanna eile nach mbeadh sa Gàidhealtachd, Glaschú nó Dún Éídeann, mar shampla.
Bhí daoine ann a bhí den tuairim go mbeadh an cur chuige a bhí á mholadh conspóideach agus go mbeadh sé deacair deontais a dháileadh “sa gcás go mbeadh líne tarraingthe ar mhapa”.
Measadh freisin go mbeadh sé deacair teacht ar chomhaontú maidir leis na critéir ar a ndéanfaí cinneadh faoi na ceantair – an céatadán cainteoirí a theastódh chun a bheith áirithe mar cheantar sa Gàidhealtachd, mar shampla.
Deirtear gur chreid daoine eile a chuir a gcuid tuairimí in iúl roimh thús an chomhairliúcháin gur chóir an bhéim a chur a thacaíocht a thabhairt do na daoine atá ag labhairt nó ag foghlaim na teanga pé áit a bhfuil siad, bíodh sin i ngréasáin nó i bpobal.
Deir Rialtas na hAlban nach “gá go dtiocfadh na moltaí seo salach ar a chéile agus go bhféadfadh go gcaithfí féachaint conas is féidir tacaíocht níos fearr a thabhairt do gach dream”.
“Chomh maith leis sin, caithfear a chur san áireamh an tábhacht a bhaineann leis na hacmhainní ar líne is digiteacha a bhfuil teacht orthu ag cainteoirí líofa Gaeilge agus ag foghlaimeoirí agus cuimhneamh ar na pobail a eascraíonn as na meáin sin,” a deirtear.
Is cuid é an moladh seo faoin nGaeltacht den chomhairliúchán náisiúnta atá curtha ar bun ag Rialtas na hAlban ar mhaithe lena chinntiú gur rath agus forbairt a bheidh i ndán don Ghaeilge agus don Albainis sna blianta atá amach romhainn.
Tá tuairimí á lorg ag an Rialtas faoi na bealaí is éifeachtaí chun íomhá na hAlbainise a fheabhsú, agus cur chuige straitéiseach nua i leith na Gaeilge a bheartú.
Táthar ag díriú cuid mhaith sa phróiseas comhairliúcháin ar chur chun cinn na teanga i réimse an oideachais.
Dúirt Shirley-Anne Somerville, an Rúnaí Oideachais, go gcuideodh an comhairliúchán seo le cur leis an líon daoine a labhraíonn an Ghaeilge agus an Albainis.
De réir dhaonáireamh 2011, labhraíonn 57,375 duine in Albain Gaeilge, agus tá cumas éigin sa teanga ag 87,100 duine.
Dúirt 1.5 milliún gur cainteoirí Albainise iad.
Táthar ag súil go n-úsáidfear an t-aiseolas ón gcomhairliúchán seo le forbairt a dhéanamh ar Bhille Teanga na hAlban atá ar na bacáin.
Leanfar leis an bpróiseas comhairliúcháin seo go dtí an 17 Samhain.
Pádraig
Go n-éirí libh.