Trump fós faoi scáth eachtraí an 6 Eanáir

Níl amhras ar bith ach go leanfaidh scéal an ruathair ar an gCaipeatól ar aghaidh go dtí na cúirteanna is airde i Meiriceá

Trump fós faoi scáth eachtraí an 6 Eanáir

Bhí alltacht agus sceon ar mhórán chuile dhuine ar lá chinn an dá lá dhéag anuraidh nuair a thug na mílte lucht agóide faoi Thithe na Comhdhála i Washington DC.

Níor tharla a leithéid ó las fórsaí na Breataine tithe na comhdhála in 1814.

Cuireadh tús leis an agóid le míshástacht a léiriú le toradh thoghchán na huachtaránachta roinnt seachtainí roimhe sin.

D’aontaigh lucht na círéibe le maíomh Donald Trump gur de bharr caimiléireachta agus calaoise a bhuaigh Joe Biden toghchán na huachtaránachta. Bhí Seanadóirí agus baill chomhdhála agus an coláiste toghchánaíochta in Washington DC an lá sin. Bhí siad ann le toradh an toghcháin a dhearbhú mar a tharlaíonn faoi chóras toghchánaíochta na Stát Aontaithe.

Thug Donald Trump óráid an lá céanna ar ghlac go leor daoine leis mar ghríosú chun gnímh. Nuair a thosaigh an chíréib, bhí drogall ar an Uachtarán an Garda Náisiúnta a thabhairt isteach le smacht a chur ar chúrsaí. Arís, tá go leor den tuairim gur amhlaidh a theastaigh uaidh Trump an chíréib agus an chíor thuathail a scaoileadh chomh fada agus ab fhéidir.

Faoi dheireadh an lae sin bhí cúigear marbh, na céadta gortaithe agus meon an phobail sna Stáit Aontaithe athraithe. Rinneadh táinseamh eile ar Donald Trump, an chéad uachtarán riamh ar tharla a leithéid dó faoi dhó. Ach cé gur táinsíodh é , níor ciontaíodh é. Go deimhin,  níor tharla aon athrú mór i meon na bpolaiteoirí, go háirithe na Poblachtánaigh, de thoradh a tháinsimh.

Thóg sé an chuid is mó de leathbhliain coiste fiosraithe a chur ar bun chun déileáil le himeachtaí an 6 Eanáir 2021. Dhiúltaigh Poblachtánaigh cuidiú leis an bhfiosrúchán agus ballraíocht a ghlacadh ar an gcoiste atá i mbun fiosraithe.

Faoi mar a tharlaíonn go minic sna Stáit Aontaithe is sna cúirteanna atá an scéal dá phlé faoi láthair. Tá an tUachtarán Trump ag maíomh go bhfuil pribhléid uachtaránachta aige agus dá réir sin nach gcaithfidh sé aon eolas a chur ar fáil don choiste. Tá Rudi Giuliani agus roinnt comhairleoirí eile de chuid Trump ag maíomh an rud céanna. Níl mórán de bhunús lena n-argóint mar go mbaineann an phribhléid sin sna Stáit Aontaithe le ceisteanna polasaí seachas gach comhrá a bhíonn ag an Uachtarán agus a bhuíon comhairleoirí.

Níl amhras ach go leanfaidh an scéal seo ar aghaidh go dtí na cúirteanna is airde i Meiriceá agus cé go mbíonn drogall ar an gCúirt Uachtarach a ladar a chur i scéalta a bhaineann leis an bpolaitíocht, beidh brú orthu fasach a chruthú sa gcás seo.

Is féidir go mbeidh tionchar ag na cásanna seo agus fiosrúchán na comhdhála ar an tírdhreach toghchánaíochta i Meiriceá freisin. Má dhearbhaítear go raibh baint ag an Uachtarán Trump le heagrú agus gríosú na círéibe – fiú trína chuid comhairleoirí – beidh deis ag Poblachtánaigh a gceangal leis a bhriseadh, más áil leo sin a dhéanamh.

Ceist eile cén leas a bhainfeadh Daonlathaigh as a leithéid de thoradh agus cén dochar a d’fhéadfaidís a dhéanamh don fhreasúra. Beidh muid ag faire breithiúnas na cúirte feidearálaí in Washington DC le leidí a fháil.

Tá pionóis throma gearrtha ag an mbreitheamh Tanya Chutkan orthu siad a tháinig os a comhair ar chúiseanna a bhain leis an gcíréib. Ní fhéadfadh go bhfuil Donald Trump róshásta gur faoi Tanya Chutkan a bheidh an cinneadh an scaoilfear cáipéisí chuig an gcoiste comhdhála faoin ról a bhí aigesean sna heachtraí ar an 6 Eanáir.

Fág freagra ar 'Trump fós faoi scáth eachtraí an 6 Eanáir'