Trump ag prapáil i gcomhair cosc a chur ar ghinmhilleadh

Deir an tUachtarán Trump gur dóigh go gcuirfear Roe v Wade ar ceal lena linn féin mar Uachtarán agus d’fhéadfadh gur chuige sin an deifir atá air breitheamh a ainmniú ar an gCúirt Uachtarach

Trump ag prapáil i gcomhair cosc a chur ar ghinmhilleadh

Is beag duine, dá laghad a suim sa dlí nó sa bpolaitíocht, nach bhfuil trácht cloiste acu ar an gcás cúirte i i Stáit Aontaithe Mheiriceá i 1973 a chinntigh go mbeadh ginmhilleadh ar fáil go dleathach do mhná sa tír sin. Cé go raibh ginmhilleadh ar fáil go forleathan roimhe sin, chinntigh Roe v Wade go raibh an ceart sin ann faoin naoú leasú ar an mBunreacht a bhain le príobháideachas. Faoin gcóras casta dlí sna Stáit Aontaithe fágtar faoi na Stáit féin a sainmhíniú ar na rialacháin a bhaineann le ginmhilleadh a achtú agus dá réir bíonn rialacháin agus dlíthe níos daingne ag Stáit thar a chéile.

Go deimhin féin ó thug an naonúr breithiúna ar an gCúirt Uachtarach a mbreithiúnas i 1973, níl aon deireadh leis na hiarrachtaí a rinneadh an cinneadh sin a chur ar neamhní. Níl bliain nach mbíonn cás os comhair na Cúirte Uachtaraí a bhaineann le Roe v Wade agus cearta ginmhillte. Níor éirigh le haon iarracht go dtí seo. Dúirt an tUachtarán Trump in agallamh le Fox News ag an deireadh seachtaine gur dóigh ná a mhalairt go gcuirfear Roe v Wade ar ceal le linn a ré féin mar Uachtarán.

Nach tráthúil, agus gan é ach sé seachtaine ó vótáil pobal na tíre seo le móramh mór an bunreacht a leasú agus cead a thabhairt don Oireachtas rialáil a dhéanamh ar ghinmhilleadh, go bhfuil an tír a bhíonn ag maíomh de shíor as an tsaoirse atá ar fáil inti ag brath ceann de na samplaí is mó den tsaoirse a luaitear léi a chur ar neamhní. Cén fáth go gcreideann Donald Trump gur dóigh ná a mhalairt go dtarlóidh an t-athrú seo? Mar go bhfuil deis aige anois, ó d’éirigh an Breitheamh Kennedy as oifig an tseachtain seo caite, breitheamh a ainmniú ar an gCúirt Uachtarach. Seo ceann de na cumhachtaí is mó agus is cinniúnaí atá ag Uachtaráin na Stát Aontaithe. Tugann sé deis dóibh duine a bhfuil na tuairimí céanna leo féin acu a chur in oifig sa gCúirt is airde sa tír. Dá mhéad breithiúna dá n-ainmníonn Uachtarán ar an gCúirt Uachtarach is ea is mó tionchar fadtéarmach a bheidh aige ar dhlíthe na tíre.

Nuair a chuirtear san áireamh go bhfanann breithiúna ar an gCúirt go mbíonn siad i bhfad amach sna blianta, maireann tionchar uachtaráin sa chás seo ar feadh blianta fada.

Agus an pholaitíocht? Caithfidh an té a ainmníonn Uachtarán dearbhú a fháil ó Choiste Seanaid agus sin is cúis leis an deifir atá ar an Uachtarán Trump an t-ainmniúchán seo a dhéanamh. Agus toghcháin lár téarma ar an mbealach i mí sa Samhna, teastaíonn ó Trump an próiseas seo a chur i gcrích chomh luath agus is féidir lena chinntiú go n-éiríonn leis an té a ainmníonn sé.

Tá sé i gceist aige, a dúirt sé, duine a ainmniú faoin Luan seo chugainn, an 9 Iúil agus dúirt go raibh agallaimh ar siúl an tseachtain seo. Tá cúigear ainmniúchán á meas, beirt bhan ina measc, a dúirt sé, agus ní chuirfear aon cheist ar leith orthu faoi chás Roe v Wade. Níl aon chúis go gcuirfí ó tá sé á thuairisciú go bhfuil na hiarrthóirí ar fad roghnaithe as liosta de chúigear agus fiche a bhfuil a gcuid dintiúir i dtaobh Roe v Wade ar eolas cheana.

An chaoi a bhfuil cóimheá na cumhachta in Washington faoi láthair tá an bealach níos réidhe do Trump. Má éiríonn leis na Daonlathaigh dul chun cinn a dhéanamh, tá seans ann go dtiocfadh an próiseas ainmniúcháin ina aghaidh. Ní theastaíonn ó cheachtar páirtí go mbeadh an cheist seo lárnach sa bhfeachtas toghcháin.

Tá dearcadh an Uachtaráin féin ar an ábhar doiléir ón méid atá ráite aige go dtí seo. Tá sé soiléir, mar sin féin, go bhfuil sé dírithe ar Roe v Wade a chur ar neamhní agus tuigeann muid ar fad faoin tráth seo go dtéann Donald Trump ar aghaidh chomh fada agus is féidir leis lena gheallúintí a chomhlíonadh cuma cén dearcadh a bheidh ag an domhan ina leith.

Fág freagra ar 'Trump ag prapáil i gcomhair cosc a chur ar ghinmhilleadh'