Trump 2.0 faoi lán seoil le bliain agus an domhan curtha trína chéile aige

Tá Trump 2.0 faoi lán seoil le bliain anois agus an domhan curtha trína chéile ag Uachtarán na Stát Aontaithe. Ní féidir le haon dream dóigh a dhéanamh dá mbarúil go mbeidh tacaíocht a thíre acu feasta, a deir Donald Trump. Chomh maith le bagairtí sa Veiniséala agus in aghaidh na Graonlainne tá Trump ag […]

Trump 2.0 faoi lán seoil le bliain agus an domhan curtha trína chéile aige

Tá Trump 2.0 faoi lán seoil le bliain anois agus an domhan curtha trína chéile ag Uachtarán na Stát Aontaithe. Ní féidir le haon dream dóigh a dhéanamh dá mbarúil go mbeidh tacaíocht a thíre acu feasta, a deir Donald Trump. Chomh maith le bagairtí sa Veiniséala agus in aghaidh na Graonlainne tá Trump ag tabhairt le fios nach miste leis má thagann deireadh le hEagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO).

‘Níl an oiread suime agam níos mó i gcur chun cinn na síochána,’ a dúirt sé an tseachtain seo ó tharla nach bhfuair sé duais Nobel na síochána. Tá ord nua domhanda ag teastáil, a deir Howard Lutnick, Rúnaí Tráchtála na Stát Aontaithe, an tseachtain seo i Davos. Ach cé a rachaidh i bun an oird nua sin? An bhfuil an Eoraip réidh, ar deireadh thiar, lena ról ar an stáitse domhanda a neartú agus dúshlán an Tí Bháin a thabhairt?

Tar éis an dara cogadh domhanda tháinig Stáit Aontaithe Mheiriceá chun cinn mar cheannaire idirnáisiúnta nuair a bhí siad in ann a gcuid airgid a úsáid le tacú leis an nGearmáin dheighilte a mhaoiniú, le tíortha eile san Eoraip a atógáil agus le tacú le hEagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh. Cuimhníonn muid ar fad ar an ngrianghraf as Yalta a léirigh na ceannairí nua domhanda – Roosevelt, Stalin agus Churchill agus iad ag plé roinnt na creiche eatarthu.

Dá mbeadh an pictiúr sin le tógáil inniu cé a bheadh ann – Trump, Putin agus Uachtarán na Síne? Nó an mbeadh Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer san áireamh? Ar cheart go mbeadh Macron nó Merz ann? Dá mhéid a cuid cainte go poiblí níl aon ról poiblí ag Ursua von der Leyen mar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh i gcúrsaí gnóthaí eachtracha mar nach bhfuil aon seasamh ná polasaí oifigiúil aontaithe ag an AE ar na cúrsaí sin. Sin díreach atá curtha i leith an Aontais ag Trump an tseachtain seo, nach bhfuil siad aontaithe agus gur beag fiúntas a bheidh iontu i gcás na Graonlainne.

Cé a bheidh sásta labhairt amach agus dúshlán Trump a thabhairt nuair a fhógróidh sé go bhfuil fonn air forghabháil a dhéanamh ar thíortha eile? Cé atá sásta a admháil nach féidir muinín a chur in aon chomhghuaillíocht idir na Stáit Aontaithe agus an Eoraip níos mó?

Cé go bhfuil sé dírithe ar thíortha taobh amuigh de theorainneacha a thíre féin faoi láthair is ar mhaithe le hairgead a chruinniú do Mheiriceá na taraifí agus na ciorruithe agus an soláthar breise ola as Veiniséala. Tá deacracht aige an costas maireachtála a laghdú ar phobal na Stát Aontaithe, ceann de na geallúintí is mó a thug sé nuair a toghadh é don dara téarma.

Tuigeann ceannairí polaitiúla na hEorpa é seo agus ba cheart go mbeidís sásta aird a tharraingt air. Níor cheart go nglacfaidís leis an síorcháineadh ó Washington. Ba cheart go mbeidís sásta a thabhairt le fios go bhfuil tábhacht le comhghuaillíochtaí traidisiúnta agus le comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta.

Ní theastaíonn ón Eoraip filleadh ar an stair agus ar na teannais san am a caitheadh. Caithfidh siad seasamh a ghlacadh dá réir. Cuimhnímis go bhfuil trí bliana eile de Trump 2.0 romhainn amach – cá bhfios céard a bheartóidh sé a dhéanamh i rith na mblianta sin lena lucht tacaíochta MAGA a choinneáil leis.

Fág freagra ar 'Trump 2.0 faoi lán seoil le bliain agus an domhan curtha trína chéile aige'