Trí scannán eile le déanamh ag TG4 faoi shaol ‘An Cailín Ciúin’

Ghlac Bord TG4 an mhí seo leis an bplean trí scannán eile a dhéanamh bunaithe ar shaothar iomráiteach Choilm Bairéad

Trí scannán eile le déanamh ag TG4 faoi shaol ‘An Cailín Ciúin’

Tá sé i gceist ag TG4 tríológ scannán a bhunú ar An Cailín Ciúin, an scannán mór le rá a bhí ainmnithe do ghradam Oscar na bliana seo.

‘An Cailín Ciúin-iverse’ atá á thabhairt ar phlean TG4 ‘franchise’ a bhunú ar na scannán Gaeilge is mó rath riamh.

Tuigtear do Tuairisc go leanfaidh na scannáin eile saol Cháit i ndiaidh eachtraí An Cailín Ciúin agus gurb é an chríoch atá beartaithe don tríológ ná go mbeadh sí ina bean rialta in ord tostach.

Tuigtear gur ghlac Bord TG4 an mhí seo leis an bplean trí scannán eile a dhéanamh bunaithe ar shaothar Choilm Bairéad, saothar ar éirigh leis breis is €3 milliún a shaothrú ag Oifig na dTicéad ar fud an domhain.

Is iad na teidil oibre atá ar na scannáin eile ná An Cailín Níos Ciúine (The Quieter Girl), An Cailín is Ciúine (The Quietest Girl), agus An Cailín Ciúin ina Tost (The Quiet Girl in Silence).

Dúirt foinse amháin le Tuairisc go bpléifeadh an tríológ nua téama an chiúnais siar amach go deireadh agus gur “tost iomlán” a bheidh sa scannán deireanach “taobh amuigh de roinnt Béarla a bheidh riachtanach don phlota”.

Níl mórán sonraí ar fáil go fóill faoi phlota na scannán leantach, ach dúradh le Tuairisc gur saol “lán d’eachtraíocht” a bheidh ag ‘cailín ciúin’ an bhunsaothair.

Tá sé i gceist na scannáin a thaifeadadh sa Ghaeltacht, agus dúradh gur “tírdhreach álainn na Gaeltachta is mó a bheidh ag caint linn” sna saothair nua.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh breis is €3 mhilliún déanta sna pictiúrlanna ag An Cailín Ciúin, an chéad scannán Gaeilge a fuair ainmniúchán Oscar.

Beidh TG4 ag súil teacht i dtír anois ar cháil An Cailín Ciúin leis na scannáin nua.

Ach maoiniú a fháil, táthar ag súil le tús a chur le taifeadadh An Cailín Níos Ciúine ar an 1 Aibreán 2024.

Fág freagra ar 'Trí scannán eile le déanamh ag TG4 faoi shaol ‘An Cailín Ciúin’'

  • Carraig53@protonmail.com

    Cainteoirí dúchais go bhfuil cumas sár-aisteoireachta iontu a fhostú.

  • Máire Uí Dhufaigh

    Amadán Aibreán!!

  • An tAmergíneach

    Hahaha